Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Galar Dubhach

  • 26-04-2016 1:10pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭

    Tá súil agam go bhfuil cead agam é sin a dhéanamh,mar ba mhaith liom é a scríobh síos agus a roinnt.

    Tá an galar dubhach luaite go minic le déanaí-ar an teilifís,raidió,fógraí etc.
    Nuair a bhí mé i mo dhéagóir,d'fhulaing mé féin leis le blianta,de bharr féinghráin,easpa-féinmhuinín,gránnacht,bullaithe ar scoil,fadhbanna pearsanta agus mionrudaí eile a chuir mé trína chéile.Le cabhair ó mo chomhairleoir agus mo chlann-go mórmhór mo mháthair agus m'uncail,bhuail mé é de réir a chéile.

    Anois,táim 20 bliana níos sine,agus airím go bhfuil sé ag teacht ar ais orm,mar le déanaí tá mé ag aireachtáil an-bhrónach gan fáth ar bith,mar shampla,cé gur fear crua-láidir mise,thosaigh deora ag titim ó mo shúile agus mé sa leaba oíche amháin agus níl barúil ar bith agam cén fáth.Ní maith liom labhairt le duine ar bith faoi seo-mo chlann san áireamh,mar tá fadhbanna eile acu agus ar aon nós tá fhios agam go mbeidh mé ceart go leor go luath.Tá daoine eile le fadhbanna i bhfad níos mó ná mise,sin ceart.
    Agus táim céad faoin gcéad cinnte go mbuailfidh mé arís é.

    Ní fúimse féin an snáth seo,dála an scéal-tá fáilte roimh gach duine.

Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Doiligh freagra a thabhairt ar sin, a Riabhaigh, ach le rá go bhfuil mo thacaíocht scríofa seo, bídeach agus atá sé, leat.
    Maith tú as an méid sin a scríobh mar deirtear gur maol gualainn gan bhráthair.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Mór an chabhair é seo,a sholais na gréine:-)
    Bíonn ciall agus cumhacht mór ar rudaí agus focail beaga.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Maith thú, a Riabhaigh, as ucht tús a chur leis an snáithead seo. Tá ceann ollmhór in After Hours ar an topaic céanna, ach tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an achmhain anseo do lucht na Gaeilge freisin.

    Inseoidh mé mo scéal féin nuair a fhaighim ríomhaire glúine nua. Ní féidir liom gach rud a dhéanamh ar mo ghuthán os rud é gur scéal fada é!

    Tagann an nath cainte sin chugam faoin saol agus é a bheith "thuas seal, thíos seal". Táim tar éis tamall a chaitheamh "thíos", ach tiochfaidh biseach.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Caithfidh mé a bheith ionraic a Fhile,ní raibh fhios agam cad eile a dhéanamh.Níl fhios sa diabhal agam cén fáth a bhfuil sé sin ag tarlú arís.
    Ach is leor sin fúimse.

    Tá súil agam go mbeidh/go bhfuil tú ceart go leor.Is léir nach fèidir le gach duine an dorchadas seo a sheachaint go h-iomlán,ach dar liomsa,caithfimíd droch-móimintí a ligint teacht,agus a ligint imeacht arís,gan a bheith ag iarraidh iad a sheachaint nó a bheith fannta sa droch-mhóimint seo.

    B'fhéidir go mbeirfimíd cabhair agus tacaíocht ónár gcéile ón snáth seo.

  • Registered Users Posts: 245 ✭✭selfbuildache

    Hey,
    Táim nua ag breathnú isteach anseo ach ní raibh mé in ann GAN freagra a thabhairt. (De gnáth bím ag léamh amháin timpeall na háiteanna seo.) Ceapaim go bhfuil sé fíor thabhachtach súil a choinneáil amach don mhothúchán seo agus an bealach a thagann sé aniar aduaidh ar daoine.
    Tá sé seo déanta agat. Sin an rud is tabhachtaí domsa agus ceapaim má aithníonn tú go bhfuil sé ann agus é ag iarraidh teacht isteach ort, is féidir rud éigin a dhéanamh faoi. Tabhair aire duit féin - déan na rudaí a thabharfaidh suaimhneas duit. Bí santach faoi. (Nílim ag iarraidh tosnú ag tabhairt léacht. Oibríonn rudaí difriúl do daoine difriúl.) Tá súil agam go mbeidh tú ok.

