Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ag tógáil clainne trí dhá theanga

  • 25-08-2011 12:25pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 6


    Hi gach duine,

    Táim nua anseo.
    Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil mórán daoibh a bhfuil leanaí agaibh - agus cén teanga(cha) a mbíonn in úsáid agaibh sa bhaile.

    Táim ag súil le mo chéad leanbh faoi láthair agus ag déanamh iarrachta cinne a dhéanamh ar cén chaoi a dhéanamis é seo.

    Tá grá agam don Ghaeilge agus ceapaim go bhfuil sí agam go réasúnta maith - cé nach bhfuil sé agam ó dhúcais. Níl mórán gaeilge ar bith ag m'fhear céile ach tá sé ar intinn liom gur maith an rud é an teanga a thabhairt d'ár leanaí.

    An cheist atá agam ná - má bhíonn Gaeilge amháin á labhairt agamsa leis an leanbh agus Béarla amháin á labhair ag Daid leo - céard iad na buntáistí nó míbhuntáistí a bhainfaidh le sin?

    Ba bhreá liom bhur scéalta féin a chloisteáil......


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    An-smaoineamh má tá d'fhearchéile sásta. Bíonn leanaí óga in ann teangacha a fhoghlaim go héasca. Má chuireann tú an páiste chuig scoil lán-ghaeilge níor cheart go mbeadh aon deacracht aige/aici leis an teanga. Ní bheidh aon deacracht béarla a fhoghlaim mar tá an teanga sin gach áit (raidió, teilifís, na comharsain).

    B'fhéidir go bhféadfá fear an tí a mhealladh chun tabhairt faoin ngaeilge chomh maith!


  • Closed Accounts Posts: 6 mf10


    craoltoir wrote: »
    B'fhéidir go bhféadfá fear an tí a mhealladh chun tabhairt faoin ngaeilge chomh maith!

    Tá sé ag déanamh iarrachta - ach ní thagann teangacha chuige go nádúrtha. Táim ag smaoineamh go mbeidh sé níos éascaí dó níos mó a fhoghlaim nuair a thagann an leanbh agus nuair atá an teanga timpeall an tí....


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    De réir an mhéid atá déanta agamsa faoi dhátheangachas (ar choláiste), baineann i bhfad níos mó buntáistí ná míbhuntáistí le do smaoineamh. Cabhróidh sé leis an bpaiste agus teangacha eile á fhoghlaim aige/aici níos déanaí.

    Rud amháin a deirtear áfach ná go mbíonn an méid focal a bhíonn ar eolas ag páiste roinnte idir an dá theanga. Cur i gcás go raibh 200 focal Béarla ar eolas ag páiste aonteangach, bheadh 100 focal Béarla agus 100 focal Gaeilge ar eolas ag an bpáiste dátheangach. Ní dhéanann sé seo aon damáiste, ar ndóigh, just rud a tharlaíonn.

    Bhfuil blas maith na teanga agat? Fuaimiú srl? Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh an páiste dul i dtaithí ar na fuaimeanna cearta mar deirtear go bhfuil gá é seo a dhéanamh go luath sa saol chun é a dhéanamh i gceart.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Bhí sé suimiúil do chuid scéil a léamh.Ag tús an tsamhraidh, bhí mé ag fanacht in Inis Oírr agus bhí na daoine óga ar fud an oileáin ábalta béarla foirfe a labhairt agus a scríobh.Bíonn a dtuismitheoirí ag labhairt gaeilge leo ach bíonn siad ag féachaint móran teilifíse an t-am ar fad as Béarla agus ag léamh an pháipéir nuachta as Béarla.Is dóigh liom nach mbeidh go leor fadhbanna agatsa mar sin!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Déanann cara atá agamsa é seo le a leanaí. Tá sé ina chonaí sa ghaeltacht, ach níl gaoluinn ag a bhean-chéile. Is léir go bhfuil sé níos éasca dó, mar tá sé ina chonaí sa ghaeltacht - ach, má cuireann tú d'leanbh sa ghaelscoil - cabhróidh sé libh, gan dabht. Déan é, is rud maith é cinnte! Go n'éirí leat leis.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 6 mf10


    Go raibh maith agaibh go léir. Tá sé cabhrach fiú é a fheiceáil scríobhtha síos go naontaíonn daoine lenár bplean.
    dambarude wrote: »
    Bhfuil blas maith na teanga agat? Fuaimiú srl? Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh an páiste dul i dtaithí ar na fuaimeanna cearta mar deirtear go bhfuil gá é seo a dhéanamh go luath sa saol chun é a dhéanamh i gceart.

