Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Cúirt Uachtarach: Ní féidir giúiré comhdhéanta de Ghaeilgeoirí am

  • 28-02-2014 12:24am
    #1
    Registered Users Posts: 1,034 ✭✭✭


    http://www.rte.ie/news/2014/0227/506982-peadar-o-maicin/

    Cad iad bhur dtuairimí ar seo?


    Dá eirigh leis, má tuigim i gceart é, bheadh Béarlóirí in ann giuiré a fháil gan Gaeilgeoirí!


    Ach ar an taobh eile, tuigim na deachrachtaí a bheas ann chun a chás a chur os comhair giúiré trí aistritheoir.


Comments

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Bhí Seán Ó Conaill ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, ag caint faoi seo ar Adhmhaidin ar RnaG. Is féidir éisteacht leis an méad a bhí le rá aige anseo: http://www.rte.ie/rnag/ (féach na nascanna ar thaobh na láimhe clé den scáileán)

    Tuigim gur dúradh go mbeadh gá le leasú ar an dlí chun giúiré le gaeilge a cheapadh chun cás a éisteacht.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá mé idir dhá meon faoi seo - is ceist deacair é..

    An bhfuil sé cóir go mbeidh an giúiré ag éisteacht leis an cás cúirte trí aistritheoir - an mbeidh aon tionchar orthu mar gheall ar sin?

    Ag an am céanna níl sé practiciúil giúiré le Gaeilge líofa a fháil - ní beidh mé compórdach le Gaeilge 'Oifigiúil' agus ar a laghad beidh foclóir uaim..
    An mbeidh giúiré lán le Gaeilgeoirí neamhspléach?

    Níl fios agam áfach.. :(


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Dá eirigh leis, má tuigim i gceart é, bheadh Béarlóirí in ann giuiré a fháil gan Gaeilgeoirí!

    Ní thuigin tú i gceart é. ;)
    Beidh Béarlóirí in ann giuiré a fháil le gach ball den giuiré sin in ann Béarla a thuiscint, ach ní bheadh siad in ann Gaeligóir a chun as an áirimh toisc go bhfuil Gaeilge acu chomh maith.

    Mar eolas, bíonn seo ar siúl do Béarlóirí chéana, i mBÁC ach go háthairithe, bíonn daoine 'screened' agus daoine gan cumas Béarla curtha as an áireamh.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Grudaire wrote: »
    Ag an am céanna níl sé practiciúil giúiré le Gaeilge líofa a fháil.

    Cén fáth? Tá breis is 100,000 daoine le Gaeilge líofa sa tír, an bhfuil tú á rá nach mbeidh tú in ann 12 daoine a aimsiú chun a bheith ar giúiré?
    Ní beidh mé compórdach le Gaeilge 'Oifigiúil' agus ar a laghad beidh foclóir uaim..

    Ní bíonn mórán daoine compórdach ar giúiré, agus is minic go mbíonn míniú ar tearmaí dlíthúil i mBéarla uathu chun iad a thusicint. Mura bhfuil sé ar do chumas é a dhéanamh ceal Gaeilge maith, beidh tú in ann é sin a chur in iúl don cuairt, agus beidh tú curtha as an aireamh agus duine eile curtha isteach.

    An mbeidh giúiré lán le Gaeilgeoirí neamhspléach?

    Cén fáth na mbeidh? An gceapann tú go mbeidh siad tuilte dúnmharfóir a scoileadh saor mar tá siad buíoch dó as Gaeilge a úsáid?
    An bhfuil aon fianaise an i ndáiríre nach mbeidh sé de chumas ag 12 daoine le Gaeilge breithúnas a dhéanamh ar cás nuair is féidir 12 daoine le Béarla? Ní dóigh liom!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Níl aon ionadh orm gur é seo an cinneadh a tugadh. Iarraidh ar seo sa Chúirt Uachtarach (nó b'fhéidir an Ardchúirt) cheana agus cinneadh ina choinne, freisin. Dúirt an breitheamh nach giúiré ionadaíochta a bheadh ann.
    GaelMise wrote: »
    Cén fáth? Tá breis is 100,000 daoine le Gaeilge líofa sa tír, an bhfuil tú á rá nach mbeidh tú in ann 12 daoine a aimsiú chun a bheith ar giúiré?

    Ní bheadh ach timpeall 70,000 acu incheaptha ar ghiúiré. Tá na daoine sin scaipthe ar fud na tíre. Sin timpeall 2% den daonra atá incheaptha. Tá sé cúngaithe go ceatadán atá i bhfad ró-bheag, i mo thuairim.

    Agus ní bheadh gach uile den 70,000 sin incheaptha le haghaidh gach cúirt. Ní cuireadh duine i gCorcaigh ar ghiúiré Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath. Ní cuireadh duine sa Ghaillimh ar ghiúiré Chúirt Chuarda an Oirthir srl.

    B'fhéidir gur daonra ard go leor é 70,000 le haghaidh giúiré na hArdchúirte, ach, le haghaidh giúiré na Cúirte Cuarda.

    D'aithin an Chúirt na blianta ó shin nach socrú foirfe é ateangaire, ach tá jab deacair acu cearta na nGaeilgeoirí le haghaidh giúiré Gaeilge agus an tír go ginearálta le haghaidh giúiré atá ionadach sa mhéid gur féidir é.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion


    GaelMise wrote: »
    Ní thuigin tú i gceart é. ;)
    Beidh Béarlóirí in ann giuiré a fháil le gach ball den giuiré sin in ann Béarla a thuiscint, ach ní bheadh siad in ann Gaeligóir a chun as an áirimh toisc go bhfuil Gaeilge acu chomh maith.

