Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Raidió na Life: 25 bliana ar an aer

  • 19-09-2018 7:25am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Beidh Raidió na Life ag ceiliúradh a bhreithlá ar an 25 Meán Fómhair seo chugainn. Tá seirbhís á sholáthar ag an stáisiún do phobal na gaeilge i mBaile Átha Cliath ón bhliain 1993 ar 106.4fm (102.2fm roimhe seo) agus is féidir éisteacht ar-líne ar fud an domhain. Thosnaigh go leor craoltóirí a chuaigh ar aghaidh go stáisiúin eile (RnaG, Lyric, RTÉ, TG4) sa stáisiún agus bíonn deiseanna i gcónaí do dhaoine nua taithí agus oiliúint a fháil. Tá éacht déanta acu. www.raidionalife.ie


Comments

  • Registered Users Posts: 1,854 ✭✭✭deirdremf


    Is dea-scéal é seo, cé go gceapaim gur chóir don stáisiún caighdeáin a bheith acu ó thaobh na Gaeilge de.

    Tuigim gur oibrithe deonacha iad an chuid is mó de na daoine a láithríonn na cláracha, ach b'fhiú don stáisiún leabhar stíle a fhorbairt dá chuid láithreoirí.
    D'féadfaí a mhíniú do na láithreoirí nach ionann an fhuaim atá ag "c" agus ag "ch", cur i gcás, ná ag "g" agus "gh".
    D'fhéadfaí freisin an difríocht idir "tá" agus "is" a mhíniú dóibh freisin.

    Táim cinnte de go mbeadh mórchuid na n-hoibrithe sásta feabhas a chur ar a gcumas i nGaeilge.


Advertisement