Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Bliain na Gaeilge

  • 04-01-2018 3:27pm
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    An bhfuil fhios ag an bpobal gur ann di? An fiú a leithéid a bheith ann?

    Cad iad na h-easpaí atá ar an sochaí ó thaobh na gaeilge de?

    Fhad is atá an teanga imeallaithe ón ngnáthshaol, nuair nach féidir í a úsáid ach mar theanga shóisialta amháin, conas gur féidir a rá go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh?


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    an bhfuil aon rud ar siúil i mbliana i Mhuigh Eo?


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Bliain an Chúpla Focal.

    Bliain na gClíchéanna: "is seod luachmhar í an teanga" "mol an óige", agus mar sin de ad nauseum.

    Agus san idirlinn leanfaimid go léir ag béarlóireacht go seoidh linn.

    Beidh a lán plé dar ndóigh ar RnG agus TG4 ach ní doigh liom go dtabharfaidh na meáin eile aon aird air.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    Giotaí as Gaeilge san Irish Times gach seachtan, agus leathnaigh gur féidir tarraing amach ( pull out ) san Indo.

    Níor chúala mé Gaeilge riamh ar Raidio Midwest - b'fhéidir nach raibh mé ag éisteacht go cúramach


Advertisement