Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

BEANNACHTAÍ NA HATHBHLIANA

  • 01-01-2014 9:11am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Beannachtaí na hAthbhliana

    Go raibh plúr go tiubh ar do chuid prátaí
    Go raibh cúr go fras ar do chuid pórtair.
    Go raibh anlann go plabach ar do chuid pasta.
    Go raibh luas ar do chuid latte.
    Go raibh cairde go fial i do chárta plaisteach.
    Go raibh aer go teann i do chuid bonn.
    Go mbua tú an lotto fé dhó.
    Go dtite galar na muc is na moncaithe ar do chuid naimhde.

    Nár sloga an t-inneall airgid do chárta dochair.
    Nár reo do ríomhaire ar shuíomh mí-oiriúnach.
    Nár bhrise do choiscín in am an phléasctha.
    Nár chlise do chóras satailíte i lár na himeartha.
    Nár theipe do chadhnra fóin i lár an chomhrá.
    Nár lige do ghadhar tafann gan chúis.
    Nár thé do chuid lipéidí as faisean

    Is go soilsí Grásta Dé ar do chroí, agus ar chroí an chine daonna ar fuaid na cruinne.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - slááán Tamall.

    FRC


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Dán suimiúil ansin agat Míshásta! :-)

    Tá súil agam go mbeadh 2014 bliain sásúil duitse :pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,705 ✭✭✭An Riabhach


    Gurab amhlaidh dhaoibh agus go mbeidh síocháin,ádh mór,sláinte mhaith agus áthas oraibh i 2014.

    Beir bua!!

    Séasán.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Míshásta wrote: »
    Beannachtaí na hAthbhliana

    Go raibh plúr go tiubh ar do chuid prátaí
    Go raibh cúr go fras ar do chuid pórtair.
    Go raibh anlann go plabach ar do chuid pasta.
    Go raibh luas ar do chuid latte.
    Go raibh cairde go fial i do chárta plaisteach.
    Go raibh aer go teann i do chuid bonn.
    Go mbua tú an lotto fé dhó.
    Go dtite galar na muc is na moncaithe ar do chuid naimhde.

    Nár sloga an t-inneall airgid do chárta dochair.
    Nár reo do ríomhaire ar shuíomh mí-oiriúnach.
    Nár bhrise do choiscín in am an phléasctha.
    Nár chlise do chóras satailíte i lár na himeartha.
    Nár theipe do chadhnra fóin i lár an chomhrá.
    Nár lige do ghadhar tafann gan chúis.
    Nár thé do chuid lipéidí as faisean

    Is go soilsí Grásta Dé ar do chroí, agus ar chroí an chine daonna ar fuaid na cruinne.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - slááán Tamall.

    FRC

    Bhuel, in ainm an diabhail!

    Tá tú beo fós, agus ag spealadh grinn garbh leis.

    Nár laga do ródaire idirlín.
    Tá tuilleadh scéalta ó Chetwynde Downs uainn go léir a Mhí.


Advertisement