Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Díospóireacht uachtaránachta

  • 17-10-2011 8:38pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭

    Táim ag tnúth go mór leis an díospóireacht uachtaránachta atá ar súil ar TG4 amárach.Beidh sé suimiúil a fheiceáil an caighdéan gaeilge atá ag na huchtaráin ionchasacha and a gcuid smaointe.An mbeidh aon daoine anseo ag féacháint an díospóireachta?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Cén t-am atá sé ar súil? Ba mhaith liom féachaint air gan dabht.

    Ag an am céanna ní dócha go mbeidh mé ag aithriú mo rogha. Tá caighdeáin sár-lag san toghcháin seo.

  • Closed Accounts Posts: 2,048 ✭✭✭vampire of kilmainham

    Seannew1 wrote: »
    Táim ag tnúth go mór leis an díospóireacht uachtaránachta atá ar súil ar TG4 amárach.Beidh sé suimiúil a fheiceáil an caighdéan gaeilge atá ag na huchtaráin ionchasacha and a gcuid smaointe.An mbeidh aon daoine anseo ag féacháint an díospóireachta?
    na beidh me ag obair

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cén t-am a bheidh sé ar siúl anocht?

    Caithfidh mé dul ag traenáil, ach is dócha go mbeidh sé ar fáil ar shíomh ghréasáin TG4 i ndiaidh sin chomh maith.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    7 in agus athchraoladh ag 11 istoíche. An fiú a leithéid nuair nach bhfuil gaeilge ag na h-iarrthóirí (seachas MD)? Clár eile i mbéarla den chuid is mó ar an stáisiún "gaeilge".

  • Closed Accounts Posts: 3,625 ✭✭✭flyswatter

    Bhí mé míshásta leis an méid gaeilge á labhairt san díospóireacht seo caithfidh mé a rá!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 854 ✭✭✭Caraville

    Ní raibh pointe ar bith ag baint leis i ndáiríre- ní raibh go leor Gaeilge ar an gclár chun fíor-dhíospóireacht Ghaeilge a bheith acu.

    Is trua an scéal é nach mbeidh go leor Gaeilge ag Ó Gallachóir má bhuann sé. Gan dabht tá i bhfad níos mó rudaí eile ag baint leis an bpost, ach b'fhearr liom go mbeadh go leor Gaeilge aige/aici chun comhrá bunúsach a bheith acu.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhí sé náireach aréir.

    Ní amháin an easpa Gaeilge a raibh le cloistéail, ach freisin na iarrthóirí ag insint bréaga. Dá mbeadh an méad meas ach don teanga is a deireann siad ba ceart go mbeidh siad lán ábalta comhrá as Gaeilge gan fadhb.

    Ní raibh leath dóibh ábalta an ráiteas réamh eagraithe a léamh fiú...

    (Brón orm faoin gramadach/litriú níl speelcheck ar fáil anseo :-\ )

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Chonaic mé 20 noiméad don chlár inné agus caithfidh mé a rá go raibh díoma an domhain orm nar chuala mé aon ghaeilge ar chor ar bith! Léigh mé sa pháipéar nuachta inniu go raibh michael d higgins an duine is láidre ag labhairt as gaeilge agus bhí na daoine eile chomh lag........

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 54 ✭✭Rhedyn

    Sé Martin McGuinness an t'aon duine a labhair ar son na Gaeltachtaí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Meilt ama ceart ab ea é. Muna raibh sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt, ní chomhair gur glacadh an chuireadh chun dul faoi agallamh. Fiú, má d'iarraidh orthu cúpla abairtí a chur le chéile, bheinn níos sásta, ach is Michael D an t-aon duine a dhein é seo. Tá a fhios agam go bhfuil sé líofa sa theanga i gcomhair tamall fada, ach bhí go leor ama ag na hiarrthóirí eile cúpla frása a fhoghlaim. Caithfidh go raibh sé ar eolas ag gach aon dóibh go mbeadh an tseans acu labhairt ar TG4 - léiríodh nach bhfuil puinn suim ag fórmhór dóibh sa Ghaeilge. Táim ag súil, pé dhuine atá toghtha, go gcuirfidh sé/sí ama ar leathtaobh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, ach is dóigh liom gurb é Michael D an t-aon duine atá suim aige sa theanga. Tá sé an-díomádh.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Paz-CCFC wrote: »

    Chonaic mé beagán de, agus bhí Michael D ag caint. I mBéarla a bhí sé ag labhairt an t-am sin.
    Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge mhaith aige, agus seans go raibh sé ag freagairt rud a dúirt duine eicínt eile. Ach chuir sé díomá orm!

