Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Nua-Fhilíocht

  • 28-06-2020 12:16pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭


    Táim tar éis mé féin a thumadh sa léitheoireacht le beagnach mí anuas. Thosaigh mé le bailiúchán gearrscéalta, mar a luaigh mé i snáithe eile ar an bhfóram seo, agus aistí a bhaineann leis an bprós sa Gaeilge (Léachtaí Cholm Cille XXXVI). Ansin rinne mé ath-léamh ar mhór-shaothar Bhriain Merriman, Cúirt An Mheán-Oíche, chomh maith le haistí le Liam P. Ó Murchú, Seán Ó Tuama agus Declan Kiberd ar an dán céanna. Tús maith.

    D'iompaigh mé i dtreo na filíochta an tseachtain seo chaite, ag tosnú le Duanaire An Chéid. Cé go mbímse ag cumadh mo dhréachtaí féin ó am go ham, caithfidh mé a admháil go raibh mé leamh go leor maidir leis an léitheoireacht le cúig bliana anuas.

    Bheartaigh mé taighde a dhéanamh ar dtús ionas go mbeadh tuiscint éigin agam ar an méid a bheadh idir lámha agam. Thosaigh mé le leabhar eile ón Sagart, Léachtaí Cholm Cille XLI, atá dírithe ar na filí a bhain leis an iris Innti. Bhí sé cuibheasach dúshlánach na Léachtaí a léamh toisc an téarmaíocht agus an sain-fhoclóir teoirice, ach thug siad léargas iontach dom. B'fhiú an iarracht a bhain leis.

    Bheadh sé i bhfad níos éasca dá dtosnóinn leis an leabhar seo, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, atá dírithe ag leibhéal teanga na bhFochéimithe ollscoile (seachas leibhéal na PhDs!) Aithnítí sleachta ón leabhar seo ó LCC XLI ach níl siad chomh casta, agus tugtar gluais ag deireadh gach caibidle nuair a bhíonn coincheap nua ann.

    Ábhar misnigh dom an chaoi gur bhain an méid sin scríbhneoirí clú agus meas amach ar a scríbhneoireacht cé nach raibh Gaeilge acu ón gcliabhán. Thosaigh mé ag smaoineamh ar mo chuid dánta a sheoladh chuig foilsitheoirí. Ansin rith smaoineamh eile liom - féach an méid oibre, an méid taighde a rinne na scríbhneoirí siúd!

    Thum siad go doimhin san Fhiannaíocht, sa Ghaeilge Chlaisiceach, san fhilíocht Sheacaibíteach agus i bhfilí na Máighe, ina n-oidhreacht ón gcéad leath den 20ú aois, i dteanga labhartha na Gaeltachta (go háirithe i nDún Chaoin), i gceol na 1960í, i saothar Yeats agus Joyce agus Kavanagh, sna Beat poets, san fhilíocht timpeall an domhain agus i scríbhneoireacht a chéile. Thógfadh sé na blianta dom iniúchadh mar sin a dhéanamh anois!

    Ar aon nós, táim ar ais ar an mbealach anois. Táim ag dul i dtaithí ar an teanga agus ar bheathaisnéisí na bhfilí. Beidh mé réidh chun súil a leagadh ar na dánta féin le linn cupla lá eile, agus scríobhfaidh mé smaointí anseo fad is a ritheann siad liom.


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Chríochnaigh mé an leabhar seo ar an Satharn, é sin Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Mar bhailiúchán ina iomlán, bhain mé taitneamh as an éagsúlacht agus as an réimse téarmaíochta. Ní raibh an leabhar ar fáil agus mé i mo mhac léinn ollscoile, ach mholfainn é d'éinne atá i mbun staidéir ar an bhfilíocht anois.

    Thaitin na haistí go léir liom ar fáthanna difriúla. Bhí cuid acu níos deacra a léamh ná cuid eile, ach bhí seoid nó dhó i ngach aon cheann acu. Bhí sé suimiúil féachaint ar stíleanna difriúla, théamaí éagsúla, agus spreagthaí na bhfilí go léir, idir chontrárthachtaí agus chosúlachtaí.

    Thug sé neart smaointí dom ó thaobh mo scríbhneoireachta féin de. Do spreag sé mé i dtreo an chanúnachais freisin, agus táim ar bís anois staidéar ceart a dhéanamh arís ar an bhfoirm tháite i nGaoluinn na Mumhan.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá leabhar filíochta scríofa agam. Timpeall an dá fhichead píosa istigh ann. Seans go bhfuil cupla botún ann go fóil, ach creid mé nuair a deirim gur chuireas an-chuid oibre isteach. Measaim gur bailiúchán láidir é, ach feicfimid...


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Fuair mé leabhar sa phost inniu agus smaoinigh mé gur chóir dom an nuacht sin a roinnt anseo! :pac:

    "Tine Chnámh", an chéad chnuasach filíochta ó pheann Liam Uí Mhuirthile, foilsithe ag Sáirséal Ó Marcaigh in 1984. Mothaíonn sé aisteach leabhar níos sine ná mise féin a bheith idir lámha agam.

    Léigh mé codanna de le linn mo chursa céime (Sa Chaife, Dún Chaoin, An Parlús, Dán I gCuimhne Ar Mheáig Howley) agus tagairtí d'an-chuid eile in aistí, agus rinne mé iarracht an bailiúchán uilig a léamh sa leabharlann siar in 2012. Tá mo chóip féin agam anois ar aon nós! :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá leabhar filíochta scríofa agam. Timpeall an dá fhichead píosa istigh ann. Seans go bhfuil cupla botún ann go fóil, ach creid mé nuair a deirim gur chuireas an-chuid oibre isteach. Measaim gur bailiúchán láidir é, ach feicfimid...

    Maidir leis an scéilín seo, chuir mé an 40 dán isteach mar iarratas i gComórtas A10 an Oireachtais i mbliana. Ní raibh an bua agam! :( Ach fuair mé tuairiscí iontacha ó na moltóirí. :)

    Ceapaim go mbeidh mé in ann é a chur i gcló lá éigin má chuirim tuilleadh oibre isteach. Beidh mé in ann na dánta atá agam cheana a fheabhsú píosa beag eile, agus beidh orm b'fhéidir 10 bpíosa eile a chur leis ionas go mbeidh breis éagsúlachta ann. Ní chaillfidh mé mo mhisneach!


Advertisement