Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Mo thuras is úire

  • 17-02-2010 1:39pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    Dia dhaoibh,

    bhí mé in Éirinn ón 31ú Eanáir go dtí an 8ú Feabhra, i gcathair na Gaillimhe, i dTrá Lí agus gCorca Dhuibhne agus ar ndóigh faoi choinne eitilt i gcathair Bhaile Átha Cliath.

    Arís, thug mé faoi déara go bhfuil an Ghaeilge tuiscthe sách-mhinic i gcathair na Gaillimhe i gcomórtas leis na mbailte móra Éireannaigh eile. An uair seo, bhí an Ghaeilge saghas uile-láithreach i mo haithris agus mise ag baint úsáid as mo chuid Gaeilge.
    Lá amháin, thug mé cuairt ar an Spidéal chun aithris a fháil den Ghaeilge ansiúd. I dteach tábhairne, chuala mé beagán Gaeilge agus i lán Béarla. Thuig fear an tí mé as Gaeilge. Sa tsiopa Spar, thuig an bhean mé chomh maith. Ach ní raibh muintir na háite cáirdiúil. Níor éirigh liom comhrá réasúnta a fháil. Agus i tigh Supermac, bhí fúm uachtar reoite a cheannach. Ansiúd, níor thuig siad Gaeilge. D´iarr mé arís orthu:"An dtuigeann tú mé?". D´imigh mé liom agus dúirt mé "Tá muid sa Ghaeltacht!". Ní raibh mé sásta aon Bhéarla a labhairt laistigh na Gaeltachta mura gá é go hiomlán. As an gcúis sin, chuaigh mé isteach chuig an tsiopa Spar.

    I dTrá Lí, chuaigh mé chuig oifig árachais chun mo nóta 50 € a bhriseadh. Bhí an banc dúnta cheana féin. Agus tuigeadh mé as Gaeilge. Chuir an fear ceist ar bhean éigin as Gaeilge an bhfuil nótaí níos lú aici. Ansin chuaigh mé isteach chuig an oifig turasóireachta. Agus dúirt mé go bhfuil mapa an bhaile ag teastáil uaim as Gaeilge. Thuig siad mé. Níl mé cinnte gur thuig siad an focal "mapa" nó ar thuig siad go réasúnta an abairt. Roimh, thug mé an bheannacht dóibh mar atá "Dia dhuit. Conas atá tú?" Fuair an freagra "Tá mé go maith."

    Thaispeáin bean Chonradh na Gaeilge a bhfuil aithne agam uirthi i dTrá Lí an ceantar Chorca Dhuibne dom. Bhí mé san ollmhargadh SuperValu sa Dhaingean. Chonaic mé fógra "Gnó as Gaeilge ar fáil anseo" agus san am céanna, fógra eile le habairtí poiblíochta ar son an ollmhargaidh as Béarla amháin. Seo comhbhréagnú! Ba chóir Gaeilge amháin a bheith le fáil istigh agus aistriú go Béarla le litreacha beaga! Cad faoi aistriú SuperValu go Gaeilge, mar a bheadh "AnLuach" :)
    Is bailte uaigneis a chuala mé thiar ón nDaingean! An Daingean, tá sé fós ceart go leor. Ach níor mhian liom cónaí níos faide thiar! Tá sé ró-uaigneach dom cé go raibh fógraí as Gaeilge amháin le fáil ansíud i gcúpla baile beag. Sa Dhaingean, chonaic mé roinnt mhaith fógraí as Gaeilge ar siopaí agus tithe ósta go fóill. Fiú amháin i dTrá Lí, chonaic mé cúpla fógra as Gaeilge.

