Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cad ar domhan a fhoghlaimíonn an-chuid Éireannach sna ceachtanna Gaeilge?!

  • 03-09-2011 4:46pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭

    Tá a fhios agam, is sean-phlé é. Ach tá an fonn orm tabhairt amach faoin scéal anois tas éis mo thurais is déanaí go hÉireann.

    Mar a dhéanaim de ghnáth in Éirinn, cuirim sealadh chuig daoine as Gaeilge i gcónaí in Éirinn ar dtús. Uaireanta, ní thuigtear tada. Conas is féidir é nuair a bhíonn an Ghaeilge mar ábhar scoile ag gach Éireannach, gan trácht orthu siúd ar chaith tréimhse scoile thar lear agus na daoine eachtrannacha? Cad ar fhoghlaim siad sin ar scoil sna ceachtanna Gaeilge má bhreathnaíonn siad sin ar daoine atá ag labhairt Gaeilge mar is Bantu a bheadh ann?

    Le torthai bochta mar sin as ceachtanna Gaeilge, d´fhéadfaí an t-airgead ar a son go díreach a chur chuig an tine chomh maith. Tá a fhios agam nach bhfuil suim ag gach dhaltaí sa Ghaeilge, ar feadh na scoile agus tár éis na scoile. Ach is tréimhse fhada atá i 12 bliain! Bhí ceachtanna Bhéarla agam ar scoil ar feadh sé bhliana agus bhí mé in ann cumarsáid as Béarla a dhéanamh go maith. Ní raibh ach dhá bhliana na Frainicise agam ar scoil. Agus fiú amháin sa chás sin, bhí mé in ann comhrá a dhéanamh as Fraincis go réasúnta! Agus conas is féidir gach rud a dhearúd má foghlaimíodh teanga go maith ar scoil?

    Go fíor, is scéal millteanach bocht é go bhreastalaíonn cuid Éireannach cúrsaí do thosaitheoirí lasmuigh den scoil. Bheifí ag súil go ndíreodh cúrsaí do thosaitheoirí amháin ar daoine eachtrannacha nó Éireannaí ar chaith an-roinnt den am scoile thar lear. Creidim féin go meadh staid na Gaeilge sa tír fós níos fearr dá mbeadh cumas réasúnta uirthi ag beagnach uile dhuine dúchasach in Éirinn as an gcóras oideachais toisc nach bhfuil mórán fágtha den tsean-stiogma inniu. Chuala mé an clamhsán uaireanta gur baineadh an dheis díobh an teanga a fhoghlaim go réasúnta go luath trí dhroch-mhúineadh.

    Ná tógaigí go pearsanta é!

    Alex

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Tá a fhios againn é seo, ach níl a fhios ag go leor daoine sa saol oifigiúil.

    Bheadh sé go hiontach dá seolfá an teacthtaireacht chuig an Aire Oideachais.
    Ach gach seans nach dtuigfeadh sé tú ach an oiread!!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke

    Is le daltaí agus tuismitheoirí a chur brú chun go mbeidh muinteoirí a bhfuil an-chuid daltaí agus tuismitheoirí míshásta leo tugtha as a bpost mar mhúinteoirí Gaeilge. Ba cheart caighdeán na scrúdaithe Gaeilge do mhúinteoirí a ardú chun múinteoirí le droch-chumas ar an teanga a choinneáil amach. Is fearr an mhéid níos lú múinteoirí agus ceachtanna Gaeilge, ach ar an taobh eile na cinn fágtha a bheith go maith ná fualaingt le droch-mhúinteoireacht agus ceachtanna gan torthaí. Ar leibhéal na bunscolaíochta, is féidir agus is fiú múinteoirí Gaeilge ó amuigh a thabhairt isteach sa scoil uair amháin sa lá mura bhfuil cumas sásúil ag an múinteoir bunscoile é féin.

    Alex

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Ag leibhéal na hArdteiste, cuireadh an iomarca béime ar an litríocht go dtí seo. Beidh níos lú ná 15% dírithe uirthi sin as seo amach, ach fós féin ní dóigh liom gur ceart go bhfuil an litríocht agus an fhilíocht riachtanach. Mar a dúradh míle uair cheana, ba cheart go mbeadh dhá ábhar ann - ceann a dhiríonn ar an teanga amháin, agus ceann a dhiríonn ar an bprós 7rl. 'Sé an t-aon rud amháin gur cheart bheith sna scrúdaithe ná tascanna cumarsáide - conas litreacha a scríobh, píosaí gearra cumadóireachta, léamhthuiscintí agus trialacha gramadaigh. Ní ceart go mbeadh daoine in ann buille faoi thuairim a dhéanamh faoi na ceisteanna a scrúdófar, agus ní ceart go mbeadh daltaí ag foghlaim stuif de ghlanmheabhair. Ba cheart nach mbeadh an scrúdú intuartha. Bheadh béaltriail ann chomh maith (tá mo thuairim faoin mbéaltriail nua nochta agam anseo cheana).

    Tá an-imní orm faoin nGaeilge sa bhunscoil. De dhéanta na fírinne ní dóigh liom go bhfuil mórán suime ag cuid mhór bunmhúinteoirí inti, agus is minic nach mbíonn Gaeilge shasúil acu féin. Ní bhíonn an deis ag daltaí an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga, agus ní fheictear í mar theanga úsáideach í dá bharr. Is minic a bhíonn tuismitheoirí ag rá nach bhfuil an teanga tábhachtach dá gcuid páistí (agus caithfidh mé rá go dtuigim cén fáth go bhfuil an bharúil sin ann). Is cuma leo fuithi. Níl fhios agam céard is féidir a dhéanamh faoi. Is maith an rud í an Ghaelscoilíocht, agus is cosúil go bhfuil ag éirí go maith léi. Seans da mbeadh níos mó acu ann go gcuirfí feabhas ar an scéal. Ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin.

    Tá ról ollmhór ag meon ginearálta na nÉireannaigh i leith na teanga ar staid na teanga. Agus ní meon dearfach a bhíonn ann i go leor cásanna, faraor.

Advertisement