Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

17891113

Comments

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    GRMA.

  • Registered Users Posts: 11 MacGiobuin

    Ceist Ghasta
    Cuirfear fáilte roimh aon chomairle!

    Tá na rudaí seo agam:
    Tá mé ag iarraidh oibre (ginideach)
    Tá mé ag iarraidh obair a dhéanamh (gan ginideach)

    ach cad é faoi seo

    Tá mé ag iarraidh obair a bheidh furasta

    Tá mé ag iarraidh oibre a bheidh furasta (sílim seo)

    Cé acu i gceart a chairde?
    An ndéanann 'atá, a bheidh, a bheadh srl' difear?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    MacGiobuin wrote: »
    Ceist Ghasta
    Cuirfear fáilte roimh aon chomairle!

    Tá na rudaí seo agam:
    Tá mé ag iarraidh oibre (ginideach)
    Tá mé ag iarraidh obair a dhéanamh (gan ginideach)

    ach cad é faoi seo

    Tá mé ag iarraidh obair a bheidh furasta

    Tá mé ag iarraidh oibre a bheidh furasta (sílim seo)

    Cé acu i gceart a chairde?
    An ndéanann 'atá, a bheidh, a bheadh srl' difear?

    'ta mé ag iarraidh oibre a bheidh furasta' - breathnaíonn sé ceart domsa. Féach ar Stíl Tí an Ghúim - Aguisín A 3(f) - lth 152 ar an PDF

    Ní dóigh liom go ndéanann 'atá, a bheidh, a bheadh srl' difear ar bith

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    An bhfuil srian ann maidir le comhfhocail? An féidir níos mó ná dhá mhír a chur le chéile len é a dhéanamh nó mír a chur le rud atá ina chomhfhocal cheana ("comh-chomhfhocal" de shaghas)? Comhchuriarracht is ea an focal atá agam, ach níl 'fhios agam an bhfuil sé mícheart go gramadúil.

    Agus cén Ghaeilge a chuirtear ar "end" i gcomhthéacs staid spóirt? Ie, an Shed End, an Kop End, an Railway End etc.?

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Sílim gurb é 'ceann' a chuirtear ar 'end' sa gcomhthéacs sin. Ba chóir go mbeadh leagan Gaeilge oifigiúil ar an Canal End, ach níl mé in ann teacht air.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Sílim gurb é 'ceann' a chuirtear ar 'end' sa gcomhthéacs sin. Ba chóir go mbeadh leagan Gaeilge oifigiúil ar an Canal End, ach níl mé in ann teacht air.

    Fuaireas amach inniu gur é "taobh" an focal a úsáidtear. Taobh na Cánala, Taobh na Carraige Duibhe srl.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Is dóighl go bhfuilim i gceart le seo, ach le bheith cinnte:

    Príomhroinn Sraith na hÉireann = League of Ireland Premier Division
    Príomhroinn Sraith Éireann Airtricity = Airtricity League of Ireland

    An bhfuil sin i gceart go gramadúil? Nó b’fhéidir go bhfuil “Príomhsraith na hÉireann/Príomhsraith Éireann Airtricity” níos snasta?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Príomhroinn Shraith na hÉireann = League of Ireland Premier Division
    Príomhroinn Shraith Éireann Airtricity = Airtricity League of Ireland

  • Registered Users Posts: 2,222 ✭✭✭robman60

    Bhí me ag smaoineamh inniú, tá a fhios agam go bhfuil teidil an bhoird "Bord Bia". Cén fáth nach bhfuil sé "Bord Bí". Cheap mé go mbeadh sé sa tuiseal ginideach, mar tá dá ainmfhocal ag teacht le chéile.

    Agus cest amháin eile, an bhfuil a fhios agaibh cad é an focal as Gaeilge do "Pancake Tuesday. Is fear fiosrach é m'athair agus tá dearmad déanta aige air!

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    robman60 wrote: »

    An Bord Bídh a bhí ann roimh an gCaighdeán, ach 'Bia' is ea 'bia' sa tuiseal ginideach anois. Roinnt focal eile mar an gcéanna - go leor díbh dár críoch guta.

