Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Rogha ábhar

  • 23-08-2007 3:09pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭

    Ag triall rud nua atá mé anseo. Seachas a bheith ag tosnú snáithe ar ábhar nach bhfuil suim ag éinne eile anseo ann, tá mé chun liosta ábhair a chur thíos a bhfuil mé thar a bheith sásta aon cinn a phlé leat. Tá súil agam go bhfuil ceann acu suimiúil duit:

    1) Putin agus An Rúis
    2) Carranna atá neamhdhíobhálach don timpeallacht
    3) Scileanna marthanais
    4) Ríomhairí glúine
    5) Griangraphadóireacht

    Cur ar eolas mé má tá tú sásta aon rud thuas a phlé.
    Níl aon rud suimiúil duit - cad faoi do liosta féinig a chur suas?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    mo liosta fhéin:

    1) 9 Siopa áisiúla le chéile in aon áit amháin... dochreidthe ar fad

    agus sin é.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:
    mo liosta fhéin:

    1) 9 Siopa áisiúla le chéile in aon áit amháin... dochreidthe ar fad

    agus sin é.

    Cad is féidir liom a rá? Ionad turasóireachta a dhéanamh den áit?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    3) Scileanna marthanais

    bhíodh leabhar SAS agam faoi scileanna marthanais cúpla bliain ó shion. Nílim céad fén gcéad cinnte ach sílim go raibh sé scríofa ag Ray Mears.
    Bhí sé thar cionn.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá an leabhar ceannann céanna agamsa áit éigin – tá mé chun é a thocailt suas anocht. Ní dóigh liom go raibh sé scríofa ag Mears - cé go bhfuil monoplacht aige ar gach rud a bhaineann le scileanna marthanais anois. Rud eile faoi Mears, ní thuigim conas is féidir le saineolaí marthanais a bheith chomh ramhar?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote:

    tá sé rómhaith ag a cheird! :D

    Cé acu a mhairfeadh níos faide.. Ray Mears nó Bear Grylls?

    is rud aisteach é, níor mhaith le mo chailín a bheith ag breathnú ar chlár Mhears ach ag an am céanna ní bheadh fadhb dá laghad aici a bheith ag breathnú ar chlár Ghrylls!!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    dranoel wrote:
    2) Carranna atá neamhdhíobhálach don timpeallacht

    Tá suim agam sa cheann seo cé ná fuil mórán eolais agam air! Nó, níos fearr fós, eitleáin ná fuil díobhálach! An mbeidh orainn éirí as na heitleáin ar fad? :eek:

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote:
    tá sé rómhaith ag a cheird! :D

    Cé acu a mhairfeadh níos faide.. Ray Mears nó Bear Grylls?

    is rud aisteach é, níor mhaith le mo chailín a bheith ag breathnú ar chlár Mhears ach ag an am céanna ní bheadh fadhb dá laghad aici a bheith ag breathnú ar chlár Ghrylls!!

    In am cruachás b’fhearr liom bheith i gcuideachta Mears mar ní cheapaim go bhfuil mórán ó thaobh scileanna marthanais ag Ghrylls. Ón méid atá léite agam faoi tá sé ag úsáid ‘comhairleoirí marthanais’ ar a gcuid cláranna.

    Ní saineolaí mise ar mná ach ní bhíonn siad de ghnáth ag féachaint ar sacar, rothaíocht agus a leithéid chun breathnú ar leiriú scileanna. Is cinéal tallann eile atá siad tógtha leis. Féach i scáthán agus cur ceist ort féin - an bhfuil cuma orm níos cosúla le Mears ná Ghrylls? Má fheiceann tú Mears sa scáthán, tá cúis imní agat gan dabht.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    simu wrote:
    Tá suim agam sa cheann seo cé ná fuil mórán eolais agam air! Nó, níos fearr fós, eitleáin ná fuil díobhálach! An mbeidh orainn éirí as na heitleáin ar fad? :eek:

    Bhí mé ar tí an post seo a chur suas inné nuair a theip Boards arís, cad atá ag tarlú?:confused:

    Ar aon nós muna fhaigheann Eolaíocht foinse fuinnimh saor eile sa todchaí ceapaim go mbeidh tuirlingt crua i ndán dúinn. Ní bheidh ach an saibhir in ann díol as eitiltí. Beidh na daibhir ag taistil ar Irish Ferries arís.

    Bhí mé ag léamh alt le deireanas faoi Ryanair, is cosúil go bhfuil Michael O’Leary ina chomhshaolaí anois! Tá sé ag maíomh go bhfuil a gcuid Boeings nua dhá uair níos eifeachtaí ó thaobh úsáid breosla de. Ach is cuma leis faoi théimh dhomhanda, tá sé ag iarraidh íomhá neamhdhíobhálach don timpeallacht chun níos mó ticéidí a dhíol.

  • Registered Users Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    dranoel wrote:
    3) Scileanna marthanais

    Céard faoi, Scileanna marthanais i ndiadh teacht na Zombies???

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Céard faoi, Scileanna marthanais i ndiadh teacht na Zombies???

    Tá mé ullmhaithe cheana féin - tá cóip de 'Shaun of the Dead' agam.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Céard faoi, Scileanna marthanais i ndiadh teacht na Zombies???

    Buamaí peitril

    Seic

    Gunna gráin

    Seic

    Camán

    Seic........

    Táim réidh

Advertisement