Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cruach Phádraig

  • 29-07-2007 9:44am
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    B'fhéidir go bhfuil timpeall is fiche míle duine chun Cruach Phádraig a dreapadh inniu. An bhfuil siad go léir as a gcuid meabhair? Má tá Dia ann thuas, ní dóigh liom go bhfuil sé chun pointí bónas a thabhairt dóibh.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    De réir dealraimh tá Dia sásta leis na hoilithrigh mar chuir sé deireadh leis an doineann dóibh.


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Níl mise in ann Cnoc Phádraig anseo i lár chathair Chorcaí a dhreapadh gan bacaint leis an 762 méadar de Chruach Phádraig. :(


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    De réir dealraimh tá Dia sásta leis na hoilithrigh mar chuir sé deireadh leis an doineann dóibh.

    Sea is dóigh go ndearnadh siad íobairt fola de chúpla maighdean ag an mbarr chomh maith.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Bhuel, tá éinne a gcreideann i nDia as a meabhar sa chéad áit chun an fhírinne a rá, ach b'fhéidir de réir a gcreideamh go gceapann siad go bfhaigheann siad pointí bónas má dhreapann siad é?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    JC 2K3 wrote:
    Bhuel, tá éinne a gcreideann i nDia as a meabhar sa chéad áit chun an fhírinne a rá, ach b'fhéidir de réir a gcreideamh go gceapann siad go bfhaigheann siad pointí bónas má dhreapann siad é?


    Ní chreidimse i nDia ach an oiread, ach tá meas agam ar choincheap na hoilithreachta; féin-íobairt, disciplín agus féin-mhachnamh. Is féidir leo seo a bheith go maith do dhuine, ach ní gá aon Dia a bheith i gceist chun iad a chleachtadh.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    Sea is dóigh go ndearnadh siad íobairt fola de chúpla maighdean ag an mbarr chomh maith.

    Tá áthas orm a chloistéail go bhfuil na nósanna págánacha fós á chleachtadh acu.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    M&#250 wrote: »
    Ní chreidimse i nDia ach an oiread, ach tá meas agam ar choincheap na hoilithreachta; féin-íobairt, disciplín agus féin-mhachnamh. Is féidir leo seo a bheith go maith do dhuine, ach ní gá aon Dia a bheith i gceist chun iad a chleachtadh.

    Cén fáth?

    Chuala mé trácht deisbhéalach ó eolaí eicínt cúpla bliain ó shin is eisean ag rá go mbeadh sé níos cliste creidiúint i nDia agus a leithéid ar eagla go mbeadh sé fíor. Óir, mura bhfuil sé fíor is cuma, ach dá mba rud é go raibh sé fíor níor mhaith leat a bheith ina neamh-chreidmheach agus iad ag ligean isteach creidmhigh sa Neamh.......nó rud eicínt mar sin


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    ^Go n-éirí leat ag roghnú an creideamh ceart as na mílte atá ann leis an méad céanna fianaise - faic.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    Cén fáth?

    Chuala mé trácht deisbhéalach ó eolaí eicínt cúpla bliain ó shin is eisean ag rá go mbeadh sé níos cliste creidiúint i nDia agus a leithéid ar eagla go mbeadh sé fíor. Óir, mura bhfuil sé fíor is cuma, ach dá mba rud é go raibh sé fíor níor mhaith leat a bheith ina neamh-chreidmheach agus iad ag ligean isteach creidmhigh sa Neamh.......nó rud eicínt mar sin

    Ceapaim go bhfuil Naomh Peadar níos cliste ná sin. Tar éis dhá mhíle bliain tá mé cinnte go bhfuil sé in ann caimiléir a aimsiú ag na geataí naofa.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    JC 2K3 wrote:
    ^Go n-éirí leat ag roghnú an creideamh ceart as na mílte atá ann leis an méad céanna fianaise - faic.

    ó..gura míle


  • Advertisement
Advertisement