    Ní thuigfidh mé riamh nach bhfuil mórán Gaeilge ag formhór na n-Éireannach cé gur ábhair dualgais atá sa Ghaeilge ar scoil. Ní aontaím le muintir in éadan na Gaeilge, ach sa phointe amháin. Is cur amú airgid agus ama go deo é múineadh na Gaeilge i gceann 12 bliain má tá na torthaí chomh bocht is a bhí siad go dtí inniu as. D´fhéadfaí cuid mhaith airgid a chur sa tine freisin, nuair a chuirim na torthaí sin i gcomórtas leis na cinn as mo fhoghlaimse an Bhéarla agus na Fraincise ar scoil. Do scríobh muid aistí as Béarla san 5ú agus 6ú bliain an mhúinidh. Agus bhí Fraincis sách-mhaith agam tar éis dhá bhliain fhoghlaim na Fraincise! Ar an taobh eile, bhual mé le hiar-Ghaeldhaltaí i measc cuairteoirí i gClub Chonradh na Gaeilge agus dteach tábhairne áirithe i nGaillimh ar bhain úsáid go réasúnta as a gcuid Gaeilge.

    Beirigí bua, Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 476 ✭✭Nuggles


    Cuireann duine mar seo pian orm.

    Cinnte, bhí tú sa Ghaeltacht, agus cinnte labhraítear Gaeilge ann. Ach ní thuigeann mé cén fáth a cheapann daoine go má cheart go mbeadh Gaeilge ag gach duine. Tá cead ag daoine gan Gaeilge cur fúthu ann, post a fháil ann agus ní chuireann sé pian ar bith orm siúl isteach i Supermacs sa Spidéal agus Béarla a labhairt le duine nach bhfuil Gaeilge acu.

    Is rud iontach é an Ghaeilge a spreagadh agus í a labhairt. Is rud eile go hiomlán é a bheith droch-mhúinte le duine mar nach bhfuil an teanga acu. Tugann sé íomha uafásach do chainteoirí Gaeilge.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ba chóir dúinn a bheith mímhúinte le lucht gnó gur cuma leo faoi theanga dhúchais a gcuid chustaiméirí - sin an t-íomhá atá leithéidí Supermacs sásta a chur amach. Tá tú buartha faoi íomhá cainteoirí Gaeilge- bhuel ní féidir an t-íomhá reatha acub a bheith níos measa - daoine gur cuma leo faoina dteanga féin, atá sásta go bhfuil Béarla ag glacadh seilbh ar a mbailte, agus Gaeilge a ligeadh fáil báis mar theanga phobal.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Go raibh maith agat, a Phoill dhuibh! Lagann gach abairt Bhearla an Ghaeltacht! Ba cheart gan phost a thabhairt do heinne laistigh na Gaeltachta ach bunGhaeilge a bheith ag an duine fostaithe! Fiu amhain mas lagGhaeltacht ata i gceantar eigin, is cosuil go bhfuil fos neart Gaeilgeoiri faoi lathair is mian leo Gaeilge a labhairt sna haiseanna aitiula. An te nach maith leis Gaeilge a fhoghlaim, ni chaithfidh se a oibriu i gceantair Ghaeltachta! Gar don Ghaeltacht, ba choir aon Ghaeilgeoir a bheith ar fail i gconai i siopai mora le haghaigh tigh SuperMac. Gabhaigi mo leithsceal, ni feidir leis an riomhaire ataim ag scriobh anois fadai a thaispeaint go ceart. Slan agus beannacht, Ale


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Cuireann an snáithe seo fógra in intinn dom, a chonaic mé ar TG4 anuraidh. Bhí Des Bishop ag caint dúinn faoi rud éigin, ach ag an deireadh, bhí teachtaireacht aige:

    "An Ghaeilge- is é do rogha í a labhairt, is é do cheart í a úsáid."

    Tá sé sin fíorthábhactach. Tá rogha againn an Ghaeilge a labhairt. An ndéarna sibh dearmad nach dtaitníonn leis an chuid is mó daltaí sa tír seo go bhfuil ranganna Ghaeilge riachtanaigh acu ar scoil? Is fuath leo go bhfuil orthu an teanga a fhoghlaim i gcoinne a dtoil. B'fhéidir go spreagfar suim sa teanga iontu tar éis tamall, ach má bhíonn Ghaeilgeoirí míleatach ag cur amach dóibh faoina lochtanna ní tharlaíonn sé sin riamh.

