Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

178101213

Comments

  • Registered Users Posts: 371 ✭✭iLikePiano99

    Sin é go baileach, agus athraíonn litriú an bhriathair de réir inscne agus uimhir an ruda atá i gceist (tá sé cosúil le 'mo chóta, do chóta, a chóta, a cóta, ár gcóta, bhur gcóta, a gcóta' srl.)

    Tá mé ag déanamh na hoibre / Tá mé á déanamh (gan séimhiú, mar tá an focal 'obair' baininscneach)

    Tá mé ag glanadh na soithí / tá mé á nglanadh (is focal iolra é 'soithí' (dishes))

    Tá mé ag glanadh an tsoithigh / tá mé á ghlanadh (focal uatha firinscneach é 'soitheach' - leagan uatha 'soithí' (one dish))

    Tá mé ag péinteáil an tí / tá mé á phéinteáil (mar tá an focal 'teach' firinscneach)

    Tá súil agam gur míniú soiléir é sin.

    Sin iontach! Go raibh míle maith agat as ucht an chabhair! :) (tá súil agam gur scríobh mé sin sa bhealach ceart :)

  • Closed Accounts Posts: 3,479 ✭✭✭ChemHickey

    An Sionnach Glic agus ChemHickey - Míle buíochas! Ceapaim go dtuigim anois - mar sin úsáidtear "á" nuair a bhíonn abairt cosúil le seo "táim ag _____ é/í" i gceist? :)

    "táim ag _______ é/í"
    >> "táim á ________"

    :)

    Sin é go díreach!

    Cloiseann " á _____ " i bhfad níos mealltaí ná "ag ______ é/í/iad" , agus i bhfad níos líofaí freisin.

    Is breá liom Gramadach na Gaeilge! :P

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Cad is ainm don phíosa gramadaí seo:

    a fháil, a dhéanamh, a fheiceáil agus mar sin de. Ag iarraidh teacht ar nótaí ar sin. Cathain a théann an briathar go dtí an deireadh. Go fóill tá; nuair is gá rud éigin a dhéanamh - caithfidh, ní mór dom etc.
    Ní thuigim conas rud a dhéanamh.

    Bhí cúpla ceann eile agam ach ní féidir liom teacht ar anois. Agus conas nach bhfuil an structúir seo i leabhair gramadaí ar bith?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »

    Is é an t-ainm briathartha atá i gceist ansin. Cé na leabhair ghramadaí atá agat?

    Tá buneolas faoi anseo ar Ghaelscéal.

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Táim ag streachail leis an ngramadach seo thíos. An bhfuil an méid seo i gceart?

    'An bhean a cheapann gur fíor é' (Díreach, Dearfach, Aimsir Láithreach)
    The woman who thinks that it is true.
    <a + séimhiú> <go + is = gur>

    'An bhean a cheap gurbh fhíor é' (Díreach, Dearfach, Aimsir Chaite)
    The woman who thought that it was true.
    <a + séimhiú> <go + ba = gur - ba + fíor = b'fhíor - gur + fhíor = gurbh fhíor>

    'An bhean a gceap a deirfiúr gur fíor é' (Indíreach, Dearfach, Aimsir Láithreach)
    The woman whose sister thinks that it is true.
    <a + urú> <go + is = gur>

    'An bhean ar cheap a deirfiúr gurbh fhíor é' (Indíreach, Dearfach, Aimsir Chaite)
    The woman whose sister thought that it was true.
    <ar + séimhiú> <go + ba = gur - ba + fíor = b'fhíor - gur + fhíor = gurbh fhíor>

    'An bhean nach gceapann gur fíor é' (Díreach, Diúltach, Aimsir Láithreach)
    The woman who doesn't think that it is true.
    <nach + urú> <go + is = gur>

    'An bhean nár cheap gurbh fhíor é' (Díreach, Diúltach, Aimsir Chaite)
    The woman who didn't think it was true.
    <nár + séimhiú> <go + ba = gur - ba + fíor = b'fhíor - gur + fhíor = gurbh fhíor>

    'An bhean nach gceapann a deirfiúr gur fíor é' (Indíreach, Diúltach, Aimsir Láithreach)
    The woman whose sister doesn't think that it is true.
    <nach + urú> <go + is = gur>

    'An bhean nár cheap a deirfiúr gurbh fhíor é' (Indíreach, Diúltach, Aimsir Chaite)
    The woman whose sister didn't think it was true.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    ciaran1212 wrote: »

    Ceartúchán thíos!

    Maith thú, you have now unlocked Level 342 on Irish grammar ;)

    'An bhean ar cheap a deirfiúr gur fíor é' (Indíreach, Dearfach, Aimsir Láithreach)

    Iontach! What do I win? :P

    Más é mar seo, nach ionann "The woman whose sister thinks..." - "An bhean ar cheap a deirfiúr..." agus "The woman whose sister thought..." - "An bhean ar cheap a deirfiúr..." dar leis an gceartúchán seo thúas?
    Nó an déirtear é sin mar "An bhean ar cheapann a deirfiúr..." nuair atá "The woman whose sister thinks..." i gceist?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    ciaran1212 wrote: »
    Iontach! What do I win? :P

    A lifetime's supply of more questions and further confusion!
    ciaran1212 wrote: »
    Más é mar seo, nach ionann "The woman whose sister thinks..." - "An bhean ar cheap a deirfiúr..." agus "The woman whose sister thought..." - "An bhean ar cheap a deirfiúr..." dar leis an gceartúchán seo thúas?
    Nó an déirtear é sin mar "An bhean ar cheapann a deirfiúr..." nuair atá "The woman whose sister thinks..." i gceist?

