Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Euro 2012

  • 08-06-2012 7:30pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 439 ✭✭

    Cé a bhuafaidh Craobhchomórtas Euro agus cén fáth?

    Cé a bhuafaidh? 18 votes

    Éire
    0% 0 votes
    An Spáinn
    44% 8 votes
    An Fhrainc
    11% 2 votes
    Poblacht na Seice
    5% 1 vote
    An Danmhairg
    0% 0 votes
    An Rúis
    0% 0 votes
    An Chróit
    11% 2 votes
    An tSualainn
    0% 0 votes
    An Ghearmáin
    0% 0 votes
    An Iodáil
    22% 4 votes
    Sasana
    0% 0 votes
    An tSualainn
    5% 1 vote
    An Pholainn
    0% 0 votes
    An Phoirtaingéil
    0% 0 votes
    An Ghréig
    0% 0 votes
    An Úcráin
    0% 0 votes

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 528 ✭✭✭EURATS

    Ms.M wrote: »
    Cé a bhuafaidh Craobhchomórtas Euro agus cén fáth?

    Ta me ag iarraidh go mbeidh an bua ag eireann, ach ma taim chun bheith readuil faoi, is docha go mbeidh an bua ag an Ruis. Bhi siad an laidir inne.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Buafaidh an Ghearmáin, is dóigh liom. I roinnt comórtais le déanaí, bhíodar an-chóngarach. Bhíodar sa chluiche leath-cheannais i 2010 agus 2006 agus sa chluiche cheannais i 2002 agus 2008. Sa Chorn Domhanda i 2010, cheapas gur imríodar an pheil is fearr - sé chúl déag ar fad. Táid i gcónaí gar don chomhramh - caithfidh siad é a bhuachaint uair éigin!

    I dtaobh dhá bhliana, bhuaigh na Spáinnigh an dá chomórtas is mó - ní dóigh liom go mbeidh an paisean agus an spreagadh céanna acu, anois. Suas go dtí 2008, níor bhuadar aon rud sa 40 bliana deireanach. Suas go 2010, níor bhuadar an Corn Domhanda riamh - ag an am sin, b'fhéidir an fhoireann is fearr gan é seo a dhéanamh. Anois, tá sé déanta - job done, mar a dheirtear. Tógfaidh siad go bog é i mbliana, i gcomparáid leis an gceathair bhliain deireanach. Buafaidh siad ár ngrúpa le 7 bpointe (comhscór i gcoinne na gCrótach), beidh cluiche éasca go leor acu sa cluiche ceathrú ceannais, mar níl aon fhoireann iontach i nGrúpa D, ach sa chluiche leath-cheannais, imreoidh siad i gcoinne foirne ó Ghrúpa A/B - b'fhéidir an Ísealtír - agus caillfidh siad, i mo thuairimse.

    Ní dóigh liom go rachaidh Éire níos faide ná an grúpa. Níl an Iodáil ró-mhaith, ach tá an Spáinn (fiú muna gceapaim go mbuafaidh siad an comórtas), agus, i mo thuairim, is "darkhorses" iad na Crótaigh. Aimseoidh siad na cluichí leathcheannais. Áfach, seans go n-imreoidh siad i gcoinne na Rúiseach nó na nDúitseach - is dóigh liom go gcaillfidh siad, mar sin. An seans is mó le haghaidh bua d'Éirinn ná i gcoinne na nIodálach. Má théimid isteach sa chluiche sin le pointe amháin, b'fhéidir go mbeadh bua maith go leor dúinn. B'fhéidir.

    Ach, Deutschland do Euro 2012.

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Feicim vóta don Rúis agus vóta don Ghearmáin... ach ceithre vóta i gcomhair Éireann... Is breá liom an tírghrá a fheiceáil! :D
    Cén fáth a chairde?
    Ní féidir le Shay an comórtas a bhuachan dúinn...
    Cé a gheobhaidh na cúil dúinn?

    Aontaím leat Paz - CCFC. Tá a lán daoine ag caint faoin nGearmáin . Tá foireann láidir acu. Is aoibhinn liom féachaint ar an Spáinn, tá súil agam go n-éireoidh go maith leo.