    Chríochnaigh mé le ranganna Ghaeilge anuraidh, agus tá mé i mo chónaí gar do "bhreac-Ghaelteacht". Mar sin ceapaim go féidir liom caint saghas go údarásach faoin ábhar seo. Baineann a lán daoine óga as an "gcúpla focail" go minic ina gcuid caint ginearálta, ach d'éiróidís ciúin dá mbeadh orthu an Ghaeilge amháin a úsáid le duine éigin. Cé go bhfuilim féin i mo (bhreac?-)Ghaeilgeoir, chuirfeadh sé olc orm muna bheadh duine éigin sásta Béarla a labhairt dom ar bith. Is cuma liom faoin athbheochan agus an gcultúr agus gach rud eile- is é an Béarla mo chéad teanga. Ní aithríonn sé sin RIAMH, agus ó am go ham ní bhím sásta teanga eile a labhairt- go háirithe nuair a chuireann duine ionadh orm nuair a labhraíonn said teanga amháin go stuacach (nílim ag ionsaí thú, AlexderFranke, buailim le daoine mar seo anois is arís).

    Sa chaoi céanna, tá aithne orainn go léir ar an duine neamh-spórtúil ar scoil. B'fhuath leis gach neomat den rang corpoideachais ar scoil, agus bhí áthas an domhain air nuair a chríochnaigh sé leo go deo. B'fhéidir go dtosóidh sé ag rith nó ag imirt peil so todhchaí, ach ní dhéanann sé cinneadh mar sin ach in a h-aonar. Dá mbeadh daoine i gcónaí ag iarraidh é a thabhairt go dtí an giomnáisiam leo áfach, ní dhéanfadh sé faic.

    Is trua nach labhraíonn níos mó daoine Gaeilge sna Ghaelteachta, agus taobh amuigh dóibh, ach tá an cheart acu é sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge taitneamhach, seachas riachtanach.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Tá sé sin ceart den chuid. Is é an rogha agus an ceart an Ghaeilge a úsáid, ach amháin má tá Gaeilge ag an bpearsa os do chomhair. Lasmuigh den Ghaeltacht, go háirithe fad uaithi, caithfidh muid a ghlacadh leis an réaltacht ar chruthaigh an stair. Sna ceantair sin, ní hí an Ghaeilge teanga an phobail go fóill.

    Ach chomh luath nach bhfuil an cinneadh déanta ag muintir na Gaeltachta go soléir a chríochnú leis an nGaeilge agus an nGaeltacht, is teanga na tíre agus gnáth-theanga de roinnt mhaith dhaoine í an Ghaeilge. Mar sin, níl cead ag conaitheoirí agus daoine gnó ansiúd gan Ghaeilge a fhoghlaim agus a thuiscint. Is dualgas dóibh é an Ghaeilge a fhoghlaim. Pointe.

    Mar a dúirt mé cheana, bíonn an rogha ag gach dhuine nach maith leis an Ghaeilge a fhanacht lasmuigh den Ghaeltacht. Bíonn an Ghaeltacht go beag agus na ceantair eile go mór.

    Lasmuigh den Ghaeltacht agus go háirithe i gceantair gan chomharsanacht na Gaeltachta, ba chóir a ghlacadh leis an rogha gan an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim, fiú amháin mura dtuigim an rogha sin déanta ag saoránach Éireannach.

    Chuir mé aithne ar fhear i gcathair na Gaillimhe is fuath leis an Béarla anois cé go raibh sé tógtha trí mheán an Bhéarla.

    Beirigí bua, Alex


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh



    "An Ghaeilge- is é do rogha í a labhairt, is é do cheart í a úsáid."