    Máirt na hInide atá ann :-)

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    nó Máirt na bPancóga

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    nó Máirt na bPancóga

    Máirt na bPancóg :p

  • Registered Users Posts: 11 MacGiobuin

    A chairde
    Táim ag iarraidh cuidithe….
    Anois mar tús an scéil, tuigim go leanann ‘dá’ leis an mhodh coinníollach agus ‘má’ leis na haimsirí eile, den chuid is mó.
    Áfach
    Níl mé go foill cleachta leis na clasáil choinníollacha oscailte agus druidte (iata).
    An mbeadh duine ar bith anseo a bhfuil nótaí maithe aige/aici, ar an ábhar seo?
    Mar shampla
    Má thiocfadh leis ....
    Agus
    Dá dtiocfadh leis….
    Tá a fhios agam nach go hiomlan soiléir an achainí seo.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Hi a chairde cupla ceist. An bhfuil sé mícheart 'bhí/bheadh sé níos fearr' a rá seachas 'bhí/bheadh sé ní b'fhearr'?

    Cén fáth go bhfuil gáirdíní na lus ar Botanic Gardens? Feictear dom gur chóir go mbeadh Gáirdíní na Lusa nó na Lusanna a bheith ann.

    Ar an stíl céanna cén fáth go bhfuil Baile Átha Cliath ann seachas Baile Átha Cléithe nó Baile Átha Cliatha?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Hi a chairde cupla ceist. An bhfuil sé mícheart 'bhí/bheadh sé níos fearr' a rá seachas 'bhí/bheadh sé ní b'fhearr'?

    I ndáiríre, is beag duine a deireann "bhí/bheadh sé ní b'fhearr", in ainneoin é a bheith níos cirte. Cloistear "bheadh/bhí sé níos fearr" i bhfad níos minice áfach. An t-aon rud atá "ceart" an rud a deireann formhór mór an phobail, agus is é sin "bheadh sé níos fearr".
    Cén fáth go bhfuil gáirdíní na lus ar Botanic Gardens? Feictear dom gur chóir go mbeadh Gáirdíní na Lusa nó na Lusanna a bheith ann.

    Ar an stíl céanna cén fáth go bhfuil Baile Átha Cliath ann seachas Baile Átha Cléithe nó Baile Átha Cliatha?

    Seanainm is ea "Gairdíní na Lus". Dá mbeadh an áit á hainmniú inniu, bheadh "Gairdíní na Lusanna" air. Seanriail de shaghas éigin atá ann agus tá samplaí eile ann de, ar nós "Tráth na gceist" seachas "tráth na gceisteanna", agus "Cumann na mBunscol" seachas "Cumann na mBunscoileanna". Níl a thuilleadh eolais agam ina thaobh seo faoi láthair.

    Níor thug mé sin faoi deara faoi "Bhaile Átha Cliath" riamh, tá sé suimiúil!

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Go raibh maith agat. Tá sé suimiúill alright, déarfainn gur seanleagan éigin atá i gceist le BÁC. Taispeánann sé cé chomh craiceáilte is atá mo shaol agus mé ag smaoineamh faoin tuiseal ginideach ag an deireadh seachtaine! Rock agus roll.

  • Registered Users Posts: 2,222 ✭✭✭robman60

    Dia dhaoibh, ceist amháin atá agam.

    Tá an Ardteist ar siúl agam i láthair na huaire agus beidh mé ag scriobh faoi Mhaidhc Dainín Ó Sé agus a dírbheatháisnéis amárach agus táim tar éis cúpla nota a léamh faoi a shaol agus é óg. Tá sé scríofa ag mo mhuinteoir "le linn na dachaidí agus na caogaidí" ach cén fáth nach bhfuil sé "le linn na ndaichaidí agus na gcaogaidí"? Cuireann le linn urú de ghnáth. Táim cinnte dearfach de!

    Ba mhaith liom an fregra ceart a bheith agam amárach!

    GRMA :)

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    robman60 wrote: »
    Dia dhaoibh, ceist amháin atá agam.