    Is fuath liom Sasana de bharr an méid manwhores atá san fhoireann. Tá súil agam go ndéanfar feall ar John Terry sa chéad chluiche. Agus Ashley Cole... agus Wayne Rooney... is liosta fada é. Cic sna mangairlí tuillte ag gach duine acu. :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    An Fhrainc, i mo thuairim. Tá bainisteoir ceart acu faoi dheireadh agus ar ndóighe, imreoirí den scoith. Cé gur chaill An Ísiltír aréir, níl siad as an áireamh go fóill. Maidir le Éire, ní bheidh iontas orm má fhágann muid an comórtas gan a bheith buailte! Comh-scór x 3.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ms.M wrote: »
    Feicim vóta don Rúis agus vóta don Ghearmáin... ach ceithre vóta i gcomhair Éireann... Is breá liom an tírghrá a fheiceáil! :D
    Cén fáth a chairde?
    Ní féidir le Shay an comórtas a bhuachan dúinn...
    Cé a gheobhaidh na cúil dúinn?

    "Heart over head" mar a dheirtear as Béarla!

    Is fuath liom Sasana de bharr an méid manwhores atá san fhoireann. Tá súil agam go ndéanfar feall ar John Terry sa chéad chluiche. Agus Ashley Cole... agus Wayne Rooney... is liosta fada é. Cic sna mangairlí tuillte ag gach duine acu. :)
    Is fuath liom an fuath atá ann dos na Sasanaigh. De gnáth, is tacadóirí iad na daoine seo do chlubanna ó Shasana!

    Is aoibhinn liom a bheith ag "tacú" Sasana - cuireann sé roinnt do mo chairde soir! Iarraim ar na daoine seo chun teacht go dtí cluichí Sraith na hÉireann, ach níl seans go dtiocfaidis!
    An Fhrainc, i mo thuairim. Tá bainisteoir ceart acu faoi dheireadh agus ar ndóighe, imreoirí den scoith.

    Ceapaim go dtógfaidh sé tamall eile go dtí go dtiocfaidh siad ar ais ón damáiste a rinne Domenech.
    Cé gur chaill An Ísiltír aréir, níl siad as an áireamh go fóill.
    Tá brú ollmhór orthu, áfach. Ceapadh go mbeadh dhá bhua agus cailliúnt amháin (i gcoinne na nGearmánach) maith go leor, ach anois, má chailleann siad an dara cluiche, beidh siad ag dul abhaile. B'fhéidir nach mbeadh comhscór maith go leor, fiú.
    Maidir le Éire, ní bheidh iontas orm má fhágann muid an comórtas gan a bheith buailte! Comh-scór x 3.
    Is mór an trua nach ionann bua agus dhá phointe in ionad trí cinn, mar d'fhéadfaimis Italia 90 a athdhéanamh - cáiliú don chluiche ceathrú ceannais gan bua amháin!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Is fuath liom an fuath atá ann dos na Sasanaigh. De gnáth, is tacadóirí iad na daoine seo do chlubanna ó Shasana!

    Is aoibhinn liom a bheith ag "tacú" Sasana - cuireann sé roinnt do mo chairde soir! Iarraim ar na daoine seo chun teacht go dtí cluichí Sraith na hÉireann, ach níl seans go dtiocfaidis!

    Aontaím go hiomlán leat. Tá sé páistiúil. Ach is spórt é, bíonn daoine mar sin i gcónaí. Tá sé níos fearr ná cogadh! Ach, i ndáiríre, tá a lán imreoirí san fhoireann nach bhfuil meas madra agam orthu agus tá trua agam do Rio Ferdinand. Tá súil agam nach n-éireoidh go maith leo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ms.M wrote: »
    Aontaím go hiomlán leat. Tá sé páistiúil. Ach is spórt é, bíonn daoine mar sin i gcónaí. Tá sé níos fearr ná cogadh!

    Tá an iomaíocht í féin go breá. Tuigim gur peil í seo agus tá sí mar pháirt den spórt - bímse ag canadh rudaí ar fhoirne eile nach mbeadh inghlactha sa ghnáthshaol. Ach, cuireann an fimíneacht isteach orm. Ag béicigh i gcoinne Shasana ach ag caitheam gheansaí Manchester United? Ní dhéanann sé ciall dá laghad. Go mór mór má bhíonn na daoine seo i gcónaí ag magadh faoina clubanna Éireannacha.

    Tá siad cosúil leis na daoine a bhíonn ag rá "up the Ra", caitheann siad geansaithe Glasgow Celtic, níl focal Gaeilge acu agus bíonn siad ag rá gur teanga gan mhaith í.
    Ach, i ndáiríre, tá a lán imreoirí san fhoireann nach bhfuil meas madra agam orthu agus tá trua agam do Rio Ferdinand. Tá súil agam nach n-éireoidh go maith leo.

