Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ó Pheann an Phiarsaigh - Pádraig Mac Piarais

  • 12-04-2016 10:16pm
    #1
    Registered Users Posts: 12


    Seó aonair ar shaol agus shaothar Phádraig Mhic Phiarais.
    *Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath*
    Dé Céadaoin - Dé Sathairn, 13-16 Aibreán 2016.
    Ticéid: opheannanphiarsaigh.eventbrite.ie

    Blaiseadh beag den dráma nuascríofa 'Ó Pheann an Phiarsaigh' le Noel Ó Gallchóir:
    tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/

    An dráma
    Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.


Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Bhí an dráma seo agus an ceol a lean é iontach maith. Is léir go bhfuil talann ar leith ag Noel.


  • Registered Users Posts: 12 mise_eire


    A Chairde,

    Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma ó mhí na Bealtaine go deireadh an tsamhraidh (b'fhéidir ceann nó dhó eile le fógairt fosta).

    Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!
    _______________________________

    Áras Pobail Ráth Chairn - Dé hAoine, 20 Bealtaine @ 8 i.n.

    Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin (Pearse Museum in Rathfarnham) - Dé Domhnaigh, 22 Bealtaine @ 3 i.n.

    Lios na nÓg, Raghnallach (formerly Scoil Éanna, Ranelagh) - Dé Luain, 23 Bealtaine @ 8 i.n.

    'The Round Room', Teach an Ardmhéara (The Mansion House), BÁC (mar chuid de chomóradh Fhianna Fáil ar 1916) - Dé Céadaoin, 25 Bealtaine

    Halla Paróiste Ghort a' Choirce, (Ceiliúradh Choláiste Uladh ar Éirí Amach 1916) - Déardaoin, 26 Bealtaine @ 8 i.n.

    Halla Langside, Glaschú, Albain - Dé Sathairn, 4 Meitheamh @ 7.30 i.n

    Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Phádraig, Co. an Dúin - Dé Luain, 13 Meitheamh @ 7.30 i.n.

    Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste - Dé hAoine, 24 Meitheamh @ 8 i.n.

    Halla Anagaire, Tír Chonaill - Dé Sathairn, 25 Meitheamh @ 8.30 i.n.

    Oileán Thoraí (Trasna na dtonnta linn!) - Déardaoin, 7 Iúil (Am le fógairt)

    Ionad Pobail Dhún Lúiche - Dé Sathairn, 9 Iúil @ 8.30 i.n

    Gleann Cholm Cille, Iardheisceart Thír Chonaill - Dé Ceadaoin, 27 Iúil

    Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill - Dé Ceadaoin, 3 Lúnasa

    Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe - Dé Sathairn, 6 Lúnasa

    _______________________________

    www .facebook.com /opheannanphiarsaigh


Advertisement