Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Olltoghchán 2016

Options
  • 18-02-2016 10:53am
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭


    Níl ach seachtain is lá fágtha go dtí an tOlltoghchán. Conas mar a vótálfaidh tusa?

    Táimse i gCorcaigh Theas-Lár. Laghdódh ó cheantar ceithre shuíocháin é.

    De gnáth, cuirimse cúpla mion-iarrthóir neamhspleách chun tosaigh. Seachas na hantoiscigh atá as a meabhair! Déarfainn go gcuirfidh mé Lorna Bogue ón Chomhaontas Glas mar an gcéad iarrthóir ó pháirtí atá cuíosach mór. Is iarrthóir óg, nua atá i gceist. Mar sin, is i bhfad óna polaiteoirí a bhí sa chomhrialtas le Fianna Fáil atá inti. Chomh maith le sin, is dócha gur é an t-aon pháirtí lena n-aontaím leis a bhunpholasaí.

    Maidir leis na páirtí eile, níl ‘fhios agam. Is maith liom Ciarán Lynch ón Lucht Oibre, ach nílim ró-shásta leis an jab a dhein an páirtí sa rialtas seo. Tá cumas ag Donnchadh Ó Laoghaire, ach nílim ró-mhór le Sinn Féin. Gach rud atáid i gcoinne anso, táid i bhfabhar sa Tuaisceart. Muirir uisce, laghdú caiteachais, an tAE srl. Agus is náireach ná fuil cumas na teangan ag Gerry Adams dul fé agallamh. Cheapfá go mbeidh Gaelainn ag gach uile TD atá acu.

    Maidir le Fianna Fáil is Fine Gael. Bhuel, is beag difríocht atá idir eatarthu sa lá atá inniu ann. Mar pháirtithe, déarfainn go mb’fhearr liom FF…ar éigean. Is láidir iad Michael McGrath is Jerry Buttimer ar an dá thaobh. B’fhearr liom McGrath ná Mícheál Martin ag FF, ach níl seans ar bith nach n-eireoidh leis an mbeirt acu. B’fhearr liom nuair a éiríonn le réimse leathan d’iarrthóirí. Ar a mhéid, duine amháin ó pháirtí amháin. Ní maith liom nuair a bhíonn smacht mór ag grúpa amháin ar a’ ndáilcheantar. Msh, san olltoghchán deireanach, do bhain FF is FG ceithre as cúig shuíochán.

    Cén dáilcheantar atá agat agus conas mar a gcaithfidh tú do vóta?


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Maith an fear a Phaz, tá an olltoghcháin ag teacht an sciopaidh!

    Táim féin i mo gcónaí I Baile Átha Cliath Thiar. Is Dáilceantar iontach suimiúil é, le Leo Varadkar, Joan Burton, Ruth Coppinger ina measc.

    Mar tú fhéin, tá mo céad rogha ag dul chuig an gComhaontas Ghlas. Tá Roderic O'Gorman ag obair go crua san ceantar ar feadh tamall an fhada, agus i mo thuairim tá easpa daoine ag caint faoi pleanáil, an timpeallacht srl.

    Ó taobh na iomathóirí eile, nílim cinnte cá mbeidh mo dara rogha.

    Tá Leo (FG) slán sábhailte, ceapaim freisin go mbeidh Donnelly (ó SF) slán.
    Beidh troid mór idir Joan Burton (LO), Jack Chambers (FF), David McGuinness (neamhspléach) agus Ruth Coppinger (Páirtí Socialta).

    Tá Joan I dtrioblóid mór, agus ní léiríonn sí gur fiú an Lucht Oibre. Tá dhá suíochán ar an chlé - mar sin ceapaim go mbeidh an bua ag Ruth - agus mar sin beidh Joan ag troid lé na iarrathóirí sa lár/dheis.
    Ar an taobh eile tá easpa taithí ag Jack ó FF, agus tá cumhacht FF imithe, cé gur ón ceantar é Brian Lenihan. Fuair FF ré le David McGuinness, agus táim ag súil go mbeidh scoilt i votaí FF.


    (Is bhaill don Chomhaontas Ghlas mé - táim á rá, ionas go bhfuil fios agaibh, agus nach gceapfaidh sibh gur 'shill' mé!)


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Dáilcheantar Thiobraid Árann domsa,agus cúig áit le fáil sa dáilcheantar thíos anseo.

    Na hiarrtheoirí:

    Noel Coonan,Tom Hayes,Maria Murphy-Fine Gael.
    Alan Kelly-An Lucht Oibre.
    Siobhán Ambrose,Jackie Cahill,Michael Smith-Fianna Fáil.
    Séamus Morris-Sinn Féin.
    Gearóid Fitzgibbon-An Comhaontas Glas.
    Séamus Healy-An Grúpa Gníomhaíochta Oibrithe agus Dífhostaíocht.
    Michael Lowry,Mattie McGrath,Michael Dillon-Neamhspleách.

    Nílim cinnte fós conas a chaithfidh mé mo vóta.
    Ach tá suíomh maith ann chun cabhrú lenár dtuairimsí agus lenár roghanna:
    http://www.whichcandidate.ie


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Ní bhfuair mé mo chárta vótaíochta fós-agus lá amháin fágtha roimh an t-ollthoghcháin.
    Tá sé faighte ag daoine eile san áit a n-oibríonn mé,áfach.

    Tá deimhniú breithe,ceadúnas teilifíse,agus cúpla ráiteas bhainc agam.
    Ach níl pas agam,agus níl ceadúnas tiomàna agam ach oiread.

    Agus mura dtagann an cárta vótaíochta chugam amárach....???


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Dén cinnte go bhfuil aitheantas pearsanta ar an lá agus beidh tú togha. Fiú ceadúnas tiomáint.

    Is leor aitheantas obair nó scoil fad is atá do phictiúir le feiceáil.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Grudaire wrote: »
    Dén cinnte go bhfuil aitheantas pearsanta ar an lá agus beidh tú togha. Fiú ceadúnas tiomáint.

    Is leor aitheantas obair nó scoil fad is atá do phictiúir le feiceáil.
    Tá foirm ML-10 agam freisin agus mo ghrianghraf greamaithe air.
    Fuair mé é ó stáisiún na nGardaí mí amháin ó shin mar aitheantas don gComhair Creidmheasa.

    Is aisteach é nár bhfuair mé an cárta fós-tá mé lánchinnte go bhfuil mé cláraithe mar abhí mé lena thoghcháin agus na reifrinn eile roimhe sin-mar shampla an reifreann le haghaidh pósadh chomhghnéasach an bliain seo chaite-agus sheolfar an cárta chugam timpeall le 6 lá roimh ré.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Is dóigh liom go bhfuaireas mo chárta vótála seachtain i ndiaidh an refrinn dheireanaigh. D'úsáideas mo cheadúnas tiomána, sílim, agus do bhíos go breá. Bíonn fadhbanna i gcónaí. Sin cad a tharlaíonn is trí milliún toghthóir le dul i dteagmháil le, is dócha.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An cúigear atá tofa i dTiobraid Árann ná:

    Mícheál Ó Labhraí-Neamhspleách.
    Maitiú Mac Craith-Neamhspleách.
    Séamus Ó hÉalaithe-Grúpa Gníomhaíochta Oibrithe agus Dífhostaíocht.
    Jeaicí Ó Cathail-Fianna Fáil.
    Ailín Ó Ceallaigh-An Lucht Oibre.

    Bua mór ag na neamhspleácha thíos anseo.


Advertisement