Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Léirmheas Scannáin

  • 20-08-2017 3:11pm
    #1
    Registered Users Posts: 53 ✭✭


    Action Jackson 1988
    Ugghh.Bhí mé ag súil go mór leis an scannáin seo,meascán idir Beverly Hills Cop agus Lethal Weapon a bhí mé ag smaoineamh dom féin.Dia idir sinn agus an t-olc.Bhí mé ag eirí amhrasach faoi tar éis an chéad cúig nóiméad,agus ní raibh mé in ann níos mó a sheasamh tar éis 10 nóiméad.Chas mé as é.Ná bac leis an gceann seo.


Comments

  • Registered Users Posts: 4 Adharcach


    mo_dhuine wrote: »
    Action Jackson 1988
    /QUOTE]

    Bhí tú ag feitheamh tamall fada chun an ceann seo a fheiceáil - beagnach 30 bliain!


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Blues Brothers 2000
    Má bhíonn tú in ísle brí ag aon am,ba cheart duit súil a chaitheamh ar an sár scannán seo,agus beidh tú ag meangadh gáire arís :-)Anois,an té nach bhfuil aithne acu ar na dreatháracha JAKE agus ELWOOD ón chéad scannán fadó,ba cheart náire a bheith oraibh.Ach tá siad ar ais arís anseo,agus an féith grinn fós acu,measctha le ceol den scoth.Eist le leithéidí "John the Revelator","Funky Nassau" agus "New Orleans" agus beidh tú ar do shuaimhneas arís.Is scannán ceithre réalta é **** Bail ó Dhia oraibh,Jake agus Elwood


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Blues Brothers 2000
    Má bhíonn tú in ísle brí ag aon am,ba cheart duit súil a chaitheamh ar an sár scannán seo,agus beidh tú ag meangadh gáire arís :-)Anois,an té nach bhfuil aithne acu ar na dreatháracha JAKE agus ELWOOD ón chéad scannán fadó,ba cheart náire a bheith oraibh.Ach tá siad ar ais arís anseo,agus an féith grinn fós acu,measctha le ceol den scoth.Eist le leithéidí "John the Revelator","Funky Nassau" agus "New Orleans" agus beidh tú ar do shuaimhneas arís.Is scannán ceithre réaltaí é **** Bail ó Dhia oraibh,Jake agus Elwood


  • Registered Users Posts: 1 fadhbanna


    Blue is the Warmest Colour
    Thaitníonn an scannán seo go mór liom. Is scannán faoi grá na hóige é. Tá sé as Fhrancis, ach táim cinnte go bhfuil fotheidil ar fáil. Nuair a thosaigh an scannán, bualimid le cailín óg leis an ainm de "Adèle". Tá sí fós in ardscoil agus tá suim ag gach cara léi i buachaillí. Thriail sí buachaillí, ach ní raibh suim dá laghad aici. Lá amháin, chonaic sí bean le gruaig gorm agus bhí mothucháin aici dí. Bhuail Adèle léi arís nuair a shocraigh sí chun dul go dtí beár leispeach. Ní fada gur éirigh roimh thit na dhá chailíní i ngrá. Níl mé a iarraidh Blue is the Warmest Color a milleadh dóibh, ach ansin thosaigh a lán eachtraí maoithneach.