    Ah, botún déanta agam :mad:

    An bhean ar cheap a deirfiúr ... (Aimsir Chaite, 'thought')
    An bhean a gceapann a deirfiúr ... (Aimsir Láithreach, 'thinks')

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    A lifetime's supply of more questions and further confusion!

    I feared as much...
    Ah, botún déanta agam :mad:

    An bhean ar cheap a deirfiúr ... (Aimsir Chaite, 'thought')
    An bhean a gceapann a deirfiúr ... (Aimsir Láithreach, 'thinks')

    Ok, só ba cheart an rud atá scríofa agam an chéad uair, diomaite den abairt "An bhean a gceap a deirfiúr gur fíor é", toisc gur chóir dom "An bhean a gceapann a deirfiúr gur fíor é" a scríobh ina háit?

  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega

    Táim i sheú bliain anois agus ar an drochuair, tá mo thriailscrúidaithe ag teacht! Scríobh mé aiste níos luaithe mar chleachtadh agus n'fheadar go mbeadh éinne sásta é a léamh agus ceartú na botúin? Bheinn an-bhuíoch ar fad! :)

  • Advertisement
  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,479 Mod ✭✭✭✭dory

    Gaeilge are 'a couple of basic questions'?

    Cúpla ceist bunúsach nó cúpla ceist bhunúsacha? Duine tar éis ceann dóibh a scríobh, b'fhearr liom a bheith cinnte sula gceartaím é.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    Cúpla ceist bhunúsach. Fanann an t-ainmfhocal san uathu tar éis 'cúpla' agus leanann an aidiacht nós an ainmfhocail, agus is ainmfhocal baininscneach í 'ceist'.

    ACH

    Dhá cheist bhunúsacha.

  • Registered Users Posts: 141 ✭✭HPMS

    An bhfuil a fhios ag éinne cad is brí leis an focal seo: steillebheatha.

    Tá sé i gceist sa cheist seo:

    Gearrscéal cumasach, dorcha é an Gnathrud a chruthaíonn pictiúr ina steillebheatha de Bhéal Féirste dúinn le linn na dTrioblóidí.

    Táim buíoch d'aon duine a thugann cabhair dom! :)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,852 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    HPMS wrote: »
    An bhfuil a fhios ag éinne cad is brí leis an focal seo: steillebheatha.

    Tá sé i gceist sa cheist seo:

    Gearrscéal cumasach, dorcha é an Gnathrud a chruthaíonn pictiúr ina steillebheatha de Bhéal Féirste dúinn le linn na dTrioblóidí.

    Táim buíoch d'aon duine a thugann cabhair dom! :)

    In the flesh/incarnate/real

    See: http://www.potafocal.com/Search.aspx?Text=steillbheatha

  • Registered Users Posts: 141 ✭✭HPMS

    An ndéanann na habairtí thíos ciall?

    1. "Nuair a bhíonn sé ag féachaint ar chluiche peile ar an teilifís, ní bhíonn sé in ann a shúile a bhaint den scáthlán" - when he does be watching football on TV, he isn't able to take his eyes off the screen.

    2. Oibríonn mo Dhaid ar feadh uaireanta an-fhada.

    Táim buíoch d'aon duine a thugann cabhair domsa! :) GRMA!

  • Registered Users Posts: 2,222 ✭✭✭robman60

    Tá ceist agam faoin Tuiseal Ginideach. Deanaim mo Ghaeilge le mo athair go minic, mar tá spéis aige i nGaeilge agus tá sé beagnach líofa. Tá múinteoir maith agam freisin, agus is Gaeilgoir dúchais í. Níor aontaigh mo athair le mo mhuinteoir le sin:

    An abairt as Béarla: I am cleaning the area.

    An bhfuil sé:
    1. Tá mé ag glanadh an áit.
    2. Tá mé ag glanadh na háite. -> Dúirt mo mhuinteoir go raibh sin an rud ceart, agus go gcaithfidh tú an Tuiseal Ginideach a úsaid tar eis "ag + briathar".

    Má tá rialacha agat, ba mhaith liom iad a chloisteal!

  • Registered Users Posts: 399 ✭✭solas111

  • Registered Users Posts: 1 Tatanka the Third

    Do mhúinteoir atá ceart, a chara. An tAinm Briathartha atá i bhfeidhm sa chás seo, rud a chuireann an t-ainmfhocal sa ginideach.

    Breis eolais anseo:
    http://www.nualeargais.ie/gnag/gram.htm

    Brón orm, a Dhaid!