    Tá an Ardteist ar siúl agam i láthair na huaire agus beidh mé ag scriobh faoi Mhaidhc Dainín Ó Sé agus a dírbheatháisnéis amárach agus táim tar éis cúpla nota a léamh faoi a shaol agus é óg. Tá sé scríofa ag mo mhuinteoir "le linn na dachaidí agus na caogaidí" ach cén fáth nach bhfuil sé "le linn na ndaichaidí agus na gcaogaidí"? Cuireann le linn urú de ghnáth. Táim cinnte dearfach de!

    Ba mhaith liom an fregra ceart a bheith agam amárach!

    GRMA :)

    Tá an ceart agatsa a mhac! "Le linn na ndaicheadaí agus na gcaoagaidí".

    Más é sin an t-aon deacracht a bheas agat inniu, éireoidh go hiontach leat :)

  • Registered Users Posts: 2,222 ✭✭✭robman60

    Tá an ceart agatsa a mhac! "Le linn na ndaicheadaí agus na gcaoagaidí".

    Más é sin an t-aon deacracht a bheas agat inniu, éireoidh go hiontach leat :)

    Tá an scrúdú déanta agam anois! :(
    Scriobh mé é mar a bhí ach ní theipfidh mé ar an scrúdú mar gheall ar sin. D'éirigh go hiontach liom buíochas le Dia. :)

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Chualas go bhfuil sé mícheart a rá "An bhfuil a lán...?" agus 'Ní raibh/Níl/Ní bheidh a lán...".

    Seachas, ba chóir duit "An bhfuil mórán...?" sa cheist agus "Ní raibh/Níl/ní bheidh mórán..." sa diúltach.

    Ba chóir duit "Bhí/Tá/Beidh a lán..." sa dearfach amháin.

    An bhfuil an thuas luaite ceart nó mícheart?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Tá ceist eile agamsa oraibhse.

    Tá a fhios agam go bhfuil 'Coláiste' firinscneach. Ach, chomh fada agus is eol dom tá ort 'h' a chur isteach nuair a bhíonn tú ag tabhairt leide go bhfuil ceangal laidir idir dhá ainmfhocail. Cén fáth nach bhfuil seimhiú sna focail i ndiaidh 'Coláiste' leis an sampla seo: Colaiste Pobail Bheanntrai, Colaiste Pobail Setanta agus a lán samplaí mar sin? (ní bhfuaireas ach 3 mhíle torthaí as Coláiste Phobail)

    Tá 'Baile' & 'Caisleán' firinscneach chomh maith, ach cuirimid 'h' isteach le hainmneacha dilse mar shampla 'Baile Phib', 'Caisleán Bhaile Átha Troim & rl.

    An féidir le héinne cad atá i gceist anseo?

  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    gaiscioch wrote: »

    Nílim cinnte faoi ach an mbaineann sé le 'Pobail' mar aidiacht. Le 'Baile Phib' agus 'Caisleán Bhaile Átha Troim' is tuiseal gineadeach atá i gceist agus mar sin teastaíonn na hainmfhocail sa lár séimhiú.

    Ach ní saineolaí mé agus ba bhreá liom tuairim duine eile a chloisteáil!

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Baineann cuid den cheist seo le rud ar a dtugaim "aonad brí", cuid eile le focail bhaininscneacha, agus cuid eile arís le hainmfhocail chinnte.

    An rud is fusa is ea ainmfhocail chinnte. Bíonn ainmfhocal ina ainmfhocal cinnte má tá "an" nó "na" roimhe, má tá ainmfhocal cinnte díreach ina dhiaidh, nó más ainm duine nó áit atá i gceist. Mar shampla, "an teach", "na tithe", "Áras an Uachtaráin", "Páirc an Fhionnuisce". Tá samplaí eile ann chomh maith.

    Focail bhaininscneacha - má thagann dhá ainmfhocal le chéile, agus más ainmfhocal baininscneach an chéad cheann díobh, is minic a bhíonn séimhiú ar an dara hainmfhocal. Mar shampla "bean chéile", uimhir theileafóin". Faraor, tá go leor leor eisceachtaí ann, níos mó ná 20 eisceacht dhifriúla! Eolas breise.

