Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Na Gaeltachta

  • 14-08-2018 9:45pm
    #1
    Registered Users Posts: 19


    Ba mhaith liom dul timpeall gach Gaeltacht sa tír seo. Tá mo chuid Gaeilge go maith ach nílim líofa. Táim ag déanamh Gaeilge in O.L. agus teastaíonn uaim feabhsú ollmhór a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge. Cad iad na Gaeltachta is coitianta maidir le daoine ag caint as Gaeilge go rialta? Bhí mé sa Daingean anuraidh agus níor chuala mé Gaeilge ar bith(bhí díomá orm). Cén Ghaeltachta a bheadh taithí iontach agam? Ba bhreá liom bhúr dtuairimí a chloisint. GRMMA.
    Luimneach abú.


Comments

  • Registered Users Posts: 7,008 ✭✭✭uch


    B'fhéidir go mbeidh na hOileáin Árainn níos fearr duit, níl an canúint ródheacair

    21/25



  • Registered Users Posts: 646 ✭✭✭kaji


    Is lasmuith den Daingean ina bhfuil an fíor Ghaeltacht. Níl ach turasóirí meascaithe le daoine áitiúla sa Daingean- sin é an fáth nách cloistear Gaeilge ró mhinic ann más turasóir tú. Téir go dtí na bailte beaga ar nós Baile an Fhéirtéaraigh. Na hÓileán Árainn mar a dúirt 'Uch'. Braitheann sé ar an gcaniúnt atá á fhoghlaim agat. An bhfuil tú níos compórdaí le canúint na Mumhan nó na canúintí eile?


  • Registered Users Posts: 146 ✭✭ozzy78


    Ba mhaith liom dul timpeall gach Gaeltacht sa tír seo. Tá mo chuid Gaeilge go maith ach nílim líofa. Táim ag déanamh Gaeilge in O.L. agus teastaíonn uaim feabhsú ollmhór a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge. Cad iad na Gaeltachta is coitianta maidir le daoine ag caint as Gaeilge go rialta? Bhí mé sa Daingean anuraidh agus níor chuala mé Gaeilge ar bith(bhí díomá orm). Cén Ghaeltachta a bheadh taithí iontach agam? Ba bhreá liom bhúr dtuairimí a chloisint. GRMMA.
    Luimneach abú.

    Is smaoineamh iontach é sin. Bhios díreach ag smaoineamh faoin am a chaith mé sa Ghaeltacht in Indreabhán. Is áit álainn í ach ní raibh mé ann le fada an lá. Go n-éirí go geal leat ar do thuras!


  • Registered Users Posts: 5,153 ✭✭✭jimbobaloobob


    Tá a lán Gaeilge a labhairt agus le cloistéal sa gceathru rua, Camus, carna agus Ros a'Mhíl. Tír na flúirse le haghaidh an teanga.


  • Registered Users Posts: 7,237 ✭✭✭mcmoustache


    Tá a lán Gaeilge a labhairt agus le cloistéal sa gceathru rua, Camus, carna agus Ros a'Mhíl. Tír na flúirse le haghaidh an teanga.

    Is fíor go bhuil neart gaeilge 'sna ceantracha sin ach scaití ní bhíonn fonn ar dhaoine í a labhairt le stráinséaraí. B'fhéidir go dtárlaíonn se mar nach dtuigeann siad gaeilge na gcanúintí eile ar nós gaeilge Thír Chonaill nó b'fhéidir go dtárlaíonn sé ar chúiseanna eile ach tá se feicthe agam thiar.

    É sin ráite, tá an seans is fearr 'sna ceantracha sin ná in aon áit eile. Táim cinnte go bhfuil neart gailge thiar i gceantar na n-oileáin freisin ní raibh mé siar an bealach sin ó bhí mé sa scoil fadó.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Is fíor nach gcloistear an mhéid sin Gaeilge go spontánach ar na sráideanna i mbaile an Daingin. Ach taobh eile de, is féidir ar aon chaoi Gaeilge a labhairt sa bhaile go minic. Bíonn Gaeilge ag formhór mhuintir na háite. Gan amhras, bíonn i lán turasóirí agus strainséirí ann sa Daingean. Mholfainn ar aon chaoi dhuit mar duine as Luimneach Gaeilge na Mumhan a úsáid toisc gurb í canúint na Mumhan an Ghaeilge dhúchasach i Luimneach, freisin. Thiar ó bhaile an Daingin, tá an teanga bunaithe fós níos láidre. Sa Ghaeltacht Muscraí, bíonn an Ghaeilge fós sách-bheo, freisin.

    Go n-éirí leat/libh, Alex


Advertisement