Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Céard a chuir gliondar ort inniu?

  • 02-01-2018 8:00pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭

    Athbhliain faoi mhaise daoibh, a chairde Gael. :)

    Ionas nach bhfaighidh an fóram seo bás go ró-luath, cheap mé go mbeadh sé go deas cupla snáithe nua a thosnú. Beimid in ann smaointe fánacha a chur anseo gan an iomarca stró.

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Mar sin, ceann bog éadrom chun tosnú!

    Táim leath-mharbh leis an fliú faoi láthair, ach fós ní féidir a bheith buartha nuair a thagann an cat isteach. Is í Kitty an t-ainm atá uirthi, agus tá sí go gleoite. :)

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Chuir turas go Baile Átha Cliath agus Sléibhte Chill Mhantáin gliondar orm cúpla lá ó shin.
    Bhí mo 40ú lá breithe á ceiliúradh agam an deireadh seachtaine seo caite.

    Tá súil agam go bhfuil tú ag aireachtáil níos fearr anois!

  • Registered Users Posts: 8,779 ✭✭✭Carawaystick

    Chonaiceas na fograí nua a chur Comhairle Condae Fhine Gall suas faoin spás meadar go leith is ceart go bíodh ann idir carr agus duine ag rothaíocht

  • Registered Users Posts: 3,775 ✭✭✭KathleenGrant

    Fuair mise cárta inniu ó chara liom a thuig go bhfuair mé post nua.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Táim ag obair i scoil faoi láthair agus múinteoir i gceann de na ranganna ag cur an-bhéim ar fad ar an bhfilíocht. Glacann siad an deis gach lá "nonsense rhymes" a léamh ó leabhar amháin, agus scríobhann siad a ndánta féin gach tráthnóna. Tá spás acu sa seomra ranga chun chun dánta a chrocadh suas, agus a saothar féin a roinnt lena chéile. Tuigeann siad freisin gur féidir dán a scríobh gan a bheith ró-bhuartha faoi rím nó comhardadh. :) Tá sé go hiontach a leithéid a fheiceáil.

    Táimse tar éis mo chéad villanelle a scríobh inniu.

  • Advertisement

    Ní raibh tuairim dá laghad agam faoi villanelle go dtí inniú. Beidh mé ag déanamh taighde faoi. "Nonsense Rhymes" go iontach. Edward Lear, Lewis Carrol agus Spike Milligan. Is breá liom iad.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ní raibh tuairim dá laghad agam faoi villanelle go dtí inniú. Beidh mé ag déanamh taighde faoi. "Nonsense Rhymes" go iontach. Edward Lear, Lewis Carrol agus Spike Milligan. Is breá liom iad.

    Rinne mé taighde ar shaghsanna difriúla véarsaíochta le déanaí agus bheartaigh mé triail a bhaint as an villanelle agus an sestina. Beidh an dara stíl níos deacra a cur le chéile i gceart.

    Táim sona sásta inniu toisc gur bhuaigh m'fhoireann sacair cluiche leath-cheannais an Choirn. Chaill an club ár bpáirc bhaile dhá bhliain ó shin agus d'imir muid uirthi inniu don chéad uair le tamall fada. Bhí an fhoireann eile fíor-láidir ach níor éirigh leo cúl a aimsiú. Clean sheet domsa, agus dhá chúl d'ár lán-chúlaí ar chlé. Lá álainn i gcomhair cluiche sacair freisin.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Do chuir é seo gliondar orm Dé hAoine agus tá miongháire orm fós.

    https://twitter.com/SoccRepublic/status/989952420657577984

  • Registered Users Posts: 3,775 ✭✭✭KathleenGrant

    Chuir an aimsir álainn gliondar orm inniu. D'imigh mé ag siúl ar maidin agus d'ardaigh sé mo chroí bheith faoin aer.

Advertisement