Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Léirmheas Cheoil

  • 28-07-2017 8:16pm
    #1
    Registered Users Posts: 53 ✭✭


    Danzig "Black Laden Crown"
    Dia dhaoibh.Tosnóidh mé leis an ceann seo.Duine de na laochra is mó atá ann san domhain "heavy metal"(cuir gaeilge ar sin,aon tuairim agat?)Pé scéal é,tá an seanfhondúir Glenn Danzig ar ais ina steillebheatha in éineacht lena a chomhgleacaithe leis a chéad album ón bhliain 2015,agus táim ag rá libh,tá sceitimíni orm ag éisteacht leis an albam seo.Tá DANZIG ar ais ar a shean léim anseo,ceol mall,trom,tionchar na blues le bhraith air,cosúil leis an gceol is fearr a rinne An D mór ag deireadh na h-ochtoidí.Ag tabhairt omós don Diabhail e féin atá danzig sna liricí,mar is nós leis,caithfidh mé a raibh nach n-éisteann mé leo,tá an ceol ró-mhaith.Fáilte ar ais,a dhuine uasal,nar laga Dia thú :-)


Comments

  • Registered Users Posts: 4 Adharcach


    mo_dhuine wrote: »
    Danzig "Black Laden Crown"

    Léirmheas dea-scríofa - maith thú


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Iron Maiden "Phantom Of The Opera"
    Bíonn mé ag éisteacht le raidió Braingell ar an idirlíon,agus chas siad an seoid seo ó Iron Maiden.Níor chuala mé le fada é,agus ba bheag gur phléasc mé le teann áthais.An gcuimhníonn libh an fógra teilifíse fadó leis an luthchleasaí ó na 80dí Daley Thompson?Sea,an t-amhrán sin.Is cosúil go rinne mé dearmad ar Maiden le fada,mar nuair a tháinig leitheidí Metallica,Anthrax,Slayer, Megadeth,Exodus is ariale sna 80í ,bhí Maiden ag snámh in aghaidh easa.Ach ba chóir a bheith ómosach dóibh i gconaí,agus na ceannródaíthe eile,Black Sabbath,Judas Priest,Def Leppard,Van Halen,téann an liosta sin ar aghaidh


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Na Ríthe,ag dul i bhfeabhas de réir mar atá siag ag dul in aois.Ní bheidh a leithéidí arís ann,ar an bhfód ón bhliain 1981,agus an smiorúlacht fós go tréan iontu.Tugann an albam seo árdú chroí agus misneach dom gach uair a éisteann mé leis.*****


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Ba mhaith liom na 10 n-albaim a d'imigh is mó i bhfeidhm orm a roinnt libh.Is cuma libh, is dócha,ach ba mhaith liom iad a roinnt libh,pé scéal é
    Soundgarden "Louder Than Love" 1989.Faith No More "The Real Thing" 1989.Skid Row "Subhuman Race" 1995 Metallica "And Justice For All" 1988 Alice In Chains "Facelift" 1990 Love/Hate "Wasted In America" 1992 Guns N Roses "Appetite For Destruction" 1987 Kyuss "And The Circus Leaves Town" 1995 Suicidal Tendencies "Join The Army" 1987 Anthrax "Stomp 442" 1995
    Agus ligim osna faoisimh tar éis an méid sin


  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine


    Guns N Roses "Chinese Democracy" 2008 ****
    Is cuimhin liom an dlúthdiosca a cheannach i gcathair na Gaillimhe ar an lá a eisíodh é i Samhain 2008,i siopa nach bhfuil ann nios mó!is dócha go bhfuil laethanta an drabhláis thart do Axel agus a chomhgleacaithe i bhfianaise an album seo,ach,cén dochar!Níl aon "Mr Brownstone" nó "Nightrain" ar fáil anseo,ach tá fiúntas ag baint leis an saothar ag an am chéanna.Táim fós ag éisteacht leis,10 mbliana siar an bóthar,agus tá suil agam go mbeidh na Gunners ar ais arís,lá eicínt!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 48,990 ✭✭✭✭Lithium93_


    mo_dhuine wrote: »
    Guns N Roses "Chinese Democracy" 2008 ****
    Is cuimhin liom an dlúthdiosca a cheannach i gcathair na Gaillimhe ar an lá a eisíodh é i Samhain 2008,i siopa nach bhfuil ann nios mó!is dócha go bhfuil laethanta an drabhláis thart do Axel agus a chomhgleacaithe i bhfianaise an album seo,ach,cén dochar!Níl aon "Mr Brownstone" nó "Nightrain" ar fáil anseo,ach tá fiúntas ag baint leis an saothar ag an am chéanna.Táim fós ag éisteacht leis,10 mbliana siar an bóthar,agus tá suil agam go mbeidh na Gunners ar ais arís,lá eicínt!

    Albam iontach é má bhreathnaíonn tú ar mar an t-albam aonarach a bhí Axl ag iarraidh dhéanamh ag teacht chun críche na nóchaidí agus an tóin ag titim as Guns N' Roses.

    Sé an trua é nach bhfuair an ré sin den bhanna an t-aitheantais, mar bhí banna a d'fhéadfadh a bheith iontach curtha le chéile ag Axl ag breathnú thríd an leabhrán.

    Agus má chreideann duine sna ráflaí a tháinig leis an bpróiseais a lean an albam, tá I bhfad níos mó amhráin a taifeadta ina sheilbh ag Axl. Amhráin is dóigh liom nach bhfeicfidh solas lae mura sceitheadh ar líne iad ar chaoi éigin.

    Tá scéil an albam uilig baillithe bliain ar bhliain ar an nasc thíos, más mian le aon duine é léamh.

    http://www.gnrevolution.com/viewtopic.php?id=5059


Advertisement