Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Géaga na Gaeltachta - Maigh Eo

  • 04-10-2013 12:09pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭


    Cuma suimiúil ar seo:
    Gaeilge Gan Streo le Géaga na Gaeltachta!
    Is cumann nua é Géaga na Gaeltachta atá dírithe ar dhaoine óga atá os cionn 18, chun iad a spreagadh chun úsáid a bhaint as a dteanga dúchais, cibé leibhéal Gaeilge atá acu.
    Chun tús a chur leis an gcumann nua seo, tá deireadh seachtaine á eagrú againn i gcoláiste Acla ón 18ú go 19ú Deireadh Fómhair. Deireadh seachtaine lán de chraic, ceol agus spórt a bhéas ann, agus uilig trí mheáin na Gaeilge! Costas €50 a bhéas ar an turas; bia, lóistín, agus imeachtaí san áireamh.
    Tá fáilte chuig gach duine atá os cionn 18 freastal ar an deireadh seachtaine spleodrach seo. Deis iontach a bhéas ann do Ghaeilgeoirí óige bualadh le daoine a bhfuil an suim céanna acu sa teanga. Tá súil ag Géaga na Gaeltachta go n-eagrófar trí mhór-imeachtaí sa bhliain i dTuar Mhic Éadaigh, Acaill agus Iorras.
    Má tá suim ag aon duine dul ar an turas seo cur ríomhphost chuig geaganagaeltachta@gmail.com agus sheolfaidh muid an t-eolas uilig ar aghaidh chugaibh. Is féidir imeachtaí Ghéaga uilig a leanúint ar Facebook chomh maith ag www.facebook.com/geaganagaeltachta
    Is í cur chun cinn na Gaeilge i measc an lucht óig i mbealach sóisialta an phríomh chuspóir atá ag Géaga na Gaeltachta. Tá súil ag Géaga nascadh a dhéanamh idir Ghaeltachtaí Mhaigh Eo, ionas go mbeidh na daoine seo in ann a gcuid Ghaeilge a úsáid amuigh go sóisialta.


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Go néirí an táth leat/leo. Is smaoineamh iontach é sin.

    Tá súil agam go mbeidh éilimh ar na eachtraí a eagraíonn siad..


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cliste wrote: »
    Go néirí an táth leat/leo. Is smaoineamh iontach é sin.

    Tá súil agam go mbeidh éilimh ar na eachtraí a eagraíonn siad..

    Ní bhaineann sé liom, ag scaipeadh an scéil, sin a méid. Tá mé san aoisghrúpa mícheart don chraic seo faraor!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Aoisghrúpa ciúin agus leadránach an ea? :pac:


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní bheadh siad in ann coinneáil suas liom a chara, bheinn an duine deireanach ina sheasamh.:p


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    An bhfuil an eagras seo ag obair fós?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    nuac wrote: »
    An bhfuil an eagras seo ag obair fós?

    Faraor, níor chuala mé tada faoi ó shin


Advertisement