    Aonad brí - is aonad brí é aon chnuasach ainmfhocal a bhfuil brí ar leith ag baint leis. Má thagann trí ainmfhocal nó níos mó le chéile, caithfear an t-aonad brí aimsiú.

    Tá sampla maith in Gramadach Gan Stró, "Airport Police Station". Cén cineál Gardaí atá iontu? Gardaí Síochána, nó Gardaí an Aerfoirt (dhá eagraíocht ar leith).

    Más Gardaí Síochána atá iontu, tá "Stáisiún Gardaí an Aerfoirt" ceart.
    Más Gardaí an Aerfoirt atá iontu, tá "Stáisiún Ghardaí an Aerfoirt" ceart, mar is é "Gardaí an Aerfoirt" an t-aonad brí.

    Tóg do chuid samplaí féin, mar shampla (más féidir é sin a rá!)

    Bantry Community College - is é "community college" an t-aonad brí, mar sin tagann "Coláiste" agus "Pobal" le chéile mar "Coláiste Pobail" agus cuirtear séimhiú ar "Beantraí".
    Trim Castle - is é "Baile Átha Troim" an t-aonad brí agus cuirtear an séimhiú ar "Baile".
    Phibsborough - ainmfhocal cinnte is ea "Pib", ainm duine a bhí ann". Mar sin cuirtear séimhiú ar.

    Setanta Community College - drochshampla b'fhéidir. Tá claonadh ag cainteoirí Gaeilge gan séimhithe ar leith a fhuaimniú, mar shampla, is féidir "m'fhón" a scríobh, ach is beag duine a bhainfeadh ciall as agus an séimhiú a fhuaimniú. An rud céanna le "Shetanta". Ní bheadh tuairim dá laghad agam céard is brí le "Coláiste Pobail 'Hetanta'"!!

    Mura bhfuil tú in ann ciall a bhaint as a bhfuil scríofa agam, googlálaigí "Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh". Is ceist dheacair í!

    Míle, míle buíochas a Mhicilín. Mhínigh tú é ríshoiléir. Maith thú. Bhí fadhb agam le blianta maidir leis an neamhréir dhealraitheach ar chomhrathaí bóthair/sráide/ionaid ar fud na tíre seo. Tá sé agam anois (Is dócha!).

  • Closed Accounts Posts: 68 ✭✭DarraghFitz98

    Dia daoibh,

    Tá brón orm faoi mo Gaeilge ach tá ceist amháin agam!

    "Bheadh sé iontach" An bhfuil sé sin ceart le haghaidh "it would have been class" nó ceard? Nílim cinnte go bhfuil sé an cás ceart?

    GRMA :)

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Tá "Bheadh sé go hiontach" ceart mar abairt iomlán, agus is féidir "Bheadh sé iontach an cluiche a fheiceáil" a rá, é mar abairt níos faide.

  • Closed Accounts Posts: 68 ✭✭DarraghFitz98

    Tá "Bheadh sé go hiontach" ceart mar abairt iomlán, agus is féidir "Bheadh sé iontach an cluiche a fheiceáil" a rá, é mar abairt níos faide.
    GRMMA! :)

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Solas ard atá sa ghealaigh (a deirtí fadó)
    Solas ard atá sa ghealach (a deirtear anois)

    Cén fáth?

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Mar gheall ar an tuiseal tabharthach (an tuiseal a leanann réamhfhocail cosúil le le, i, ar, ag, faoi etc.) sílim. Déanadh sé athrú ar an ainmfhocal ina dhiadh fadó ach ní dhéanann anois ach amháin i gcásanna eisciachtiúla, mar shampla, in Éirinn.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Mar gheall ar an tuiseal tabharthach (an tuiseal a leanann réamhfhocail cosúil le le, i, ar, ag, faoi etc.) sílim. Déanadh sé athrú ar an ainmfhocal ina dhiadh fadó ach ní dhéanann anois ach amháin i gcásanna eisciachtiúla, mar shampla, in Éirinn.

    Samplaí eile atá fós le cloisteáil:
    ...

    i mo chluais
    i mo bhois
    ar an gcrois
    i mo bhróig
    ar mo chois
    i mo láimh

Advertisement