    Má tá ceart ag cainteoirí Gaeilge í a úsáid, ciallaíonn sín go bhfuil dualgas ar gnólachtaí atá ag feidhmiú sna Gaeltachtaí seirbhís Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí. Glacaim go bhfuil rogha ag gach daoine cén teanga a labhraíonn siad go pearsanta. Ach má tá tú ag ofráil seirbhís don phobal mar ghníomhaireacht stáit nó mar ghnó príobháideach sa Ghaeltacht tá tú ag déanamh éagóir ar an bpobal Gaeilge muna dhéanann tú cinnte go bhfuil tú ag freastal orthu ina dteanga féin.


  • Registered Users Posts: 476 ✭✭Nuggles


    An te nach maith leis Gaeilge a fhoghlaim, ni chaithfidh se a oibriu i gceantair Ghaeltachta!

    Wow, tá sé sóiléir nach bhfuil mórán eolais agat ar cúrsaí fostaíochta sa tír seo.

    Tá comharsan agamsa nach bhfuil mórán Gaeilge aici, tá sí ag foghlaim ach níl sí sách líofa le comhrá fada a choinneáil. Níl mise chun a bheith drochmhúinte le bean agus Gaeilge a labhairt leí nuair atá a fhios agam nach dtuigfeadh sí mórán a bheadh á rá agam, díreach mar go bhfuil an bheirt againn ina sheasamh sa Ghaeltacht.

    Tá an chuma ar Alex gur cheann den na cainteoirí is measa é. Ceann dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a bhrú i bpus gach duine a chasann sé leis.

    B'shin an chaoi a d'fhoghlaim go leor daoine Gaeilge ar scoil, í á bhrú ina scornach ag múinteoirí.
    B'shin ceann de na fáthanna nach maith le daoine an teanga.
    B'shin an íomha a ceart deireadh a chur leis.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Bhí an smaoineamh céanna agamsa, ach ceapaim gur theip orm é a mhíniú go soiléir. Bhí mé ag iarraidh a rá nach ndéanfar dul chun cinn ag an teanga mura bhéifaí foigneach le daoine, nó rud mar sin. Cinnte, ba cheart go labhrófaí Gaeilge sa Ghaeltacht, ach dá chloisfinn Béarla ann, ní chuirfeadh sé fearg orm (is bréa liom an M.C.:D). Ar aon nós, níor mhaith liom saghas "reverse-ghetto" (táim cinnte go bhfuil nath ceart ann ach níl faic in intinn agam, gabh mo leithscéil) a feiceáil- áit do daoine líofa amháin, gan fáilte roimh an gcainteoir Béarla.

    I mo thuairim féin, ceapaim go bhfuil todhchaí an Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí, ach sin ábhar eile.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Is difríocht atá ann idir dhaoine fostaithe, go háirithe iad sin le teagmheáil le custaiméirí, chónáitheoirí agus, deirimid, thurasóirí. Ní bheinn ag súil le Gaeilge a bheith ag turasóirí lastigh na Gaeltachta. Ach ba cheart é a bheith coitianta go bhfuil neart Gaeilge ag daoine atá ag oibriú i dteagmháil le custaiméirí sa Ghaeltacht nó atá ina gcónaí le tréimhse níos faide. Níl i gceist agam gur chóir Gaeilge ar fheabhas a bheith ag gach dhuine ansiúd. Seo rud a bheinn ag súil leosan úd atá ag oibriú nó ina gcónaí le fada sa Ghaeltacht. Níl aon dhabht ag éinne faoi rialacha iompar mar sin i dtíortha le mórtheanga iontu.

