Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Réamhfhocail + An tAlt iolra

  • 15-10-2008 2:10am
    #1
    Registered Users Posts: 616 ✭✭✭

    dia dhaoibh, ceist beag daoibh:

    An leannann an tuiseal ginideach réamhfhocail + an talt iolra m. sh. ar na gcapaill?

    Deirtear de ghnáth gur leannann an ginideach réamhfhocail comhshuite, ach ní bhfaca mé ríomh rud ar bith faoi réamhfhocail simplí + an talt iolra

    muna bhfuil sé seo ceart, cad iad na rialacha a bhaineann le réamhfhocail + an talt iolra?

    go raibh míle...
    ógy

Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    ogy wrote: »
    dia dhaoibh, ceist beag daoibh:

    An leannann an tuiseal ginideach réamhfhocail + an talt iolra m. sh. ar na gcapaill?

    Deirtear de ghnáth gur leannann an ginideach réamhfhocail comhshuite, ach ní bhfaca mé ríomh rud ar bith faoi réamhfhocail simplí + an talt iolra

    muna bhfuil sé seo ceart, cad iad na rialacha a bhaineann le réamhfhocail + an talt iolra?

    go raibh míle...
    ógy

    Ní leanann. Ní hionann réamhfhocail comhshuite agus réamhfhocail + an t-alt.

    ag an, ar an, as an, chuig an, faoin, leis an, ón, roimh an, thar an, tríd an:
    Cuirtear úrú ar fhocail a thosaíonn le b,c,f,g,p. Ní athraíonn focail a thosaíonn ar ghutaí nó d,l,m,n,r,t. Cuirtear t roimh ainmfhocail bhaininscneach a thosaíonn ar s+guta nó ar sl, sn, sr

    Den, don, sa:
    Cuirtear séimhiú ar fhocail a thosaíonn le b,c,f,g,m,p. Ní athraíonn focail a thosaíonn ar ghuthaí nó le d,l,n,r,t. Athraíonn sa go san roimh ghutaí nó f+guta

    (Tá rialacha difriúla i gCúige Uladh)

  • Registered Users Posts: 616 ✭✭✭ogy

    A Pholl

    Go raibh maith agat as ucht do freagra ach bhí na rialacha sin again cheana.

    An ceist atá agam ná cad iad na rialacha a bhainean le réamhfhocail+an tAlt nuair atá an talt iolra i gceist?

    mar shampla, sna, ar na, ag na, as na...?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ní bhíonn aon athrú i gceist nuair a bhíonn réamhfhocal + an t-alt san iolra, ach amháin má thosaíonn an focal le guta, nuair a chuirtear 'h' roimhe.

    Samplaí:

    Fir - leis na fir
    tithe - sna tithe
    lochanna - ar na lochanna

    Ach

    úlla - leis na húlla
    éin - chuig na héin

  • Registered Users Posts: 616 ✭✭✭ogy

    ah, díreach cosúil leis an talt iolra de ghnáth.

    agus an bhfuil aon athrú eile ar na réamhfhocail seachas "sna"?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    ogy wrote: »
    ah, díreach cosúil leis an talt iolra de ghnáth.

    agus an bhfuil aon athrú eile ar na réamhfhocail seachas "sna"?

    Athrú ar na réamhfhocail? Cén leabhar gramadaí atá á úsáid agat, dála an scéil?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 616 ✭✭✭ogy

    níl ach leabhar bunúsach agam.

    Cad tá i gceist agam ná athraíonn trí go dtí tríd an, athraíonn, de go dtí den etc. agus le haghaidh an talt iolra athraíonn sa go dtí sna, an bhfuil aon athrú ar na réamhfhocail eile don talt iolra? an bhfuil de+na dhá fhocail nó "dena" mar shampla?

    an mholfadh tú leabhar gramadaigh éigin ar bith?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    ogy wrote: »
    níl ach leabhar bunúsach agam.

    Cad tá i gceist agam ná athraíonn trí go dtí tríd an, athraíonn, de go dtí den etc. agus le haghaidh an talt iolra athraíonn sa go dtí sna, an bhfuil aon athrú ar na réamhfhocail eile don talt iolra? an bhfuil de+na dhá fhocail nó "dena" mar shampla?

    an mholfadh tú leabhar gramadaigh éigin ar bith?

    Mo leithscéal, tuigim anois thú. Tá an ceart agat; athraíonn trí an go tríd an (mar gheall ar an dá ghuta ag teacht le chéile) agus athraíonn de an go dtí den agus do an go dtí don. Ach leanann séimhiú don agus den sa chaighdeán, ach bíonn urú i gceist i gcás na gceann eile tríd an bpáirc srl. Níl dhéantar athrú orthu in aon chás eile, go bhfios domsa.

    Mholfainn duit cóip a fháil den leabhar seo.
    Tá cur síos an-mhaith ann ar rialacha gramadaí na Gaeilge.

  • Registered Users Posts: 616 ✭✭✭ogy

    sin soiléir anois, go raibh maith agat! gheobhaidh mé den cóip leabhar sin comh luath agus is féidir

Advertisement