Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Téarmaíocht chuí le haghaidh aclaíochta

  • 08-10-2018 3:58pm
    #1
    Registered Users Posts: 607 ✭✭✭


    Bímse ag dul chun na haclaíochta go rialta le blianta fada anuas, agus bíonn roinnt gaeilgeoirí ag freastal ar achan seisiún - an traenáiaí san áireamh, fiú. Meascán de crossfit, cardio agus roinnt rudaí eile atá i gceist agus is minic a bhíonn roinnt duine ag plé an méid atá le déanamh againn i nGaeilge. Tá corrbhearna inár stór téarmaíochta, áfach - níor tógadh duine ar bith againn le Gaeilge, agus ní raibh a leithéid mar ábhar foghlama ar scoil ná fiú ag an 3ú leibhéál. Ba bhreá liom na poill sin a líonadh!

    Mar shampla - is minic a bheadh gluaiseacht ar leith le déanamh agus le hathdhéanamh, abair 7 n-uair in achan bhabhta agus an meachán a mhéadú i dtús an dara/tríú/ceathrú bhabhta srl. Déarfadh an cóitseáilí leis an ghrúpa ar fad "7 reps for 5 rounds, add 10% each round" nó rud éigin den tsórt sin.

    Tá mé sásta go leor an focal "round" a aistriú le "babhta" sa chás seo, ach ni maith liom an téarma "athdhéanamh" le haghaidh "rep" (i.e. repetition) - mothaím go bhfuil sé ciotach ar dhóigh éigin. Amhail an téarma "athbhualadh", gidh go bhfuil sé sin rud beag níos deise dar liom. Tá mé níos sásta le "iarracht", in ainneoin nach bhfuil an ciall 100% cruinn - "Caithfidh muid deich n-iarracht a dhéanamh - fuksake, níl mé fiú in ann do chúig!":P Ach an bhfuil moladh eile ag aon duine eile le haghaidh "rep"?

    Cúpla ceann sa bhreis ... tá a fhios agam caidé a chiallaíonn "kipping pull up", ach níl barúil agam an dóigh lena rá i nGaeilge! Chomh maith leis sin, is maith liom "gróigeadh" le haghaidh "squat", ach tá roinnt samplaí eile de théarmaí atá aistrithe go cruinn ach ní go maith - dar liomsa ar a laghad! Leithéid "ardú chun leise" le haghaidh "deadlift", "ardú ó bhinse" do "bench press" ... b'fhéidir nach maith liom é nuair a bhíonn trí fhocal in úsáid nuair nach mbeadh ach aon fhocal amháin de dhíth! Cibé, ba bhreá liom bhur gcuid moltaí a fheiceáil ...


Comments

  • Registered Users Posts: 279 ✭✭Bricriu


    Cén fáth go bhfuil tú ag athchruthú an rotha, ag lorg téarmaí ó dhaoine nach bhfuil oilte chun téarmaí a sholáthar?

    Tá bunachar mór téarmaíochta in www.tearma.ie.


  • Registered Users Posts: 607 ✭✭✭mr chips


    B'fhearr liom feiceáil an bhfuil téarmaí breise le haimsiú ó chainteoirí beo - ó am go chéile, bíonn leagan níos saibhre le cloisteáil ón phobal líofa ná an méid a bhíonn ar fáil ó shuíomhanna cosúil le tearma/teanglann srl, agus is suim liom fáil amach an amhlaidh sin sa chás seo.
    Mura mbíonn, tá go maith - i ndeireadh na dála, beidh mé sásta teacht aníos le mo chuid téarmaí féin. Ach níor mhaith liom an roth a athchruthú ... ;)

    Chomh maith leis sin, ní déarfainn féin go bhfuil lucht an fhóraim seo neamhoilte!


Advertisement