Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

1356713

Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    D'aithneodh an chuid is mó de Ghaeilgeoirí 6'2" sula n-aitheodh siad 6tr 2or. Is fearr cloí leis an nós idirnáisiúnta thuas!

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Paz-CCFC wrote: »
    An ndéarfaí "Táim 6tr 2or in airde" as Gaeilge?

    in height = ar airde

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Cad é an scéal le, 'Tá fonn orm a bheith....' agus 'Tá fonn orm bheith...'.
    Cím an dá rud, cé acu atá i gceart?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    Cad é an scéal le, 'Tá fonn orm a bheith....' agus 'Tá fonn orm bheith...'.
    Cím an dá rud, cé acu atá i gceart?

    :pac::pac::pac: Sin í an cheist!

    'Tá fonn orm a bheith' atá ceart ó thaobh na scríbhneoireachta de, ach is minic nach gcloisfeá é sa chaint.

    Féach ar an dá shampla seo, an bhfeiceann tú an difríocht ó thaobh céille de?

    Is mór an buntáiste é bheith ábalta seinm.
    Is mór an buntáiste í a bheith ábalta seinm.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    A Mhicilín, muna chuireann sé as duit, táim chun an dá abairt sin a aistriú go Béarla chun cinntiú go dtuigim i gceart iad:

    "It's a great advantage to be able to play an instrument."
    "It's a great advantage that she's able to play an instrument."

    Bhfuil an ceart agam? An difríocht atá ann, imt, ná go bhfuil béim ar an bhforainm sa dara abairt.

    ===

    Cibé rud é, sa teanga scríofa cuirim uascamóg roimh an "bheith". Nós é atá agam ón mbunscoil nuair a déarfaí liom go raibh sé mícheart gan an "a" :)

  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Aard wrote: »

    Ach nach mbeadh an dara ceann ansin, 'Is mór an buntáiste di....'
    Hmm....

    Ceist eile agam!!

    Cén fáth go bhfuil séimhiú ar 'bean' anseo:

    Sin bhean nár thug aon chabhair dúinn.

    An bhfuil an t-alt i 'sin' ???

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Cá chuala tú é sin? Déarfain gur "Sin'n bhean..." ar chóir go mbeadh ann.

    Mar gheall ar an gceist eile, fanfaidh mé le haghaidh freagra Mhicilín!

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Aard wrote: »

    "It's a great advantage to be able to play an instrument."
    "It's a great advantage that she's able to play an instrument."

    Bhfuil an ceart agam? An difríocht atá ann, imt, ná go bhfuil béim ar an bhforainm sa dara abairt.

    ===

    Cibé rud é, sa teanga scríofa cuirim uascamóg roimh an "bheith". Nós é atá agam ón mbunscoil nuair a déarfaí liom go raibh sé mícheart gan an "a" :)

    Tá an lán-cheart agat, ach amháin nach mbacfainn le huaschamóg, cuireann sé daoine ar strae! Scríobhfainn an a ar mhaithe le soiléireacht.
    dory wrote: »
    Ach nach mbeadh an dara ceann ansin, 'Is mór an buntáiste di....'
    Hmm....

    Ciallaíonn an rud atá agatsa ansin 'It is a great advantage to her that she's able to play an instrument',

    ... ach an sampla a thug mé thuas, ciallaíonn sé 'It's a great advantage that she's able to play an instrument'.
    dory wrote: »
    Ceist eile agam!!

    Cén fáth go bhfuil séimhiú ar 'bean' anseo:

    Sin bhean nár thug aon chabhair dúinn.

    An bhfuil an t-alt i 'sin' ???

    Níor cheart go mbeadh séimhiú ar an bhfocal 'bean' sa chomhthéacs sin gan an t-alt a bheith roimhe. Is dócha nach gcloistear an t-alt sa chaint bheo!

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    I gcás 'It's a great advantage that she's able to play an instrument', is dócha gurb é an nós is coitianta i measc foghlaimeoirí a leithéid seo a scríobh:

    'Is mór an buntáiste é go bhfuil sí in ann seinm'

    Ach an chiall leis seo ná 'it's a great advantage until she's able to play'.

    Tá sé seo pléite ag Seán Mac Maoláin in Lorg an Bhéarla.
    ‘Bhí brón orm go raibh an garsún bocht breoite,’ agus ‘bhí iontas orm go raibh Marcas i mbun an chineáil sin oibre.’

