Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

2456713

Comments

  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Conas a deireann tú ''Had it not been for the..'' i nGaeilge ceart??

    GRMA.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Conas a deireann tú ''Had it not been for the..'' i nGaeilge ceart??

    GRMA.


    Murach an fear sin, bheinn marbh anois - Had it not been for that man, I'd be dead now.


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Sin iontach, go raibh maith agat.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Thug mé cuairt ar Chionn tSáile i gContae Chorcaí le deireanas. Is cosúil go bhfuil ár gcomrádaithe thíos ansin ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí gramadaí. Ach ar chaoi ar bith, ba mhíorúilt é go raibh an chomhartha seo as Gaeilge sa chéad dul síos.

    116621.jpg


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Poll Dubh wrote: »
    ba mhíorúilt é go raibh an chomhartha seo as Gaeilge sa chéad dul síos.

    Sin Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm is dócha; anois bíonn an t-aistriúchán lochtach i gcló mór os cionn an Bhéarla in áit a bheith thíos faoi i gcló iodálach an-bheag. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn! ;):D

    B'fhiú dúinn snáithe ar leith a thosú faoi chomharthaí lochtacha as Gaeilge ar fud na tíre. D'fhéadfadh sé a bheith thar a bheith siamsúil.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 31 adelarge1


    cad e an gaeilge le haghaigh "accent" .


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Canúint

    Canúint chúige uladh/chúige mumhan


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Blas = accent
    Canúint = dialect


  • Registered Users Posts: 31 adelarge1


    gur raibh maith agaibh


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    cén Ghaeilge atá ar "what if..."? xD grma


  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    cén Ghaeilge atá ar "what if..."? xD grma

    Cuir in abairt é. Braitheann sé ar an gcomhthéacs.

    An dtuigeann éinne cathain ar cheart 'cur' & 'cuir' á úsáid? Cur isteach? Cuir isteach?

    Agus mura/muna - ní féidir liom teacht ar an riail sin i mo leabhairín.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dory wrote: »
    An dtuigeann éinne cathain ar cheart 'cur' & 'cuir' á úsáid? Cur isteach? Cuir isteach?

    Cuir ort do chóta. (Ordú)
    Chuir mé airgead sa bhanc. (Aimsir Chaite)
    Sin é an t-airgead a chuir mé sa bhanc. (Aimsir Chaite)
    Caithfidh mé airgead a chur sa bhanc. (Ainm briathartha atá ann anseo)
    Tá mé ag cur airgid sa bhanc. (Ainm briathartha arís)
    dory wrote: »
    Agus mura/muna - ní féidir liom teacht ar an riail sin i mo leabhairín.

    Is é mura an leagan caighdeánach, tá muna canúnach.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    Go raibh míle! Bhí sin ag cur isteach orm le fada!


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Is é mura an leagan caighdeánach, tá muna canúnach.
    Ait liom é sin -- cheap mé i gcónaí gur a mhalairt a bhí ann!


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    dory wrote: »
    Cuir in abairt é. Braitheann sé ar an gcomhthéacs.

    ok. Bhuel...táim saghas cleachta le "let's suppose" a chur in áit "what if" i nGaeilge, bíodh nach bhfuil an bhrí céanna acu...an bhfuil? xD

    mar shampla, "cur i gcás nach bhfuil sé fuar" = "let's suppose it's not cold"
    anois, cén Ghaeilge atá ar "what if it wasnt cold" ? ní dóigh liom gur an chéad cinn atá ann lol


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Aard wrote: »
    Ait liom é sin -- cheap mé i gcónaí gur a mhalairt a bhí ann!

    An bhfuil canúint ar leith agat? Níl mé cinnte cén chanúint lena mbaineann sé.
    ok. Bhuel...táim saghas cleachta le "let's suppose" a chur in áit "what if" i nGaeilge, bíodh nach bhfuil an bhrí céanna acu...an bhfuil? xD

    mar shampla, "cur i gcás nach bhfuil sé fuar" = "let's suppose it's not cold"
    anois, cén Ghaeilge atá ar "what if it wasnt cold" ? ní dóigh liom gur an chéad cinn atá ann lol

    "agus mura mbeadh sé fuar?" Níl gá leis an "what if" a aistriú go díreach i mo thuairim!