  • Closed Accounts Posts: 6 mf10

    Bhí an díomá ormsa freisin - agus gan ach duine acu in ann cúpla abairtí a chur le chéile. Agus, mar atá ráite ag duine éigean eile thuas - an méid ráiméis a tháinig astu faoin 'grá' atá acu don teanga - Seafóid - más fíor é sin cén fáth nach bhfuil focail amháin agat.

    Táim lán cinnte nach bhfuil tír ar bith eile ar domhainn a chuireann uachtárán ann nach bhfuil in ann an teanga náisúinta a thuiscint nó a labhairt!! Tá sé dochreidte!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    deirdremf wrote: »
    Chonaic mé beagán de, agus bhí Michael D ag caint. I mBéarla a bhí sé ag labhairt an t-am sin.
    Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge mhaith aige, agus seans go raibh sé ag freagairt rud a dúirt duine eicínt eile. Ach chuir sé díomá orm!

    Is dóigh liom gur sin an t-aon uair a labhair sé as béarla - i gcomhair níos mó ná abairt nó dhó, ar a laghad. Dúirt sé go labhróidh sé as béarla i gcomhair tamaillín, ionas nach eiseoidh sé na hiarrthóirí eile. I mo thuairmse, bhí sé de cheart aige lean ar aghaidh leis as Gaeilge agus gan bacaint leis na daoine eile. Muna raibh siad ábalta é a thuiscint, tá an milleán orthu. 'Sé stáisiún Gaeilge a bhíodar ag dul faoi agallamh, muna raibh aon Ghaeilge acu, ní chomhair dóibh a bheith ann!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Céard é bhur mbarúil faoin bpobalbhreith is deireanaí?
    Tá Sean Gallagher amach i bhfad chun tosaigh, fiú ar Mhichael D.
    Creidim gurb é Michael D an t-iarrthóir is fearr acu ar fad: ach ní bheidh mé ag vótáil ar a shon.
    Bhí mé chun mo vóta a thabhairt dó, ach má bhíonn an bua aige, beidh droch-theachtaíreacht á tabhairt don Rialtas. Glacfaidh siad leis go bhfuil tacaíocht an phobail acu. Agus ní thacaíonn mé leo.
    Mar sin, in ainneoin go gcreideann mé gur fearr é Michael D ná éinne eile, tá mé chun vóta a chaiteamh i gcoinne an rialtais.
    Ar ndóigh, níl aon tábhacht le post an Uachtaráin: d'fhéadfadh duine ar bith a ainm a chur le bille chun dlí a dhéanamh de. Seans go gceisteodh Michalel D rudaí áirithe, ach níor dúirt sé go gcuirfeadh sé i gcoinne tada, agus dá bharr sin, ní fheicim go difríocht ar bith idir é agus éinne eile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 166 ✭✭TW Mr Tayto

    An bhfuil tú abalta é a feicail ar YouTube, no rud mar sin?

    Ba mhaith liom é a feicail, mar chula me ó mo mhuinteoir Gaeilge go raibh sé dó creide*

    *Tá an brón orm, a chairde níl clú agam conas a leirítear é sin.
    I was trying to say "unbelievable"

    Má tógtar Seán Gallagher mar uachtaráin beidh droch-theachtaireacht á tabhairt againn (an phobal) do FF. Glacfaidh siad leis go bhfuil tacaíocht an phobail acu... Agus ní thacaíonn mé leo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,176 ✭✭✭Jess16

    An bhfuil tú abalta é a feicail ar YouTube, no rud mar sin?

    Ba mhaith liom é a feicail, mar chula me ó mo mhuinteoir Gaeilge go raibh sé dó creide*

    *Tá an brón orm, a chairde níl clú agam conas a leirítear é sin.
    I was trying to say "unbelievable"

    Iarracht dheas a dhein tú! An fhocail atá á lorg uait ná 'dochreidte'

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    An bhfuil tú abalta é a feicail ar YouTube, no rud mar sin?

    Ba mhaith liom é a feicail, mar chula me ó mo mhuinteoir Gaeilge go raibh sé dó creide*

    *Tá an brón orm, a chairde níl clú agam conas a leirítear é sin.
    I was trying to say "unbelievable"

    Ní dóigh liom féin go bhfuil an díospóireacht ar you tube ach tá tseans mhaith gur féidir leat í a fheiceáil ar TG4 Beo...........

    Ar aon nós, an bhfuil gach duine sásta le ár n-uachtáran nua Michael D Higgins ??

Advertisement