Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Banda Láimhe

Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Go deas! Go dtí seo, níor thaitin na bandaí sin liom in aon chor ach b'fhéidir go gceannóinn ceann dóibh sin.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Ceannóinn ceann, ach is fuath liom an 'fad' seo. Ba mhaith liom caoi eile mo Ghaeilge a léiriú go soiléir.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Dalta wrote:
    Ceannóinn ceann, ach is fuath liom an 'fad' seo. Ba mhaith liom caoi eile mo Ghaeilge a léiriú go soiléir.

    An fáinne!


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    An fáinne? Is dócha go bhfuil rud an-fhiosta é an fáinne seo i gciorcail Gaeilgeoire ach, cad é ann?

    EAGAR: Ná bac, fuair mé amach faoi ar an suiomh Gaelport. An-shiumiúil, beidh mé ag ceannach ceann bonn. An bhfuil ceann agaibhse?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Níl ach ba mhaith liom ceann a bheith agam.

    Fuaireas an ceann airgid sa mheánscoil ach chailleas é. (Ní thabharfaidís an ceann órga do dhaoine faoi 16).


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 440 ✭✭Shyster


    sea fuaireas an fáinne ór anuraidh sa mheanscoil.. Cheapadh go rabhamar aibi go leor chun deighleál leis faoin ardteist! Tá siad éasca a fháil, táid ar fuaid na háite, i gCiarrai ach go háirithe


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tabharfaidh Conradh na Gaeilge fáinne do dhuine ar bith a fhad is go n-íocfaidh siad as an gcostas féin. Ní gá aon scrúdú speisialta a dhéanamh, mar a cheapann daoine áirithe.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Cén praghas atá air?


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Ní beidh siad ró dhaor, tá siad beag go leor. Táim ag caitheamh mo cheann ór faoin nóiméad mar a thárlíonn sé. Is deas an rud é nuair a thugann duine é faoi dheara.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    simu wrote:
    Cén praghas atá air?

    Cheannaigh mise mo cheann-sa nuair a bhí an punt fós i bhfeidhm agus chosain sé cúig nó sé phunt. Mar sin, is dóigh go bhfuil ocht nó a naoi euro air anois.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 975 ✭✭✭Plunky


    Agus céard, just siúlann tú isteach go dtí an Conradh, 'is íocann tú as, 's faigheann tú é? Nó an gcaithfidh tú ordú a chuir isteach roimhré?


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Plunky wrote:
    Agus céard, just siúlann tú isteach go dtí an Conradh, 'is íocann tú as, 's faigheann tú é? Nó an gcaithfidh tú ordú a chuir isteach roimhré?


    Díreach é. Nó sin a rinne mise pé scéal é. Ní gá aon ordú a chur isteach go bhfios dom. Ach ní dóigh liom go dtabharfaidh siad duit é má iarrann tú é as Béarla ar ndóigh! ;)


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ni chaithean einne fainne san la ata inniu ann...
    Ta se seo sli nua aimseara


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    "Ni chaithean einne fainne san la ata inniu ann..."

    Ara feis leis na daoine seo, tá'im bródúil as mo Ghaeilge agus ba mhaith liom é a léiriu go soiléir go chuile. Is maith é freisin, dá bhfeiceann duine é agus ansin, ba fhéidir comhrá idir an beirt agaibh.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    **** nua aimsearch.

    Bh'fearr liom piosa tradisún agus fáinne ar mo chroí.

    Is rud maith é "nua aimsearach" nuair a mheallann sé daoine, ach is é an teanga a bhfuil an rud tábhachtach.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    An Cliste ar fad :D
    ach nilim ach a ra ta daoine agus an rud is tabhachtach doibh na faisiun...
    Seo sli go feidir leo beidh faisiuntach(?) agus beidh gaelach
    Ach taim libh, agus taim chun (buiochas le dia) mo fainne a fail, agus a chaithimh amarach :D


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Cliste wrote:
    An Cliste ar fad :D
    ach nilim ach a ra ta daoine agus an rud is tabhachtach doibh na faisiun...
    Seo sli go feidir leo beidh faisiuntach(?) agus beidh gaelach
    Ach taim libh, agus taim chun (buiochas le dia) mo fainne a fail, agus a chaithimh amarach :D

    Tá pointe maith agat. Bheadh sé níos dóchúla go labhróidh daoine an teanga dá mbeadh sé faiseanta. Agus, mar a dúirt duine eile, tá an faisean sealadach agus níl sé óiriúntach chu teanga a fhoglaim, rud is gá daingne agus meon láidre, ní bhaineann siad siúd le faisean go minic.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ar a laghad, tá rogha ag daoine idir an fáinne nó an banda láimhe sin.
    Vive la difference!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Cen fath ata siad deanta san mheirica? Seo 'irishgaelic'
    nil se ceart... Ca bhfuil na Eireannach? An bhfuil muid co leisciúl?


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    "An bhfuil muid co leisciúl?"

    Is cosúil.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cliste wrote:
    Cen fath ata siad deanta san mheirica? Seo 'irishgaelic'
    nil se ceart... Ca bhfuil na Eireannach? An bhfuil muid co leisciúl?

    Níl ann ach gimic i ndáiríre. Níl sé chun difear ar bith a dhéanamh do chás na teanga. Agus is breá leis na Meiriceánaigh gimics Éireannacha. Iad féin is agus a gcuid tatúanna as Gaeilge, nach dtuigeann siad.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Bhuel, fuair mé mo fháinnese inniu. Bfhéidir gur amadán mé ach cheap mé gurb fháinne a bheadh ann, ní cuimsitheach ar do gheansaí. Beidh sé anásta é a athchur ar do gheansaí le gach aon gheansaí a chuirim orm. Ach, ar aon nós, beidh daoine in ann a fheicéal gur Gaeilgeoir mé.

    Bhí mé ag ceapadh faoin gceann airgid a fháil toisc gur raibh mé ag caint leis an mbean sa shiopa leabhair agus níor thuig mé níos mó ná cúpla focal toisc go raibh sí ag caint chomh tapaidh.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    D'fhéadfá é a chaitheamh i do chluais b'fhéidir!


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Maith an smaoineamh! Ach, cheapfadh daoine gur aerach mé ní gur Gaeilgeoir mé.


  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Cheannaigh mé fáinne ar an sean-stíl an mhí seo caite. Tá siad níos déise ná an stíl nua, im thuairimse. Bhuel, chun an fhírinne a insint, is maith liom an dá chineáil.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Faigh ceann or... fuair me ceann or o mo bhun-scoil gaelach, ach ni raibh muid co maith sin. Agus an rud is fearr na e a chaitheamh, mar ta alan fainne timpeall, ach nil einne ag caitheamh iad...

    gimics an ea... ceart... Ach cen fath nach bhfuil na gimics uasaideach le fail in Eireann? nuair go bhfuil na milte siopai 'carrolls'?


Advertisement