    Agamsa, freisin. Tá a lán imreoirí agus figiúirí i bPríomhshraith Shasana nach bhfuil meas agam orthu.

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Tá an ceart agat. Is cuimhin liom an agóid faoin mbanríon agus na buachaillí ag scriosadh an Union Jack ina gheansaithe Celtic agus Man U, chuir se ag gáire mé :D
    Níl a lán grá agam ar Chelsea ach oiread ;)

    * FECK! Níl an Ísiltír sa pholl agus tá seans maith acu.
    Wups!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ms.M wrote: »
    Tá an ceart agat. Is cuimhin liom an agóid faoin mbanríon agus na buachaillí ag scriosadh an Union Jack ina gheansaithe Celtic agus Man U, chuir se ag gáire mé :D

    Sin meon a lán Éireannach, faraor. An rud is measa, ná, dá míneofaí é dóibh, d'fhéacfaidis ort mar a bheadh ceithre cinn ort.
    Níl a lán grá agam ar Chelsea ach oiread ;)

    Billiún curtha isteach san fhoireann agus fós tá stíl peile uafásach acu. An fhoireann is measa a bhfuil Corn Eorpach buaite acu!
    * FECK! Níl an Ísiltír sa pholl agus tá seans maith acu.
    Wups!

    Tá an tSualainn ann faoi dhó! Sheol PM go dtí Insect Overlord nó ceann des na mods eile - b'fhéidir go bhféadfaidis ceann dóibh a athrú duit.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Tar éis an chéad bhabhta de chluichí (pointí taobh amuigh agus difríocht na gcúl lastigh de na lúibíní):

    Grúpa A
    An Rús - 3 (+3)
    An Ghréig - 1 (0)
    An Pholainn - 1 (0)
    Poblacht na Seice - 0 (-3)

    Grúpa B
    An Danmhairg - 3 (+1)
    An Ghearmáin - 3 (+1)
    An Isiltír - 0 (-1)
    An Phortaingéil - 0 (-1)

    Grúpa C
    An Chróit - 3 (+2)
    An Iodáil - 1 (0)
    An Spáinn - 1 (0)
    Éire - 0 (-2)

    Grúpa D
    An Úcráin - 3 (+1)
    An Fhrainc - 1 (0)
    Sasana - 1 (0)
    An tSualainn 0 (-1)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin

    An Fhrainc má tá an t-adh acu.
    Is dócha go mbeidh an bua ag an Ghearmáin.

  • Closed Accounts Posts: 3,625 ✭✭✭flyswatter

    Níl seans ar bith ag Éire anois. Tá an foireann lag i gcomparáid le foreanna eile. Is maith le a lán daoine na Gearmáinis na laethanta seo (an foireann peil :D) ach ní raibh mé ró tógtha leo an bliain seo.

    Ceapaim go mbeidh an mbua ag an Spáinn nó béidir an Isíltir nó an Fhrainc.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    flyswatter wrote: »

    Bhuaigh an Ghearmáin gach uile cluiche sna babhtaí cáilithe agus bhíodar compórdach go leor i gcoinne na Portaingéile. Níl siad ag imirt chomh mhaith is a bhféadfaidis, fós - nuair a bheidh siad, ní fhéadfaidh aon fhoireann eile a bheith ag an leibhéal céanna.
    Ceapaim go mbeidh an mbua ag an Spáinn nó béidir an Isíltir nó an Fhrainc.

    Beidh an t-ádh ag an Isiltír teacht slán ón ghrúpa. Go réadúl, muna mbuafaidh siad amárach, beidh siad ag dul abhaile.

    Bhí an Fhrainc níos fearr ná na Sasanaigh, ach fós bhí sé deacair iad a bhriseadh síos. Beidh cluiche deacair acu i gcoinne na hÚcráine, freisin, agus iad sa bhaile.

  • Closed Accounts Posts: 3,625 ✭✭✭flyswatter

    Paz-CCFC wrote: »
    Bhuaigh an Ghearmáin gach uile cluiche sna babhtaí cáilithe agus bhíodar compórdach go leor i gcoinne na Portaingéile. Níl siad ag imirt chomh mhaith is a bhféadfaidis, fós - nuair a bheidh siad, ní fhéadfaidh aon fhoireann eile a bheith ag an leibhéal céanna.