  • Advertisement

    Post iontach é seo.
    An-chumhachtach,spreagúil agus cabhrúil.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac

    Seo an chéad uair a chonnaic mé an snaith seo

    Tá súil agam go bhfuil feabhas i do sgéal ó shoin

    Do léigh mé a lán postanna suimiúla ó "Riadach" ar politics.ie.

    Tú fhéin?

    Caithim féin roinnt ama ar politics.ie mar "ergo2"

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    nuac wrote: »

    GRMA.
    Laethanta geala agus laethanta dorcha.

    Nílim féin ar politics.ie, mar sin is duine eile éagsúil é "An Riadach".

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Táim ag iarraidh cabhair ó duine éigin arís,duine ar bith.
    Tá scamall mór dubh os mo chionn mar a bhí i rith na seachtaine agus is féidir liom a rá go bhfuil mo chroí briste go fíor anois.Ní féidir liom labhairt le duine ar bith faoi seo agus níl fhios agam cad eile a dhéanamh.

    Ní dóigh liom gur féidir liom dul ar aghaidh mar seo.

  • Registered Users Posts: 3,776 ✭✭✭KathleenGrant

    Táim ag iarraidh cabhair ó duine éigin arís,duine ar bith.
    Tá scamall mór dubh os mo chionn mar a bhí i rith na seachtaine agus is féidir liom a rá go bhfuil mo chroí briste go fíor anois.Ní féidir liom labhairt le duine ar bith faoi seo agus níl fhios agam cad eile a dhéanamh.

    Ní dóigh liom gur féidir liom dul ar aghaidh mar seo.

    Caithfidh tú caint le GP Tá aithne aige/aici ortsa agus beidh fhios aige/aici cad ba chóir duit a dhéanamh. An fiú smaoineamh ar leigheas a thógáil? An bfuil aon ghrúpa tacaiochta timpeall an cheantair ina bhfuil tú lonnaithe?

  • Advertisement
  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,703 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Haigh An Riabhach,
    Ní chóir duit fulaingt an galar seo i d'aonar.

    Spreagtar daoine a bhfuil deacrachtaí acu labhairt le duine a bhfuil iontaobhas iontu agus, más cuí, dul chuig a nDochtúirí Teaghlaigh. Má theastaíonn cabhair uait go práinneach agus lasmuigh d'uaireanta an chloig, téigh chuig an roinn A & E is gaire duit.

    Anseo ag Boards.ie níl ár gcuid módhnóirí oilte chun tacú le daoine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá eagraíochtaí eile chun tacaíocht speisialaithe a thabhairt duit. Tá na heagraíochtaí seo liostaithe thíos. Tá súil againn go leanfaidh tú seo suas ionas gur féidir leat an tacaíocht a theastaíonn uait a fháil.

    Más gá duit cabhair láithreach:
    Tá Líne Tacaíochta Aware oscailte 7 lá sa tseachtain, 10 rn-10in ar 1800 804 848

    Tá líne teileafóin na Samaróine oscailte 24/7 ar 116 123

    Tugann Pieta tacaíocht duine-le-duine. Cliceáil 'Déan teagmháil linn' chun uimhir theileafóin agus uaireanta oscailte do bhrainse is gaire a fháil ar a suíomh nó ar a r-phost mary@pieta.ie le haghaidh comhairle maidir le coinne a fháil.

    Má theastaíonn cabhair gan práinne uait:
    Tá seirbhís ríomhphoist tacaíochta ag supportmail@aware.ie

    Tá roinnt seirbhísí úsáideacha eile ann anseo.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac

    Táim ag iarraidh cabhair ó duine éigin arís,duine ar bith.
    Tá scamall mór dubh os mo chionn mar a bhí i rith na seachtaine agus is féidir liom a rá go bhfuil mo chroí briste go fíor anois.Ní féidir liom labhairt le duine ar bith faoi seo agus níl fhios agam cad eile a dhéanamh.

    Ní dóigh liom gur féidir liom dul ar aghaidh mar seo.

    An Riabhach

    Molaim duit bheith cómh gnóthac gur féidir leat.
    o
    M.sh bhi deacrachtaí agam i rith mo saol, go h-áthread bás mo bean chéile agus tógáil mo chlann.

    Bí orm obair tríd na h-ammanna sin - ni raibh aon am le smaoiniú agam.

    Dá bhrí sin molaim duit a bheith gnóthach.

    Muna bhfuil tú bheith gnóthacn i do slí beatha bfhéidir go bhfuil obair deonach le fáil

Advertisement