Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Cosc ar ghríosú chun fuath in éadan Gaelgeoirí molta ag CnaG

  • 12-07-2007 11:58am
    #1
    Registered Users Posts: 1,810 ✭✭✭


    Ó Lá (www.nuacht.com)
    Tá molta ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh, go mbeadh cosc ar ghríosú chun fuath in éadan Gaeilgeoirí clúdaithe faoi reachtaíocht.
    Faoi láthair tá sé mídhleathach fuath a ghríosú in aghaidh daoine ar naoi bhforas, mar atá, cine, dath, náisiúntacht, reiligiún, bunús eitneach nó náisiúnta, ballraíocht den lucht siúil nó claonadh gnéasach.
    De réir Mhic Chárthaigh, áfach, ba cheart go mbeadh gríosú chun fuath ar fhoras teanga clúdaithe san Acht Ghríosú chun Fuath 1989.
    Déanann an Roinn Dlí agus Cirt athbhreithniú ar an Acht gach dhá bhliain agus tá tús curtha acu leis an athbhreithniú is déanaí le tamall gairid anuas.
    Dheimhnigh an Roinn go bhfuil gríosú chun fuath sna meáin clúdaithe faoin acht.
    “Níl aon amhras ach gur gríosú chun fuath in éadan chainteoirí Gaeilge atá i gceist le go leor de na rudaí a scríobhtar agus a deirtear fúthu sna meáin,” arsa Mac Cárthaigh.
    “Má dhéantar iarracht a rá, ‘is Gaeilgeoir thú dá bhrí sin…’ is iarracht atá ann pobal a ionsaí agus a mhaslú agus fuath a spreagadh in éadan an phobail sin,” arsa sé.
    “Nuair a deirtear gur teanga mharbh í an Ghaeilge, an rud atáthar ag iarraidh a dhéanamh ná séanadh go bhfuil éinne in Éirinn in ann an teanga a labhairt agus dá bhrí sin nach bhfuil gá aon seirbhísí teanga a thabhairt dóibh.
    “Ní pobal dofheicthe sinn agus ba cheart go mbeadh cosaint againn ó ionsaithe dá leithéid.”
    Anuraidh craoladh taifead den láithreoir aitheanta, Aoife Ní Thuairisc, ar stáisiún raidió náisiúnta, agus rinne na láithreoirí ar an gclár magadh fúithi agus aithris uirthi agus í ag labhairt i nGaeilge.
    De réir Mhic Chárthaigh, ba shampla de ghríosú chun fuath a bhí ann, mar aon leis an eachtra anuraidh inar maslaíodh Daithí Ó Sé ar an gclár Charity You’re a Star, de bharr gur chainteoir Gaeilge atá ann.
    Tá an fhoráil chéanna ag an Press Council nua-cruthaithe cód chleachtais maidir le gríosú chun fuath is atá ag an Acht a ritheadh in 1989.
    Clúdaítear teanga áfach, in Airteagal 2 den Fhógairt Uilechoiteann Cearta Daonna mar cheann de na forais nach féidir idirdhealú a dhéanamh air.

    Cad a cheapann sibh? An bhfuil sé ina smaoineamh maith nó an fiú é in aon chor?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Níor chuala mé faoi na heachtraí luaite san alt roimhe seo. Ba chóir don Choimisiún Craolacháin na hÉireann bheith ag deileáil le mí-iompar seo trí cóid agus pionóis cuí.

    Níos tabhachtaí, ba cheart go mbeadh gríosú chun fuath ar fhir maola cludaithe san Acht freisin:D .


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Saoirse cainte, éinne?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:

    Níos tabhachtaí, ba cheart go mbeadh gríosú chun fuath ar fhir maola cludaithe san Acht freisin:D .

    Níor mhaith leat go mbeadh cead ag na mná áille sibh a dhiúltú, an ea? ;)


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Níl aon dealramh leis mar ráiteas.

    Scríobhann iriseoirí altanna aineolacha mar gheall ar an nGaeilge ach is leisce is cúis leis sin. Níl haon "ghríosú chun fuath" é. PC gone mad, mar a deir lucht an Bhéarla!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    Níor mhaith leat go mbeadh cead ag na mná áille sibh a dhiúltú, an ea? ;)

    Taitnionn go mor leis na cailini mo cheann lonrach agus de bharr sin bionn ead ar na stocaigh gruaigeach.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    JC 2K3 wrote:
    Saoirse cainte, éinne?

    Tagann freagracht lamh le saoirse. Nil se coir saoirse cainte a husaid chun fuath a cruthu i gcoinne duine chun a gcuid saoirsi a scrios


Advertisement