    Beidh an t-ádh ag an Isiltír teacht slán ón ghrúpa. Go réadúl, muna mbuafaidh siad amárach, beidh siad ag dul abhaile.

    Bhí an Fhrainc níos fearr ná na Sasanaigh, ach fós bhí sé deacair iad a bhriseadh síos. Beidh cluiche deacair acu i gcoinne na hÚcráine, freisin, agus iad sa bhaile.

    An céad cluiche le na Gearmáingh ní raibh mé có tógtha leo, ní raibh siad chomh maith leis an t-ám sa corn domhanda 2010. Ní aontáim leat faoi do phointe faoin leibhéal, tá an Spáinn níos fearr ná na Gearmáinis dar liom. Tá na imreothairí is fearr sa comórtas acu agus tá lár an páirc thar barr ag an Spáinn. Xavi, Silva, Iniesta, imritheoirí den scoth.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    flyswatter wrote: »
    An céad cluiche le na Gearmáingh ní raibh mé có tógtha leo, ní raibh siad chomh maith leis an t-ám sa corn domhanda 2010. Ní aontáim leat faoi do phointe faoin leibhéal, tá an Spáinn níos fearr ná na Gearmáinis dar liom. Tá na imreothairí is fearr sa comórtas acu agus tá lár an páirc thar barr ag an Spáinn. Xavi, Silva, Iniesta, imritheoirí den scoth.

    Ní rabhas féin tógtha leis na Spáinnigh i gcoinne na nIodálach. Ar a laghad, leis na Gearmáinigh, tháinig siad amach leis an trí phointe. Ní rabhas sásta le teaicticí na Spáinneach - níor thosaigh siad an cluiche le tosathóir agus bhíodar ag iarraidh an liathróid a pasáil/siúl isteach sa chúl, in ionad cic a tabhairt di nuair a bhíodar sna háiteanna ceart. Tar éis na grúpaí i 2010, níor bhuadar gach cluiche ach 1-0 - bhí sé maith go leor dóibh san am sin, ach ní bheidh cúl amháin i gcónaí maith go leor. Chonaiceamar é le Barcalona i Sraith na gCuradh (a bhfuil leath don fhoireann náisiúnta déanta de) - pasáil, pasáil, pasáil, ach ní rabhadar in ann an cluiche a bhuachaint. San fhadthéarma, is dóigh liom go bhféadfaidh an Ghearmáin foirne a chríochnú níos fearr.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    D'éirigh Muineachán Aontaithe, a bhí i bPríomhroinn Sraith na hÉireann as an sraith, de bharr fabhanna airgeadais. Is nuacht seo atá i bhad níos mó agus measa ná Éire ag cailliúnt cúpla cluiche.

    Agus John Delaney agus a thaca thall sa Pholainn ag ól is ag éirí ar meisce, tá an tSraith sa bhaile ag titim as a chéile.

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Paz-CCFC wrote: »
    D'éirigh Muineachán Aontaithe, a bhí i bPríomhroinn Sraith na hÉireann as an sraith, de bharr fabhanna airgeadais. Is nuacht seo atá i bhad níos mó agus measa ná Éire ag cailliúnt cúpla cluiche.

    Agus John Delaney agus a thaca thall sa Pholainn ag ól is ag éirí ar meisce, tá an tSraith sa bhaile ag titim as a chéile.

    :mad::mad: €400,000 sa bhliain. Dochreidte!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Tá súil agam go mbuafaidh an Ghearmáin Euro 2012 mar as an cluichí atá feicthe agam,beidh seans den chéad scoth acu.Chaith mé tamall i nGearmáin ag foghlaim na teanga, mar sin tá láthair bog agam do na Gearmánaigh mar a déarfá!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Ms.M wrote: »
    :mad::mad: €400,000 sa bhliain. Dochreidte!

    Líon na nduaiseanna sa Sraith ná €235,500. An méid ar fad a íocann na foirne go léir chun a bheith páirteach ná €19,000 an fhoireann, nó €380,000 ar an iomlán. Sin brábús don FAI díreach. Cur isteach cearta teilifíse (a théann díreach go dtí an FAI, in ionad na clubanna), urraíocht irl agus is dóigh liom go mbaintear €500,000 níos mó ón Sraith ná mar a chuirtear isteach.

    Is drochscéal é agus fad is atá Delaney ag ceannach pointa agus Jagerbombs dos na lads, is cuma le formhór na tíre.

Advertisement