Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu

  • 04-03-2013 1:12pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭

    Bhuel a chairde gael,

    Tá seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu. Beidh an-chuid imeachtaí ar siúl ar fud na tíre - Liosta mór ar fáil anseo: http://snag.ie/imeachtai-2/

    Cad atá sibhse ag déanamh?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Rinne mé dearmad faoi seo! :(

    Tada á dhéanamh agamsa, cad fúit? :)

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Ah tá cúpla rud eagraithe agam.. Oíche le ceol agus gaeilge, tráth na gceist, tóraíocht taisce do dhaoine óige... agus cúpla rud eile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Maith an fear a dlofnep, go néirí an tádh leat leo.

    Caithfidh mé níos mó iarracht a chur isteach, níl mórán deis agam an teanga a úsáid faoi láthair. Is ag obair 's ag staidear a bímse gan stad :(

    An mbeidh dlúdhdiosca 'Ceol' amach i mbliana (nó ceann ó Radio Rírá?)

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cliste wrote: »

    D'athraigh siad an ainm ó Ceol go Albam Rírá go buan. Déarfainn go mbeidh ceann ag teacht amach, ach nílim 100% cinnte.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Bhíos ag múineadh mar ionadaí i nGaelscoil ar feadh cúpla lá.

    An counteáileann sé sin? :pac:

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Haha, cinnte :)

    Féach cad a chonaic mé ar the journal.

    tayto1-2-375x500.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Ar éirigh leat cupla mála a fháil fós?

    Tá imeachtaí sheachtain na gaeilge i leabharlanna Bhaile Átha Cliath le feiscint anseo:

    http://www.dublincity.ie/RecreationandCulture/libraries/Events/Pages/snag_2013.aspx

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Beidh siad ar fáil ar feadh cúpla seachtain.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Aon seans go mbeidh 10% níos mó sa mhála ná mar a bhíonn sa mhála béarla!

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Déarfainn go bhfuil an méid céanna ann.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 428 ✭✭Acciaccatura

    Tá Club Ghaeilge againn i mo scoil agus níl rud ar bith déanta nó fiú pléite againn (na múinteorí freisin) le haghaidh Seachtain na Gaeilge! Náireach!

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cén saghas scoil? Sin scannalach! :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 428 ✭✭Acciaccatura

    Ní scoil lán-Ghaelach í, ach fós, is é an t-aidhm atá ag Seachtain na Gaeilge ná iarracht a dhéanamh ar an teanga a labhairt, pé scoil a bhfuil tú ag freastal ar nó pé áit a bhfuil tú i do chónaí, ach tá dearcadh ró-leisciúil ag mo scoil ar an nGaeilge :( Go háirithe leis an mbéaltriail ag teacht an mí seo chugainn dom féin agus do chéad dalta eile is caoga, cheapfá go gcuirfeadh an scoil níos mó béime air!

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cheapfá!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Níl an suíomh snag.ie tarraingteach. Má roghnaíonn tú cathair Bhaile Átha Cliath mar shampla níl aon imeacht luaite. An é nach bhfuil eolas faoi na himeachtaí curtha ar an suíomh go fóill? Thosnaigh an tseachtain go hoifigiúil ar an 4ú lá.

    Níor cheart go mbeadh ort dul tríd cupla leathanach sula dtagann tú ar an eolas atá uait, sé sin cén áit agus cén t-am agus dáta a bhfuil imeacht ar siúil. Ba cheart go mbeadh an t-eolas go léir os do chomhair láithreach nuair a roghnaíonn tú ceantar ar leith.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    ^^ Ceart agatsa tá rud eicínt mícheart leis an suíomh sin, tada ar siúl i lárchathair BÁC dar leis :/

    Beidh mise i mBAC don lá dé Luain. Bhfuil fhios ag éinne an bhfuil rud ar bith suimiúil ar siúl ann an lá sin?

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    N'fheadar cad a tharla.. Bhí an suíomh ceart go leor annuraigh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    ^^ Ceart agatsa tá rud eicínt mícheart leis an suíomh sin, tada ar siúl i lárchathair BÁC dar leis :/

    Beidh mise i mBAC don lá dé Luain. Bhfuil fhios ag éinne an bhfuil rud ar bith suimiúil ar siúl ann an lá sin?

    An t-aon rud a ritheann liom ná go mbíonn comhrá gaeilge i leabharlann na Cabraí (ar Bhóthar na hUaimhe) gach Luan idir 6.30 agus 7pm. Nó cuairt a thabhairt ar chlub an Chonradh ar Shráid Fhearchair b'fhéidir.

Advertisement