Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cén chaoi a bhfuil sibh sa gheiteó?

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Céard atá ar siúl agat anso ar chor ar bith? :confused:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4 imeallach

    Is cosúil gur saoránaithe den dara aicme iad lucht na Gaeilge ar an gclár seo.

    Tá an dearcadh sa tsnáth seo dochreidte maidir le drochmheas ar an nGaeilge.
    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2056522080

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ah, seo snáithe eile faoin eachtra sin.

    Ní bhaineann an cosc a fuair an duine sin le húsáid na Gaeilge. Níl aon gá le dul thar fóir leis na téarmaí corraitheacha faoi "aicmí".

    Tá riail ghinearálta ar an suíomh seo le teangacha éagsúla. Más maith leat iad a úsáid, caithfidh tú aistriúchán Bhéarla a chur leis an bpost.

    Fuair an duine sa snáithe eile dhá rabhadh sula gcuireadh cosc air. Níor éist sé leis an mhodhnóir. Níl sé níos casta ná sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4 imeallach

    Ar léigh tú an snáth sin?
    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2056522080
    "There is only one forum on Boards that Irish is welcome"
    ...

    "You have a forum to speak the secondary official language, keep it in there."

    Tá an ceart agat: níl sé seo casta. Nílim ag caint ar na rialacha. Táim ag caint ar an meon. Agus tá an meon dochreidte maslaitheach.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    imeallach wrote: »

    Tuigim anois tú. :)

    Ná thabhair aon aird don té sin. Níor phóstáil riamh sé sa fóram seo roimhe seo, ach ní haon rún é go bhfuil fuath aige i leith na teanga. Féach anso, anso is anso.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4 imeallach

    :)

    Is cosúil gur tháinig sé anseo d'aon ghnó le droch-íde a chaitheamh mar sin!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    I ndáiríre, OP, an t-aon fáth go bhfuil an riail sin ann faoi úsáid na Gaeilge ar an chuid is mó d'fhóraim an tsuímh ná nach bhfuil Gaeilge ag na módhnóirí uilig. Cé nach maith liom nach féidir liom scríobh as Gaeilge cibé áit anseo gur mian liom, tuigim nach féidir leis na módhnóirí a bpost a dhéanamh gan tuiscint acu ar a bhfuil scríofa. Toradh: Geiteo na Gaeilge !!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 28 harrys

    Thosaigh mise ag scríobh i nGaeilge faoi rud eicínt a bhí bainteach leis an Ghaeilge i mo cheantar Gaeltachta féin agus... bhí mé barráilte dá bharr.

    Ní raibh mé ag tarraingt na trioblóide in aon bhealach.

    D'fhéadfadh modhnóirí plé le daoine a bhí míréasúnta ar go leor bealaí ag úsáid Google Translate is mar sin de, más gá.

    Ach níl. Má scríobhann tú i nGaeilge - amach an doras!

    Bhuel, b'fhéidir go bhfuil daoine anseo sásta a bheith coinnithe isteach i ngeiteó, gan in ann rud ar bith a plé i nGaeilge seachas an teanga féin, ach níl mise.

    Níl aon mheas ag úinéirí boards.ie ar an Ghaeilge, ach tá meas agamsa orm féin agus an Ghaeilge.

    Mar gheall ar sin, ní scríobhfaidh mé i nGaeilge anseo aríst agus ní chloisfidh sibh aríst uaim.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Nach tusa an duine réasúnta aibí? :rolleyes:

    Tá a fhios ag gach mac máthair go dtarlaíonn tromlach an plé ar an suíomh seo trí mheán an Bhéarla. Más maith leat rud a scríobh i nGaeilge, níl aon rud de dhíth ó na modhnóirí ach aistriúchán beag in aice leis.

    Tá a ndóthan le déanaimh ag na modhnóirí anseo cheana. Chomh maith leis sin, níl ann i nGoogle Translate ach drochuirlis mhíchruinn. Cuir aistriúchán ceart le do phost féin, nó scríobh i mBéarla é. Tá sé chomh simplí sin.

    Muna bhfuil tú in ann an treoir bhunuasach sin a leanúint, bhuel, b'fhéidir go bhfuil sé níos fearr dúinn nach gcloisfimid arís uait.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 28 harrys

    Slán agus beannacht Uncail Tomás ;)

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Go n-éirí an bóthar leat, a dhuine uasail.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Is suíomh príomháideach (saor in aisce, dála an scéil) é Boards.ie; níl aon fáth ann gur chóir dóibh lúbadh le haghaidh mionlaigh. Má tá plé uait as Gaeilge, tá neart suíomhann eile ann. Nó an ghetto seo féin fiú.

    Aontaím nár chóir duit 'bheith díbeartha mar gheall ar ar tharla (infraction b'fhéidir).

  • Closed Accounts Posts: 11 maitiu

    Tá mo chluasa á ndó :P

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,574 Mod ✭✭✭✭dory

    Sin riail atá ag an bhfóram. Ní gá dúinn boards.ie a úsáid, agus ní gá dóibh glacadh le Gaeilge.
    Dála scéil, ní bhíonn muintir Dental Issues riamh cáirdiúil. Leaids le chipín ar a gcuid guaillí toisc an méid daoine a théann thar lear na laethanta seo. Ní bheinn ró-bhuartha fúthu i ndáiríre

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,128 ✭✭✭✭Oranage2

    Gaire os ard, thread den scoth ansin.

    Agus cosc a chur ar mar gheall ar "personal abuse"?

    Give me a break!

Advertisement