    Ar an taobh eile, is le gach Ghaeilgeoir líofa nó dúchais a bheith foighneach agus cáirdiúil le foghlaimeoirí níos mí-oilte. Ba cheart a fhéach le gnáthú na Gaeilge sa Ghaeltacht ar nós na Catalóine.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Aon uair i nGaillimh, d´imigh beirt mhná óga ón mbialann a raibh mise ag ithe béile inti. Dúirt mé díreach "Slán libh" agus iad ag dul thar an mbord ag a raibh mé i mo shuí. Ansin, dúirt ceann acu:"Oh, an bhfuil Gaeilge agat...". Ar aon chaoi, thug mé faoi déara go bhfuil go leor daoine le sách-Ghaeilge sásta í a labhairt leat ar fud na tíre nuair a thosaíonn tú ag labhairt as Gaeilge.
    Thairis sin, ní thug neart Éireannach faoi déara gur duine eachtrannach mé agus muid ag caint as Gaeilge!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Bhíos ag smaoineamh faoi sin. An bhfuil "gnáth"-chanúint áirithe agat, nó an labhraíonn tú an teanga le foghraíocht Géarmáinis?


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Gabh mo leithscéal, a Richard, go ndearna mé dearmad ar thabhairt freagra duit ar do cheist.
    Déarfainn go labhraim Gaeilge chaighdeánach na Gaillimhe.
    Bainim úsáid as na focail mar atá siad sa litriú caighdeánach agus foghraím ar nós mhórchanúint na Gaillimhe. Ní leanaim canúint áitiúil áirithe na Gaeltachta. Mar shampla, foghraím deartháir mar /deréhoa:r´/ agus ní dheirim /d´r´oa:r´/ mar atáthar i gcanúint áitiúil éigin Chonamara.
    Nuair a bhí mé in Éirinn, do smaoin cúpla duine gur as Conamara dom! Tháinig neart iontais orm mar is gnáthscéal é go mbíonn blas as do theanga dúchais suchloiste agat. Ní laghdaíonn an sé sin ach tar éis duit cleachtadh go dian i measc cainteoirí dúchais.
    Taobh eile, níl blas Bhéarla na hÉireann agam as mo theanga dúchais. B´fhéidir gurb í seo an chúis gur chosúil le cúpla Éireannach gur as Conamara dom. Ach tugann na cainteoirí dúchais Gaeilge faoi déara ar an bpointe gur foghlaimeoir mise.

    Slán agus beannacht, Alex


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Tá sé sin an-suimiúil. Go raibh maith agat.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Nach bhfuil sé feiliúnach an lá atá inniu ann Gaeilge sách-chaighdeánach a úsáid, gan trácht ar mhuintir cheantar éigin na Gaeltachta atá in aithne le a chéile? Dar liomsa, is seafóid í canúint áitiúil cheantar amháin na Gaeltachta a fhoghlaim mar dhuine gan chónaí laistigh den Ghaeltacht. Agus is daoine cúngaigeanta iad muintir na Gaeltachta sin atá ag smaoineamh nach fíorGhaeilge atá ann ach go díreach canúintí áitiúla na Gaeltachta. Tá Gaeilge ag teastáil uainn atá sothuigthe ag gach Ghaeilgeoir toisc go bhfuil formhór an dhaonra soghluaiste inniu.


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Nach bhfuil sé feiliúnach an lá atá inniu ann Gaeilge sách-chaighdeánach a úsáid, gan trácht ar mhuintir cheantar éigin na Gaeltachta atá in aithne le a chéile? Dar liomsa, is seafóid í canúint áitiúil cheantar amháin na Gaeltachta a fhoghlaim mar dhuine gan chónaí laistigh den Ghaeltacht. Agus is daoine cúngaigeanta iad muintir na Gaeltachta sin atá ag smaoineamh nach fíorGhaeilge atá ann ach go díreach canúintí áitiúla na Gaeltachta. Tá Gaeilge ag teastáil uainn atá sothuigthe ag gach Ghaeilgeoir toisc go bhfuil formhór an dhaonra soghluaiste inniu.

    Is mór an peaca go bhfuil a leithéid de dhearcadh agat ar chúrsaí a bhaineann le mo thír dhúchais. Cuireann sé áthas orm ar chluinsint go bhfuil tú ar ais ar do fhód dúchais sa Ghearmáin agus tá súil agam go mbeidh rudaí eile le déanamh agat ansiúd a bhaineann leat seachas rudaí dhiúltacha a scríobh maidir le Gaeilge na hÉireann agus mo thír dúchais.

