08-03-2021, 12:47 | #1 |
Registered User
![]() |
Saol iar-Covid
Tá an saol iar-Covid le feiceáíl romhainn anois. An mbeidh tú ag déanamh na rudaí ceannann céanna a bhí tú ag déanamh roimh an bpandéim. Nó an bhfuil meas nua-aimsithe agat ar bheith beo agus beidh tú ag tapú an deis chun níos mó tairbhe a bhaint as do shaoirse amach anseo?
|
![]() |
Advertisement
|
|
09-03-2021, 04:17 | #2 |
Registered User
![]() |
Is dócha go mbeadh breis imní orm nuair a chloisfinn go bhfuil galar tógálach nua tar éis tosaithe i dtír imigéin.
Roimh an bpaindéim seo, tar éis SARS etc, ba dhóigh liom gur bheag an baol go sroichfeadh galar den chineál seo ár n-oileán. Ní raibh an ceart agam! |
![]() |
Thanks from: |
10-03-2021, 13:12 | #3 | |
Registered User
![]() |
Quote:
Ó thaobh saol iar-Covid de, beidh mé ag déanamh níos mó iarracht le bheith sóisialta agus éalú ó mo theach agus scáiléáin. Rud amháin atá ar intinn agam ná filleadh ar ais go damhsa sóisialta. D'éirigh mé as na blianta ó shin nuair a chaill mo pháirtí suim ann ach anois beidh mé ag dul ar ais gan í. |
|
![]() |
Advertisement
|
|
16-03-2021, 20:42 | #6 |
Moderator
![]() |
Bhíos saor ó gach freagracht ag tús na paindéime, ag obair go páirt-aimsire agus sásta ceachtanna príobháideacha a thabhairt ó am go ham freisin. Bhí tinneas nimhneach orm roimh an Nollaig (2019) agus theastaigh sos uaim san earrach ar aon nós. Chaith mé an chéad dhianghlasáil ag léamh, ag féachaint ar Netflix, ag imirt sean-chluichí ar mo PS2, agus ag traenáil faoin ngriain sa chúl-ghairdín.
D'fhoghlaim mé i mí Lúnasa go raibh míorúilt againn le linn an tsamhraidh agus go mbeinn i mo dhaidí in 2021. ![]() ![]() Táim ag súil le cuairteanna chuig mo chairde taobh amuigh den chontae seo. Ní dóigh liom go n-imreoidh mé sacar nó peil arís ach neosfaidh ag aimsir. Beidh sé go deas dár gclann beag dul ar saoire cois na farraige, deireadh seachtaine éigin, b'fhéidir in óstán deas. |
![]() |
Thanks from: |
18-03-2021, 10:32 | #7 | |
Registered User
![]() |
Quote:
|
|
![]() |
Thanks from: |
18-03-2021, 11:05 | #8 | |
Moderator
![]() |
Quote:
![]() ![]() |
|
![]() |
18-03-2021, 11:16 | #9 | |
Registered User
![]() |
Quote:
|
|
![]() |