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    go raibh maith agat ^^


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Gaeilge BÁC, má tá a leithéid ann :)

    Fuaimníonn "mura" aisteach dom mar an leagan caighdeánach, sin an méid.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory


    Cán fáth go bhfuil, 'caint dhíreach' ceart? Cad faoin DNTLS?


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dory wrote: »
    Cán fáth go bhfuil, 'caint dhíreach' ceart? Cad faoin DNTLS?

    Sa Chaighdeán Oifigiúil, ní bhaineann riail DNTLS le haidiachtaí (is aidiacht í díreach). Ach chloisfeá bean deas i nGaeilge na Mumhan.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 369 ✭✭Violafy


    An bhfuil fhios ag aon duine conas "It/that would be a dream come true" as Gaeilge ag úsáid an módh choinneallach? Táim ag iarraidh é a rá má chuireann an scrúdaitheoir ceist orm sa bhealthuiscint don Árdteist faoin gcrannchur náisiúnta a bhuachaint.
    Go raibh maith agaibh. :)


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Violafy wrote: »
    An bhfuil fhios ag aon duine conas "It/that would be a dream come true" as Gaeilge ag úsáid an módh choinneallach? Táim ag iarraidh é a rá má chuireann an scrúdaitheoir ceist orm sa bhealthuiscint don Árdteist faoin gcrannchur náisiúnta a bhuachaint.
    Go raibh maith agaibh. :)


    Fíorú brionglóide a bheadh ann dá mbuafainn an crannchur náisiúnta
    - It would be a dream come true if I won the national lottery.


  • Registered Users Posts: 369 ✭✭Violafy


    Gael wrote: »

    Fíorú brionglóide a bheadh ann dá mbuafainn an crannchur náisiúnta
    - It would be a dream come true if I won the national lottery.

    Go raibh míle maith agat! :)


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    I gcás na copaile, cad é an difríocht idir "Is..é/Ba..é" agus "Is ea/ab ea"?


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Paz-CCFC wrote: »
    I gcás na copaile, cad é an difríocht idir "Is..é/Ba..é" agus "Is ea/ab ea"?

    Déarfá:

    • Is é Enda an Taoiseach / Ba é Brian an Taoiseach.
    • Is polaiteoir é Enda / Ba pholaiteoir é Enda.
    • Polaiteoir is ea Enda / Polaiteoir ba ea Enda.

    An bhfreagraíonn sé sin an cheist?


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Déarfá:

    • Is é Enda an Taoiseach / Ba é Brian an Taoiseach.
    • Is polaiteoir é Enda / Ba pholaiteoir é Enda.
    • Polaiteoir is ea Enda / Polaiteoir ba ea Enda.

    An bhfreagraíonn sé sin an cheist?

    Mar, go praicticiúil, ciallaíonn Is é agus Is ea é an rud céanna? Ceart go leor.

    An bhféadfá a rá "Is an Taoiseach é Enda"?

    Agus an gciallaíonn ba ea agus ab ea an rud céanna, ach is as canúintí iad?

    Gura míle.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    "Is é an taoiseach é" means "He's the taoiseach" as though somebody has asked "Cé hé sin?", and you were giving a plain answer.

    "An taoiseach is ea é" means "he's the taoiseach", emphasising his job, and that he's not the tánaiste, for example.


    ===


    Btw, when you don't use the article, you just say "Is taoiseach é". When you do use it, you say "'Sé an taoiseach é", or probably more commonly "An taoiseach atá ann".


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Conas a scríobhtar an ghiorrúchán do throigh agus d'orlach?

    As Béarla, deirtear "I'm 6ft 2" in height", mar shampla. An ndéarfaí "Táim 6tr 2or in airde" as Gaeilge?


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ní fhaca mé a leithéid riamh, seachas 6'2" a scríobh.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ní fhaca mé a leithéid riamh, seachas 6'2" a scríobh.

    Bhuel, chonaíos féin an leagan sin agus 6ft 2in agus meascán idir an dá cheann (mar i mo phost eile, thuas). Mar sin, nílim ró-chinnte faoin mbealach/faoi na bealaí a bhféadfaí a úsáid as Gaeilge.

    Ach, muna mbím cinnte, is féidir liom a bheith slán agus úsáid an leagan a dhúirt tú. Gura míle.


Advertisement