    Tá an aisteoireacht sa scannán seo sármhaith. Bhí me ag caoineadh nuair a chriochnaigh é agus anois tá sé an scannán is fearr liom. Tá se freisin gar le mo chroí mar táim leispeach agus cheap mé go raibh an scannán seo rélaíoch agus ómósach. Deich amach as deich.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Johnny Suede 1991 *****
    Reitíonn mise agus Johnny an mhaith lenár gcéile.Sár scannán anseo,beagánín ait,neamh-ghnách,ciotach ach ag an ám chéana tá sé chomh stílmhar agus fileata.Tá sé an chosúil le scannán ó Jim Jarmusch,nó b'fhéidir David Lynch,fiú amháin tá aisteoir san scannán,cheap mé gur Jarmusch é féin a bhí ann,ach ní raibh.Is é Brad Pitt a glacann páirt Johnny seo againne,agus is é an taispeántas is fearr a chonaic mé ó Pitt riamh.Tuigeann sé dearcadh Johnny ar an saol mór,ag togáil rudaí go deas réidh,ag ligint le sruth,bheadh sé deacair é a shéanadh.Tá mo dhóthain ráite,caithfidh sibh "Johnny Suede" a fheiceáil!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Maximum Overdrive 1986
    Sea,táim ar ais le léirmheas nua,Barry Norman do lucht na Gaeilge.Beidh tóir ar saothar Stephen King go brách,agus seo é an scannán is fearr liom uaidh,an t-aon scannán a stiuraigh sé(agus a scríobh sé ar ndóigh).Níl fhios agam cén fáth a thaithníonn Maximum Overdrive chomh mór liom,b'fhéidir go bhfuil baint ag ceol AC/DC leis,nó an chaoi a meascann Mac an Ríogh an greann leis an sceon.Is é Emilio Estevez an príomh aisteoir,agus rinne an fear sin go leor scannáin den scoth cosúil le Repo Man agus Men at Work.Tabhair deis do Maximum Overdrive!Is maith is fiú é.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Conan The Barbarian 1982
    Iontach ar fad,thar barr!Comh-scríobhtha ag John Milius agus Oliver Stone,tháinig an scannán seo aniar aduaidh orm,bhí sé chomh maith sin. Scannán suite san sean saol,fadó fadó,san aimsir roimh Chríost is dóigh,is é Arnold Schwarzenegger Conan seo againne.Bíonn go leor eachtraí aige agus é ag taisteal tríd an domhan ársa,aisteach seo,d'imigh an scannán go mór i bhfeidhm orm,beidh mé ag fáil Conan The Destroyer chomh maith,cinnte glan.Is mór an spórt é an scannán seo,anois, cá bhfuil mo chlaíomh 8/10


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Inception 2010 *
    Go leor ceisteanna agam faoin scannán seo,ceisteanna nach bhfuil freagra orthu.Cuir an scannán seo an dallamullóg orm,ní thuigim cén fath a bhfuil an oiread sin daoine chomh tógtha leis!?Scannán fíór,fíor aisteach ar fad.Tá scannáin ó leithéidi David Lynch aisteach chomh maith,ach tá gliceas agus clisteacht taobh thiar dóibh,tréithe nach fheicim i leithéidí Inception.Níor thaithin Inception liom :-)


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Deep Cover 1992
    Céard a bhí ar siúl agat le linn an tsamhraidh 1992?Ni raibh morán ar siúl agamsa,ach ag leiciméireacht thart,ag triail ar an siopa fístéip áitiúil go rialta.Ba iad Deep Cover agus Glengarry Glen Ross na scannáin is fearr a chonaic mé le linn an samhradh gruama sin :-) Is scéal é Deep Cover faoi mangairí drugaí ar cúlshraideanna L.A. agus cop áitiúil atá ag obair faoi rún agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na bithunaigh.Go leor uisce faoi thalamh,foréigean,caint gairsiúil agus araile.B'fhéidir nach dtaitnoidh sé leis an uile duine,ach thaithin taispeántais Laurence Fishburne agus Jeff Goldblum go mór liom.É sin go léir ráite,is mór an faoiseamh dom nach bhfuil cónaí orm san cathair mór sin i Meiriceá,on méid atá le feiceáil san scannán seo.Sár scannán!


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Baby Driver 2017
    Bhí an scannán seo luaite mar ceann de na scannáin is fearr de 2017,agus thug mé faoi deara go raibh sé á craoladh ar Sky Movies lá amháin,agus chinn mé ar deis a thabhairt don Baby Driver.Chun scéal fada a dhéánamh gearr de,am amú a bhí ann :-) Tá súil agam nach mbeidh Baby Driver Cuid a Dó ann!


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    :eek: Ní féidir liom aontú leat ar an bpointe sin! Thaitin 'Baby Driver' go mór liom sa phictiúrlann. D'éirigh leis arís nuair a d'fhéach mé air don dara uair ar an teilifíseán.

    Tá an-am agam d'Edgar Wright mar stiúrthóir, agus cheap mé gur bhain sé an-úsáid as an gceol sa scannán seo.

