Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Feachtas Nua

  • 07-05-2012 4:16pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 439 ✭✭


    Bhí mé ag léamh rudaí maslacha faoin nGaeilge ar boards inné agus bhí mé in ísle brí. :( Ach ansin, shocraigh mé ar rud éigean a dhéanamh faoi.

    Chuir mé téacs chuig mo chairde ag rá go dteastaíonn uaim Gaeilge a mhúineadh dóibh agus go mbainfinn úsáid as ríomhphoist ar dtús. Bhí siad lánsásta é a dhéanamh! Ceapaim go síleann siad go bhfuil siad ag déanamh áise mar "guinea pigs" is dócha ach ar aon chaoi, tá an fonn orthu agus tá ceacht 1 déanta againn inniú.

    Tá triúr ag foghlaim Gaeilge. Gach duine a fuair téacs uaim. Tá m'fhear céile á foghlaim le tamall anuas freisin. Gaeilgeoir amháin go cúigear b'fhéidir? :)

    Is mór an bua é i mo thuairim! Ar bhain éinne eile triall as seo? An ndéanfaidh éinne é?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Maith thú, tá mé ag déanamh iarracht Gaeilge a úsáid le mo cáilín chara, ach sin a méid!

    Lean leis an dea obair :)


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Tá ag éirí go maith leo anois.

    Cé go bhfuil an-iomarca suime acu i mallachtaí agus focail míbhéasacha i mo thuairim! :rolleyes: Tuigim anois go ndearna mo mhúinteoirí éagsúla Gaeilge faillí mhór ar an gcuid sin den teanga... Tut, tut, tut!

    Táim tar éis foclóir le Garry Bannister a cheannach chun cabhrú liom. Is cuimhin liom foclóir slang a léigh mé sa leabharlann ar ollscoil cúpla uair a bhí an-ghreannmhar. Ach ní féidir liom cuimhniú cén chlúdach a bhí air. 'Bhfuil níos mó ná an ceann sin 'bhfuil fhios ag éinne? grma.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 148 ✭✭marnie d


    Ba bhrea liom rud éigin cosúil le sin a dhéanamh ach níl an am agam. Maith thú! :)


Advertisement