Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gearrscéalta

  • 05-06-2020 12:01am
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭


    Thosaigh mé ag ath-léamh "Gearrscéalta an Chéid" le déanaí. Bhí sé mar chuid den chúrsa Gaeilge againn sa 2ú Bliain san ollscoil (Teangabháil, Bullaí Mhártain, Nóra Mharcais Bhig, Athair, mar shampla) agus chuaigh mé i dtaithí ar sraith eile scéalta thar na blianta mar go raibh mé ag cabhrú le daltaí eile.

    Scéal nach bhfaca mé riamh ar an siollabas ná "Blimey! Peaidí Gaelach Eile!" le Síle Ní Chéileachair. Níl an iomarca eolas breise le fáil faoi ar an Idirlíon.

    Níl a fhios agam an dtuigim i gceart é, nó deireadh an scéil ar a laghad. Má tá sé léite ag éinne anseo bheadh sé go deas comhrá a dhéanamh air.

    Ón méid a thuigimse, baineann sé le fear meán-aosta, Mícheál, agus é ar tí dul ar imirce go Sasana. Ní féidir leis fanacht agus streachailt leis an bhfeirmeoireacht sna sléibhte sa bhaile, níor réitigh sé go ró-mhaith lena thuismitheoirí fad is a bhí siad beo, agus níl sé pósta. Níor thuig a athair faic ach obair chrua agus tuilleamh airgid. Bhí uncal aige, Micil, a bhí meas a mhuintirse air mar "laoch", ach tá a anam i Liombó de bharr rud éigin nach bhfuil soiléir dom. An raibh baint aige leis an sagartóireacht?

    Ag an deireadh, tar éis dó admháil go bhfuil tírdhreac fíor-álainn á thréagaint aige, buaileann Mícheál le Pead agus Diní Pheadair. Cheap mé go raibh Diní ag cabhrú le Mícheál, ach ansin bíonn sé maslach leis. Leanann Mícheál isteach as teach é. An bhfuil nod ann go mbeidh troid eatarthu? Nílim cinnte, is mar sin níl a fhios agam cén ceacht atá le foghlaim ón scéal.

    B'fhéidir go ndéanfaidh an tríú léamh an difríocht dom. Bhí "Bullaí Mhártain", ó pheann dheartháir Shíle, Dónall Ó Céileachair, i bhfad níos soiléire dom.


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    "Beirt Eile" le Máirtín Ó Cadhain a bhí agam inniu. Chaith mé neart ama leis agus mé ag brath ar an bhfoclóir go minic. Bhí samplaí ann ó chanúint áitiúil Chois Fharraige nach raibh ar eolas agam agus uaireanta ní raibh mé cinnte an raibh an scéal agam i gceart.

    Ansin d'aimsigh mé aistriúchán ar JSTOR agus bhí ionadh orm gur thuig mé é gan aon dul amú! :eek: Is beag an tsúil a bhí agam go mbeadh an carachtar, Micil (arís!) chomh scanrúil sin. Tá sé uafásach dorcha. Fanfaidh sé liom, gan amhras, agus beidh orm tuilleadh ó pheann an Chaghnaigh a léamh go luath.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ceithre scéal inniu. "Deora Dé" le Diarmaid Ó Súilleabháin ar dtús. An scéal is giorra sa leabhar, ach ábhar mhíol mór machnaimh. Nua-aoiseach sa chaoi a léiríonn sé brionglóidí Sheáin agus a imní i leith a dheartháir, Séamas.

    "An Filleadh" le Pádraic Breathnach. Léigh mé an scéal seo anuraidh nuair a bhí mé ag cabhrú le mac óg léinn. Thaitin sé go mór liom an uair sin agus thaitin sé arís liom inniu. Tugann an t-údar léargas iontach duit ar an gcuraíocht inmheánach a théann le droch-shláinte intinne. Ceistíonn an príomh-charachtar gach rud sa saol agus déanann sé an-iarracht breith ar dhóchas éigin ar a bhféadfadh sé saol a thógáil.

    "Mo Chathair Ghríobháin" le Dara Ó Conaola. Ceann saghas aisteach. An-nua-aoiseach, teibí nó meitifisiciúil b'fhéidir. Siomblachas i ngach rud. Beidh orm é a léamh arís chun brí a bhaint as.

    Tá an spraoi agus súgradh céanna le feiceáil i "Na Quizmháistrí" le Seán Mac Mathúna freisin. Rinne mé staidéir ar an gceann sin fadó fadó, nó ar a laghad lig mé orm gur dhein! Ní dóigh liom gur léigh mé gach leathanach de sa choláiste, agus gur dheineas srachfhéachaint ar sleachta as roimh an scrúdú. Feicim anocht gur chaill mé amach ar scéal iontach an tráth sin! Tosaíonn sé go simplí, éiríonn sé greannmhar, agus téann an greann i dtreo an osréalachais go dtí is go mbraitheann tú míchompord an scéalaí roimh an deireadh. Cur síos áiféiseach ar saol na scoile. :D


Advertisement