    Aontaím leat nach bhfuil sequel de dhíth anseo, ach sin mar go bhfuil an scéal ráite go maith in aon chuid amháin anso.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Dog Eat Dog 2016 ****
    Foréigean as cuimse,brúidiúilacht gan trócaire,sin é an chéad cúig noiméad duit.Scannán ón scríobhneoir clúiteach Paul Schrader,le Nicolas Cage,Willem Dafoe agus Christopher Matthew Cook ag glacadh na príomh rólanna.Is buíon choirpigh iad,agus leanann muid iad agus iad i mbun a gcuid gnó.Cé go bhfuil an scannán seo thar a bheith garbh,ag an t-am céanna,cheap mé go raibh sé thar barr ar fad,is mór an spórt é!Agus mé ag breathnú air,cheap mé go raibh go leor cosúileachtaí idir é agus leithéidí Reservoir Dogs agus Pulp Fiction,bhí an beocht,spioraid chéanna iontu.Agus ar ámharaí an tsaoil,thug mé faoi dear go raibh Dog Eat Dog bunaithe ar leabhar scríobhtha ag Edward Bunker,fear a ghlac ról Mr Blue san scannán iomráitech sin Reservoir Dogs.Tá an scannán seo ar fáil "ar éileamh" ó Virgin Media.Molaim daoibh an cnaipe sin a bhrúigh.AR FHEABHAS!!!


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Blackhat 2015
    Michael Mann.Ba mhaith liom casadh leis lá eicínt agus a lámh a chraitheadh.Bíonn croí agus anam lena scannáin i gcónaí,agus is amhlaidh atá sé i gcás an Blackhat seo.Is haiceálaí é Chris Hemsworth atá i ngeibheann,ach is dóigh,tagann sé i gcabhair ar an bpobal in am an ghátair.Bhí mé ar mo bharraicíní o thús go deiridh,bíonn na piléir ag scaoileadh,agus na gluaisteáin ag dul bunoscionn de réir mar a bheithfeá ag súil ón t-Uasal Mann.Bhain mé an-sásamh as Blackhat.Bualadh bos arís do Michael Mann


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ar bhfaca aon duine daoibh Black 47?

    Bhain mé an taitneamh as. Cé nach bhfuil an scéal ró chasta, léirítear stair na hÉireann i bealach nua. Ní feictear an Ghorta Mór ar an scáileáin mór, agus scannánaíocht iontach le Gaeilge fite futa. Cad eile atá uainn :)


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Death and the Compass 1992
    Is cuimhin liom,nuair a bhí mé ag freastal ar an Meánscoil sna '80í,bhí sraith teilifíse darbh ainm Moviedrome ann.Bhíodh sé le feiceáil gach oíche Domhnaigh ar BBC2,agus bhí mé craiceáilte faoi.Rinne fear darbh Alex Cox cur i láthair den a rogha féin de "cult films",agus is cuimhin liom leithéidí Darkman,Yojimbo agus Assault on Precinct 13 a fheiceáil don chéad uair,buíochas mór leis an fear uasal seo,Alex Cox.Is stúirtheor é féin an t-uasal Cox, Repo Man agus Walker i measc a chuid saothar.Sár scannáin ,ar ndóigh,agus is féidir Death and the Compass leis an liosta sin.Molaim daoibh The Searchers 2.0 a fheiceáil chomh maith.Ag gabháil buíochas arís do Alex Cox.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Is é mo bharúil go bhfuil NLCV an scannán Nollag is fearr atá ann.:D Is iomaí uaire atá sé feicthe agam faoin dtráth seo,agus bíonn mé leagtha ag gáire i gcónaí.Tá Chevy Chase i mbarr a mhaitheasa anseo,agus an gnáth rí-rá agus ruaille buaille ar siúl i dtigh muintir Griswald.Ba mhaith liom Nollaig a chaitheamh leo:D