    Shílfeá gurbh amhlaidh a d’éag an brón nuair a tháinig breoiteacht ar an
    ghasúr - agus gur éag an t-iontas nuair a chuaigh Marcas i mbun an
    chineáil úd oibre! Agus go bhféadfaí an sórt sin de mhíchruinneas a
    sheachaint ach feidhm a bhaint as an aimsir chaite den bhriathar IS! Sa
    Ghaeltacht go fóill, tá a lán a déarfadh ‘Ba bhocht liom an gasúr a bheith
    breoite.’ agus ‘B’iontach liom Marcas a bheith i mbun an chineáil sin oibre.’

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Fuaireas 'Sin bhean...' ó Urchúrsa Gaeilge, lth 206! Tá sé ann faoi dhó, mar sin ní dóigh liom gur botún cló atá ann.

    Tuigim a bhfuil á rá agat thuas. GRMA!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    Fuaireas 'Sin bhean...' ó Urchúrsa Gaeilge, lth 206! Tá sé ann faoi dhó, mar sin ní dóigh liom gur botún cló atá ann.

    Tuigim a bhfuil á rá agat thuas. GRMA!

    Sílim gur aimsigh mé cúpla botún eile in Úrchúrsa Gaeilge tamaillín ó shin. Níl sé gan locht!

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Is aoibheann liom an snáth seo!

    Ceann eile (mura chuma libh).

    An ea:

    Bhí an t-am ann a mbíodh an bhean ann.

    Bhí an t-am ann a bhíodh an bhean ann.

    Tá m'airgead ar uimhir a dó. Tuairimí?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »

    Bhí an t-am ann a mbíodh an bhean ann.

    Bhí an t-am ann a bhíodh an bhean ann.

    Tá m'airgead ar uimhir a dó. Tuairimí?

    'Bhí an t-am ann a bhíodh an bhean ann' de réir an Chaighdeáin. I gConamara, seans go gcloisfeá 'bhí an t-am ann a mbíodh an bhean ann', ach tá an dá rud i gConamara.

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    An féidir ceist a chur faoi chonas a bhfuil an méid seo ar eolas agat a Mhicilin? An bhfuil leabhair éigin ar chóir dúinn ar fad (a) bheith á léamh?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Tá tráchtas MA á scríobh agam ar ghramadach na Gaeilge! Tá na leabhair seo ar mo dheasc faoi láthair:

    Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí
    An Caighdeán Oifigiúil
    Foclóir Uí Dhónaill
    Stair na Gaeilge
    Gaeilge Chois Fhairrge
    Gaeilge Chorca Dhuibhne
    An Teanga Bheo (Corca Dhuibhne, Conamara, Uladh)
    Irish Dialects Past and Present
    Réchúrsa Gramadaí
    Foclóir Dineen
    Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt

    Is múinteoir gramadaí mé, mar sin caithfidh fios a bheith agam cén áit a bhfuil na freagraí ar cheisteanna mo chuid mac léinn!

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Wow! Tá Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, An Caighdeán Oifigiúil, Foclóir Uí Dhónaill, Úrchúrsa Gaeilge agus Cruinnscríobh na Gaeilge ós mo chomhair anois, ach bíonn sé deacair freagra a aimsiú iontu go tapa!

    Ceist amháin eile! Cén fáth nach gcuirfeá urú ar ghuta sa tabharthadh? Mar shampla, ar an n-airgead? Ach bíonn dhá 'n' in 'ag an nGaeilge'?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    Ceist amháin eile! Cén fáth nach gcuirfeá urú ar ghuta sa tabharthadh? Mar shampla, ar an n-airgead? Ach bíonn dhá 'n' in 'ag an nGaeilge'?

    I gcás 'ar an airgead', ní chuirtear an n roimhe mar bheadh fuaim dhá n ag teacht le chéile, rud atá ródheacair a fhuaimniú.

    Ach i gcás 'ar an nGaeilge', níl fuaim dhá n ag teacht le chéile, tá fuaim n agus fuaim ng ag teacht le chéile! Is fuaimeanna difriúla iad.

    Tá gramadach na Gaeilge bunaithe ar an gcaint bheo agus ar na fuaimeanna!

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Ah tuigim anois. :)

    An bhfuil áis ar líne (nó i bhfoirm leabhar más gá) chun comhchuingiú na mbriathra a sheiceáil? Tá verbix á úsáid agam faoi láthair ach feicim roinnt fadhbanna leis. Mar shampla, ní dóigh liom gurb é 'fuaimtear' an saorbhriathar, aimsir láithreach de 'fuaim'.

