Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Translation help?

  • 20-11-2013 6:36pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,086 ✭✭✭


    Dia dhuit. Tá brón orm, ach táim uafásach le mo gaeilge. Ba mhaith liom ceabhair le an amhrán anseo.

    Molaim sú an ghráin eorna
    go deo deo 'gus a choíche
    Nach mairg nach mbíonn tóir
    ar Rí Seoirse ar a dhéanamh
    Seán Ford a bheith ina ghiúistis,
    is chomhairleodh na daoine
    Mar is chuir mise ag foghlaim
    le ócam a spíonadh

    Is randa dideloram
    'sé ócam an phríosúin
    Go bhfága sú an ghráin eorna
    na hÓglaigh dá spíonadh

    Is osclaíodh dom an stór
    a raibh ócam thar maoil ann
    Is thug mé lán mo ghabhlach liom,
    mo dhóthain go ceann míosa,
    Is nach mise a bhain gáire
    as an ngarda a bhí i mo thimpeall
    Nuair a d'fhiafraigh mé den cheannfort
    cé air ar fhás an fianach

    Is randa dideloram
    'sé ócam an phríosúin
    Go bhfága sú an ghráin eorna
    na hÓglaigh dá spíonadh

    Céard a deir tú le Mac Uí Lochlainn
    a chuaigh a chodladh dó go suaimhneach,
    Nuair a d'ionsaigh na luchain
    a chuid ícaim san oíche.
    Is maidin lá arna mhárach,
    bhí an ceannfort á inseacht
    ó, a dhiabhail, a deir an gobharnóir,
    ''tá an diabhail uilig déanta.''

    Is randa dideloram
    'sé ócam an phríosúin
    Go bhfága sú an ghráin eorna
    na hÓglaigh dá spíonadh

    Is nach mise a bhíonn go brónach
    gach Domhnach is lá saoire,
    'mo sheasamh amuigh sa ghairdín,
    istigh i bhfáinne is mé ag gabhail timpeall
    Go dtagann ó mo shúile sruth
    deor nuair a smaoinim
    Gur olc an obair Domhnaigh bheith
    i gcónaí ar an gcaoi seo

    Bhí mise maidin shamhraidh
    is mo leaba déanta síos agam
    Nuair a chonaic mé an ceannfort
    's é ag gluaiseacht go dtí mé.
    ''Is b'in é an chaoi a bhfuil tusa,
    is an méid atá le dnamh?
    do dhá lámh i do phóca
    is ócam le spíonadh?''

    Is randa dideloram
    'sé ócam an phríosúin
    Go bhfága sú an ghráin eorna
    na hÓglaigh dá spíonadh

    Is randa dideloram
    'sé ócam an phríosúin
    Is nach bhfága sú an ghráin eorna
    na hÓglaigh dá spíonadh

    GRMA, slán.


Comments

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,708 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Gabh mo leithscéil le seo do na móidhneóirí áitiúil ach ní raibh a fhios agam cad atá a dhéanamh le seo gan treoir.


  • Registered Users Posts: 1,086 ✭✭✭Fbjm


    Ceart ga leor hullaballoo, go raibh maith agat in aon chor.


Advertisement