  • Registered Users Posts: 789 ✭✭✭Beanntraigheach


    Ná déan dearmad ar "Scrooged"! :)
    Is dóigh liomsa gur ré órga ab ea na hochtóidí i gcóir scannán grinn.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Ag filleadh ar Twin Peaks 2017
    Is breá liom turas a dhéanamh ar an mbaile beag seo.Tá an chéad eagrán no dhó feicthe agam,agus is ar eigean nach raibh mé ag sileadh na ndeor ag an deireadh,bhí sé chomh h-aoibhinn sin.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Judge Dredd 1995 agus Dredd 2012
    Cén leagan is fearr leatsa?An chéad uair a chas mé leis an Garda Dredd,bhí se i gcomhluadar Anthrax agus an t-amhrán clúite a bhí acu fadó "I Am The Law".Maidir leis na scannáin,is fearr liomsa an ceann le Sly Stallone agus Armand Assante ó 1995,is dóigh go bhfuil Stallone foirfe mar Dredd,agus is bithiúnach maith é Assante.Taitníonn an leagan nua-aimsearthach liom chomh maith,beagánín duairc uiareanta,ach is fiú é a fheiceáil.IS BREÁ LIOM NA SCANNÁIN :-)


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Get the Gringo 2012
    Céard iad na scannáin is fearr a rinne Mel Gibson le linn a shaol aisteoireachta? Chuirfinn Mad Max 1 agus 2 ar bharr an liosta sin,ar an drochuair níl Mad Max 3 feicthe agam go dtí seo,rud a chaithfidh mé a chur i gceart gan moill.Scannán eile ón Astráileach is cáiliúla ar domhain a thaithin go mór liom ná Payback ón bhliain 1999,lán le greann dorcha agus foréigean áiféiseach.Ar an drochuair,ní bheidh GET THE GRINGO le feiceáil ar an liosta sin, mar ní fiú tuthóg é :-)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    mo_dhuine wrote: »
    ní fiú tuthóg é :-)

    Nath iontach!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Do chonac BlacKkKlansman le déanaí. Do bhaineas taitneamh as.

    Tá sé bunaithe ar fíorscéal sna 70í fé gharda gorm i gColarado. B'é an chéad gharda gorm ina chathair. Tosnaíonn sé ag obair san aonad fáisnéise agus téann sé i dteagmháil leis an ngrúpa áitiúil den Ku Klux Klan. Éiríonn leis ballracht a bhaint amach sa KKK agus, le cabhair comhghleacaí geal, déantar imscrúdú ar an ngrúpa.

    Is scannán fíor-shuimiúil atá ann. Tá roinnt cosúlacht le feiceáil idir an scannán agus cúrsaí an lae inniu sa Mheirceá, le méadú fadhbanna na ngrúpaí atá i bhfad ar an eite dheis. Is uafásach go bhfuil daoine fós ann ag a bhfuil na saghas dearcthaí seo.

    Is fiú féachaint ar an scannán seo.


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Black Panther 2018
    Mar a deir Colonel Kurtz san scannán sin "Apocalypse Now" fadó, "An t-Uafás".Sea,tá an scannán seo uafásach ar fad.Maisiúcháin bréagacha riamhaireachta,gan scéal fiúntach taobh thiar de.Déarfaidh mise "An Áiféis,An Áiféis",macasamhail ár sean-chomrádaí Kurtz :-)


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Trapped in Paradise 1994 ****
    Mo léan,ach ní dhéanann siad scannáin cosúil le seo níos mó!Scríobhtha ag an bhfear céanna a rinne an sár scannán Midnight Run,bhí mé ag súil go mór leis an scannán seo,agus níor lig sé sios mé.Scannán grinn atá anseo,ag leanacht triúr dearthárcha agus an clampar a thógann siad,nuair a dhéanann siad iarracht banc a robáil i mbaile beag Meiriceánach.Daoine maithe,cuideachtúla atá san baile beag seo,agus tagann aiféala ar na deartharacha nuair a thuigeann siad an díobháil atá déanta acu dóibh lena gcuid seafóid.Sár scannán,is iad Nicolas Cage,Jon Lovitz,agus Dana Carvey na príomh aisteoiri,ó sea ,agus an spéirbhean Madchen Amick ina dteannta,agus cuid mhaith don creidiúint tuillte ag an stiúirtheoir George Gallo chomh maith.IONTACH!
    Chonaic mé Black Klannsman chomh maith le déanaí, ach ni fiú trácht air :-)


Advertisement