    Agus, an bhfuil 'ins an' i gceart ó thaobh an chaighdeáin de, nó an gá 'in san' a scríobh?

    (Brón orm as ucht na ceistanna ar fad!)

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    Ah tuigim anois. :)

    An bhfuil áis ar líne (nó i bhfoirm leabhar más gá) chun comhchuingiú na mbriathra a sheiceáil? Tá verbix á úsáid agam faoi láthair ach feicim roinnt fadhbanna leis. Mar shampla, ní dóigh liom gurb é 'fuaimtear' an saorbhriathar, aimsir láithreach de 'fuaim'.

    Agus, an bhfuil 'ins an' i gceart ó thaobh an chaighdeáin de, nó an gá 'in san' a scríobh?

    (Brón orm as ucht na ceistanna ar fad!)

    Is duine an-cheisteach tú!

    'Fuaimnítear' an leagan atá uait.

    Níl 'ins an' caighdeánach.
    Tá 'sa', 'san' agus 'sna' caighdeánach.

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Is duine an-cheisteach tú!

    Táim! Bím i gcónaí ag smaoineamh ar rudaí faoi leith maidir leis an ngramadach. :cool: Táim ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge lá éigin agus tá fonn orm a bheith muiníneach nuair a chuirfear ceisteanna orm.

    Sin é d'inniu. Tá dóthain foghlamtha agam. Gura míle!

  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Lá nua, ceist nua!!

    Is cuimhin lion cás amháin nach mbactar leis na DNTLS. Ach ní chuimhin liom cad é. Rud éigin faoi aidiacht de shaghas éigin. Táim ag iarriadh, 'cinnte tá faisnéis thábhachtach' a scríobh ach n'fheadar an é ceann de na huaireants na mbactar leis na DNTLS?

    Tá na leabhair ar fad ós mo chomhair ach ní féidir liom teacht ar seo!!

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Ní bhaineann dntls leis na haidiachtaí ná leis na bunuimhreacha:

    bean dheas
    seacht ndoras
    ocht ndoras

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Iontach, grma!

    Ceist deireanach sara dtógaim briseadh don deireadh seachtaine. Tá rud á cheartú anseo agam. "Níl mé cinnte go bhfuair mé....'
    Tá cuma mícheart ar an bhfrása domsa. Nach ceart é a bheith, "Níl mé cinnte ar bhfuair mé..."
    Níl fonn orm rud a 'cheartú' nach bhfuil mícheart!

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Táim réasúnta cinnte gur chóir "go" a bheith ann.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Níl a fhios agam an bhfuilimid in ann ceisteann aistriúcháin a chuir isteach anseo (b'fhéidir go mbeadh snáithe nua dó níos fearr), ach ceist amháin.

    Cad é an Ghaeilge air "We owe them one"?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Paz-CCFC wrote: »
    Cad é an Ghaeilge air "We owe them one"?

    Tá muid faoi chomaoin acu

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Poll Dubh wrote: »
    Tá muid faoi chomaoin acu

    Go raibh maith agat, ach is dócha nach rabhas ró-shoiléir. An frása atá uaim ná nuair atá tú ag iarraidh aisíoch* a fháil. Mar shampla, nuair a chailleann foireann spóirt go foireann, cad a déarfá in áit "we owe them one" an chéad uair eile a imreoidh na foirne?

    *An féidir an focal seo a úsáid sa chomhthéacs atá luaite agam, nó an téarma airgeadais amháin é?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    We owe them one

    =

    Tá ceann againn orthu.

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Tá seo díreach léite agam (ó dhuine a bhíonn i gceart go han-mhinic) - Is trua sin, mar méadaíonn sé ar obair...
    An bhfuil amanna ann nach mbíonn séimhiú tar éis 'mar'? :)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    "Níl sí mar* mhúinteoir acu a thuilleadh, mar** tagann sí ar scoil déanach gach lá."

    *mar = "as"; os comhair ainmfhocail + séimhiú
    ** mar = "because"; os comhair briathair + faic :)

    Is focail aisteach dom "mar" (le brí "because"). Sa bhunscoil, d'fhoghlaim mé é mar "mar go": ...mar go dtagann sí ar scoil. Deir mo dheirfiúr mar seo é chomh maith. Ach sa mheánscoil, níor úsáid an múinteoir mar seo é riamh. An é go raibh múinteoirí áiféiseacha agam agus mé óg ar scoil, nó an bhfuil an dá rud i gceart?

Advertisement