    Níl aon chanúint agat seachas an Ghaeilge 'sách-chaighdéanach' atá tú a moladh agus b'fhearr liomsa steachailt liom agus canúint bhlasta a fhoghlaim agus a bhaint amach seachas an sórt Gaeilge atá tú féin sásta léi. B'fheidir nach bhfuil do 'EGO' sásta glacadh leis nach bhfuil Gaeilge mhaith i ndán duit agus mar sin ba mhaith leat a smaoineamh go bhfuil Gaeilge den chéad scoth agat? :rolleyes:

    Tá súil agam go mbeidh tú in ann caitheamh aimsire eile a fháil agus go deimhin tá go leor mionteangachaí eile amuigh ansin is féidir tabhairt aghaidh air...;) Ní theastaíonn do leithéid uainn. Tá neart Éireannaigh le positive attitude i leith na Gaeilge agus is cuma fút.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Ní faoin Éireann a raibh mé ag scríobh go diúltach, ach faoi saghas éigin daoine. Laistigh de ghach mhiontheanga, tá caointeoirí dúchais cúngaigeanta ar fáil nach dtuigeann gur fiú do ghach theanga caighdeán idiráitiúil a chur ar bun.
    Ní smaoinim go bhfuil Gaeilge den scoth agam. Thairis sin, is cosúil go mbraitheann sé den chuid ar an tuairim phearsanta cad is Gaeilge den scoth ann. Ach ní fhoghlaimeoinn féin canúint dlúth-áitiúil.
    Má mhothaíonn tú go fóill mar churtha as duit, is amadán de dhuine atá ionatsa, a Phoig it.


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Ní faoin Éireann a raibh mé ag scríobh go diúltach, ach faoi saghas éigin daoine. Laistigh de ghach mhiontheanga, tá caointeoirí dúchais cúngaigeanta ar fáil nach dtuigeann gur fiú do ghach theanga caighdeán idiráitiúil a chur ar bun.
    Ní smaoinim go bhfuil Gaeilge den scoth agam. Thairis sin, is cosúil go mbraitheann sé den chuid ar an tuairim phearsanta cad is Gaeilge den scoth ann. Ach ní fhoghlaimeoinn féin canúint dlúth-áitiúil.
    Má mhothaíonn tú go fóill mar churtha as duit, is amadán de dhuine atá ionatsa, a Phoig it.

    Ní gá do agus ní 'fiú' ar chor ar bith 'caighdeán' leamh a chur ar bun atá bunaithe ar leagan foghraíochta 'sothuigthe' ar a dtuganns tú féin air chun go mbeidh sé níos éasca ort foghlaim agus labhairt go nádúrtha! Cén sórt leisce agus ego atá agat? Níl tuiscint ar bith agat ar an saibhreas a bhaineann leis an nGaeilge.

    Déan iarracht teacht isteach ar an gcanúint seachas ag déanamh moltaí atá diúltach agus seachas bheith ag tabhairt masla do chainteoirí dúchais atá 'cúngaigeanta srl. DAR LEAT.

    Tá an t-ádh ort nach bhfuil mo chuid Gaeilge níos fearr ná atá go fóill.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium




    :D

    Nach bhfuil caighdeán leamh sothuighte múinte sna scoileanna cheana? Is gá agus is fiú caighdeán a bheith againn, conas a mhúinfeá an teanga ar fud na tíre gan rud mar sin?! Anuas ar sin níl sé ag laghdú an teanga nó ag déanamh scrios uirthí. Bhí orm foghlaim conas Dr. Seuss a léamh sular raibh mé in ann Shakespeare (agus "saibhreas" eile an Bhéarla) a léamh agus a thuiscint, i ndeireadh na ndála.

    Mura thuig mé bhúr dteachtaireachaí, is cuma liom i ndáiríre. Táim ag éirí bréan de chrostacht an snáithe seo ar aon nós. Tá mé críochnaithe leis.


Advertisement