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    @robman60 agus rud beag eile a robman, níos cirte é "mo chuid Gaeilge" in áit "mo Ghaeilge" a rá. Beinnse ag déanamh an bhotúin chéanna an t-am ar fad :P

  • Closed Accounts Posts: 3,648 ✭✭✭Cody Pomeray

    HPMS wrote: »
    An ndéanann na habairtí thíos ciall?

    1. "Nuair a bhíonn sé ag féachaint ar chluiche peile ar an teilifís, ní bhíonn sé in ann a shúile a bhaint den scáthlán"

    se ach amhain go bhfuil sórt béarlachas sa cheann sin nach gceapann tu?

    déarfainn "bíonn sé í ngréim leis an teilifís agus é ag féachaint ar chluiche peile ann"

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 374 ✭✭TehFionnster

    Bhuel leaids, tá ceist bheag agam maidir le cursaí gramadaí ach níl an t-ainm ar eolas agam faraor.

    An feidir le héinne na rudaí thíos a mhíniú domsa?

    Conas a úsáidtear "aniar", "anall", "aduaidh" agus "anonn"? An bhfuil aon focail eile ann cosúil leo? Tá "anuas" agus "aníos" ar eolas agam cheana.

    GRMA. :)

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    aniar - ag teacht ón iarthar. aduaidh - ag teacht ón tuaisceart so gaoth aniar = gaoth ag teacht ón iarthar. Dá mbeitheá i do chónaí i mBÁC agus dá mbeadh cara ag teacht ar cuairt ó Ghaillimh abair, bheadh sé ag teacht aniar go mBÁC.

    anonn - over chuaigh sé anonn go Sasanna - he went over to England.

    anall - over from tháinig sé anall as Sasanna - he came over from England.

    Táim sách cinnte faoi seo, ach níl mé 100%

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf

    Bhuel, anall agus aniar, tá sraith bheag focail i ngach cás, mar atá le suas agus síos.

    siar, thiar, aniar:
    D'fhág mé Baile átha Cliath agus chuaigh mé siar go Gaillimh. D'fhan mé thiar ar feadh seachtaine, agus ansin tháinig mé aniar arís go BÁC.

    Déantar mar a chéile le soir, thoir, anoir.

    sall, thall, anall:
    Chuaigh mé sall go Sasana don Cháisc, chaith mé 4 lá thall, agus ansin tháinig mé anall arís.
    Is mar a chéile sall sgus anonn. Is féidir Chuaigh mé anonn a rá in áit chuaigh mé sall.

  • Registered Users Posts: 141 ✭✭HPMS

    Tá ceist agam... má táim ag iarraidh seo a rá; "I was encouraged to continue learning Irish"...an bhfuil an abairt seo i gceart?

    Spreagadh dom leanúint ar aghaidh ag foghlaim na gaeilge

    GRMA! :)

  • Registered Users Posts: 130 ✭✭WanabeOlympian

    Déarfainnse fhéin...

    'spreagadh mé chun leanúint ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge'

    :)

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    An bhfuil fhios ag éinne cén chaoi a ndeirfá 'actually' sa Ghaeilge? Is rud é a dheirimse go minic sa Bhéarla agus thóg mé faoi dheara an lá cheana go mbímse á rá sa Ghaeilge scaití chomh maith, toisc nach bhfuil a leithéid ar eolas agam ann.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    An bhfuil fhios ag éinne cén chaoi a ndeirfá 'actually' sa Ghaeilge? Is rud é a dheirimse go minic sa Bhéarla agus thóg mé faoi dheara an lá cheana go mbímse á rá sa Ghaeilge scaití chomh maith, toisc nach bhfuil a leithéid ar eolas agam ann.

    Tá comhthéacs ag teastáil. Ní hionann ciall an fhocail sin i ngach uile abairt. Ar mhiste leat roinnt samplaí a thabhairt?

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Cinnte.

    I'm actually quite tired.
    that was actually quite a good match.
    I was actually just about to call you.
    That was actually quite difficult.

    Is dócha nach bhfuil an focal sin ag teastáil cuid mhaith den am nuair a úsáidaimse é, ach is nós é atá agam anois.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    Cinnte.

    I'm actually quite tired.
    that was actually quite a good match.
    I was actually just about to call you.
    That was actually quite difficult.

    Is dócha nach bhfuil an focal sin ag teastáil cuid mhaith den am nuair a úsáidaimse é, ach is nós é atá agam anois.

    Bhuel, ar an gcéad dul síos, níl aon aistriúchán amháin ar 'actually'. Tá go leor bealaí éagsúla chun é a aistriú, ach seo cuid acu:

    I'm actually quite tired. - Déanta na fírinne, tá fíorthuirse orm.
    that was actually quite a good match. - Cluiche réasúnta maith a bhí ann i ndáiríre.
    I was actually just about to call you. - An bhfuil a fhios agat, ach bhí mé díreach ar tí glao a chur ort.
    That was actually quite difficult.- Bhí sé sin cuibheasach deacair, gan aon agó.

    Gheobhaidh tú samplaí eile ag an nasc seo.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 399 ✭✭solas111

    Bain triail as “ar ndóigh” = of course, indeed etc.

Advertisement