Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tá mé tar éis filleadh ón Éirinn

  • 25-07-2018 6:03pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    Bhí mé mar dhuine deonach ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach arís agus thairis sin, sa Ghaillimh. I Sráid na Cathrach, thug mé faoi déara arís go bhfuil i lán Gaeilge ann faoin dromchla (surface). I measc fhoireann eagraithe na Scoile Samhraidh, bhí dóthain Gaeilge le caint ar cúrsaí laethúla ag gach dara, b'fhéidir. Buailtear le drogall ar an nGaeilge go hannamh. Bíonn i bhfad níos lú daoine gan aon chumas ar an nGaeilge i measc mhuintir na háite ann ná, mar shampla, timpeall BhÁC. Bhí mé ag céílí dhá uaire agus do labhair mé Gaeilge go spontáineach i dtreo na ndaoine. Labhraíodh Gaeilge ar ais go sách-mhinic. Uair amháin, shíl bean gur Gearmáinis a bheinn ag labhairt agus do labhair sí Gearmáinis ar ais ar thuig mé go paiteanta, ar ndóigh;)
    Sa Ghaillimh, ní bhíonn sé deacair deis a fháil le comhrá a dhéanamh as Gaeilge, i siopa nó caife ar bith, mar shampla. Bualadh le daoine a bhfuil Gaeilge líofa agus le blas an-Ghaelach acu ar nós cainteoirí dúchais, sin scéal eile.

    Bhí mé i gConamara, freisin. Má tá Gaeilge réasúnta agat, labhairtear Gaeilge ar ais den chuid is mó. An bhliain seo caite, bhuail mé isteach chuig siopa bia in Indreabhán. Cé gur cinnte gur thug bean taobh thiar den chuntar faoi deara nach duine na Gaeltachta mé féin, níor athraigh sí go Béarla. Cúpla bliain ó shin, bhuail mé isteach chuig teach ósta sa Spidéal. Do labhair an t-óstach Béarla ar ais In ainneoin gur thuig sé go soléir mé. Níos déanaí, chuaigh mé isteach chuig siopa bia. Tar éis dom labhairt Gaeilge, labhair bean an tsiopa Gaeilge ar ais agus chuir sí freagra ar mo cheist, ach ní bhí sí cáirdiúil agus do labhair sí thar a bheith scioptha in ainneoin gur thug sí faoi deara go cinnte nach cainteoir dúchais mé féin. Ach i mbliana agus an bhliain seo caite, is deá-thaithi ar tháinig chugam i gConamara. Seo mo chomhairle do mhuintir na Gaeltachta: Labhraigí go soléir agus go sách-mhall mura ndóigh leat go cinnte gur chainteoir a bhfuil líofacht aige nó aici ar nós cainteoirí dúchais é nó í an phearsa os do chomhair. Agus bíodh misneach agaibh an teanga a labhairt go spontáineach gach áit sa Phoblacht agus a chur in iúl gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta.

    Sa rang Gaeilge ardlebhéil, bhíodh idir beirt agus ceathrar déagóirí ann i measc idir 10 agus 15 duine. D'inis cailín atá 15 bliain d'aois go labhreann sí Gaeilge le roinnt cairde.

    Le deá-mhéin, Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 1,854 ✭✭✭deirdremf


    Go raibh maith agat as ucht an méi sin thuas.
    Is deas an rud é cloisteáil faoi thaithí eachtrannaigh, ar nós thú féin!


Advertisement