    Mar eolas, bíonn seo ar siúl do Béarlóirí chéana, i mBÁC ach go háthairithe, bíonn daoine 'screened' agus daoine gan cumas Béarla curtha as an áireamh.

    Oops, bhí mé ag iarraidh rá "Gaeilgóirí gan Béarla ar bith" in ionad sin. GRMA.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Paz-CCFC wrote: »
    Ní bheadh ach timpeall 70,000 acu incheaptha ar ghiúiré. Tá na daoine sin scaipthe ar fud na tíre. Sin timpeall 2% den daonra atá incheaptha. Tá sé cúngaithe go ceatadán atá i bhfad ró-bheag, i mo thuairim.

    Níl ach thart ar 39,000 daoine i Longfort, ach fós bíonn siad in ann giuiré a chur le chéile astú gan aon stró ansin.
    Agus ní bheadh gach uile den 70,000 sin incheaptha le haghaidh gach cúirt. Ní cuireadh duine i gCorcaigh ar ghiúiré Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath. Ní cuireadh duine sa Ghaillimh ar ghiúiré Chúirt Chuarda an Oirthir srl.

    San córas mar atá, ach níl aon cosc ar athrú a chur ar an córas sin, is ceist don rialtas seachas an cúirt uachtarach é sin.

    Más rud é go bhfuil cinneadh déanta bunaithe ar an córas atá i bhfeidhm faoi láthair seachas ar an ceart atá ag an saoránach ag teacht as an mBunreacht, tá dul amú déanta. Más rud é go bhfuil ceart ag an saoránach, agus tá an córas reatha ag teacht salach ar an ceart sin, ní mór don córas géilleadh don cheart seachas a mhalairt.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Oops, bhí mé ag iarraidh rá "Gaeilgóirí gan Béarla ar bith" in ionad sin. GRMA.

    Bheadh, más féidir a leithid do duine fásta a aimsiú beidh mé buíoch duit.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    GaelMise wrote: »
    Cén fáth na mbeidh? An gceapann tú go mbeidh siad tuilte dúnmharfóir a scoileadh saor mar tá siad buíoch dó as Gaeilge a úsáid?
    An bhfuil aon fianaise an i ndáiríre nach mbeidh sé de chumas ag 12 daoine le Gaeilge breithúnas a dhéanamh ar cás nuair is féidir 12 daoine le Béarla? Ní dóigh liom!

    Nó duine soineanta a chur i bpríosún :)


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    GaelMise wrote: »
    Níl ach thart ar 39,000 daoine i Longfort, ach fós bíonn siad in ann giuiré a chur le chéile astú gan aon stró ansin.

    Ní bhíonn. Níl aon Chúirt Chuarda (an chúirt is ísle ina mbíonn giúiré) i Longfort amháin. Sé atá ann ná Cúirt Chuarda na Lártíre, ina bhfuil sé chontae. Sé timpeall 300,000 an daonra incheaptha.

    San córas mar atá, ach níl aon cosc ar athrú a chur ar an córas sin, is ceist don rialtas seachas an cúirt uachtarach é sin.

    Cén athrú córais atá i gceist agat? Ag cur daoine ó chuaird amháin ar ghiúiré i gcuaird eile?

    Más rud é go bhfuil cinneadh déanta bunaithe ar an córas atá i bhfeidhm faoi láthair seachas ar an ceart atá ag an saoránach ag teacht as an mBunreacht, tá dul amú déanta. Más rud é go bhfuil ceart ag an saoránach, agus tá an córas reatha ag teacht salach ar an ceart sin, ní mór don córas géilleadh don cheart seachas a mhalairt.

    I gcás cúirte, caithfidh an chúirt cearta an duine a chothromú le dualgas an Stáit agus cearta an phobail i gcoitinne. Sa chás seo (agus go leor cinn roimhe), cinneadh nach ceart iomlán é ceart do ghnó a iompar i nGaeilge (is lú an ceart atá iomlán). Dúradh, dá mbeadh an ceart seo á dhearbhú, bheadh sé ag sárú an chirt le haghaidh giúiré ionadach.

    Do bhí ráiteas suimiúil ag Hardimann J (an breitheamh easaontach), ag léamh na n-alt nuachtáin, agus beidh sé suimiúil an breithiúnas iomlán a léamh, nuair a foilseofar é.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Paz-CCFC wrote: »
    Do bhí ráiteas suimiúil ag Hardimann J (an breitheamh easaontach), ag léamh na n-alt nuachtáin, agus beidh sé suimiúil an breithiúnas iomlán a léamh, nuair a foilseofar é.


    Go bhfios dom, tá sé ar fáil ar suíomh an Cúirt Uachtarach.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    GaelMise wrote: »
    Go bhfios dom, tá sé ar fáil ar suíomh an Cúirt Uachtarach.

    Tá an ceart agat, níor fhéach mé i gceart. Gura míle.

    Mar eolas do dhaoine, seo breithiúnas Hardiman Brmh agus seo breithiúnas Clarke Brmh.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Seo cuid den mhéad atá luaite sa bhreithiúnas:
    Níl conspóid ar bith ann faoi go bhféadfaí ceantar giúiré a dhéanamh de Ghaeltacht Chonamara le hordú airí faoi Acht na nGiúiréithe 1976, nó go bhféadfaí giúiré ionadaíoch cuí a dhéanamh i gceantar dá leithéid a bheadh ábalta cainteoir Gaeilge a thuiscint go díreach, gan ateangaire.

    Mar sin is faoin stáit a shocrú a ndéanfaí ordú mar atá luaite.


Advertisement