    Yeah, sílim go bhfuil. Is as an Ghaeltacht i gCorcaigh í mo Mhaimeó ach ansin chaith mé an-chuid ama i gConemara - agus anois is meascán do Gaeilge na Mumhain agus Gaeilge Chonamara atá agam....


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    mf10 wrote: »
    Hi gach duine,

    Táim nua anseo.
    Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil mórán daoibh a bhfuil leanaí agaibh - agus cén teanga(cha) a mbíonn in úsáid agaibh sa bhaile.

    Táim ag súil le mo chéad leanbh faoi láthair agus ag déanamh iarrachta cinne a dhéanamh ar cén chaoi a dhéanamis é seo.

    Tá grá agam don Ghaeilge agus ceapaim go bhfuil sí agam go réasúnta maith - cé nach bhfuil sé agam ó dhúcais. Níl mórán gaeilge ar bith ag m'fhear céile ach tá sé ar intinn liom gur maith an rud é an teanga a thabhairt d'ár leanaí.

    An cheist atá agam ná - má bhíonn Gaeilge amháin á labhairt agamsa leis an leanbh agus Béarla amháin á labhair ag Daid leo - céard iad na buntáistí nó míbhuntáistí a bhainfaidh le sin?

    Ba bhreá liom bhur scéalta féin a chloisteáil......

    Is eagraíocht é 'Comhluadar' a chuireann tacaíocht agus eolas ar fáil do dhaoine ar mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge: http://www.comhluadar.ie/

    Tá treoirleabhar foilsithe acu ina bhfreagraítear na ceisteanna atá ag tuismitheoirí atá ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anseo. Tá an treoirleabhar ar fáil as Béarla chomh maith (do d'fhear céile, b'fhéidir) agus is féidir an leagan Béarla a íoslódáil anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf


    dambarude wrote: »
    Rud amháin a deirtear áfach ná go mbíonn an méid focal a bhíonn ar eolas ag páiste roinnte idir an dá theanga. Cur i gcás go raibh 200 focal Béarla ar eolas ag páiste aonteangach, bheadh 100 focal Béarla agus 100 focal Gaeilge ar eolas ag an bpáiste dátheangach. Ní dhéanann sé seo aon damáiste, ar ndóigh, just rud a tharlaíonn.
    B'fhéidir go mbíonn sé seo fíor nuair a bhíonn an páiste an-óg. Ach má chloiseann sé na focla sa mbaile, beidh an dá leagan aige. Agus tá leabhar an-úsáideach ann chun cuidiú leat le foclóir na ngasúir - Gaschaint. Tugann sé leaganacha de mórán gach rud a theastódh uait a rá leis an bpáiste - agus tugann sé rogha sa 3 chanúint - agus CD do gach canúint, freisin.

    Creidim go bhfuil an méid a léigh damarude bunaithe ar pháistí a fuair teanga amháin óna thuismitheoirí agus an teanga eile ón scoil.
    Ar an taobh eile de, nuair a bhíonn páistí ina ndéagóirí, bíonn foclóir nua á fhoghlaim acu gach lá, agus is beag de a fhaigheann siad i nGaeilge ach amháin má tá an dá thuismitheoir líofa sa nGaeilge. Ach ní gá don OP bheith buartha faoi sin anois - agus tagann na gasúir tríd faoi dheireadh.

    Bheinnse níos buartha faoi na fuaimeanna ná faoin bhfoclóir dáiríre - bíonn go leor Octaws timpeall na háite nach bhfuil in ann fuaimeanna na Gaeilge a dhéanamh.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    deirdremf wrote: »
    Creidim go bhfuil an méid a léigh damarude bunaithe ar pháistí a fuair teanga amháin óna thuismitheoirí agus an teanga eile ón scoil.
    Ar an taobh eile de, nuair a bhíonn páistí ina ndéagóirí, bíonn foclóir nua á fhoghlaim acu gach lá, agus is beag de a fhaigheann siad i nGaeilge ach amháin má tá an dá thuismitheoir líofa sa nGaeilge. Ach ní gá don OP bheith buartha faoi sin anois - agus tagann na gasúir tríd faoi dheireadh.

    Sin go díreach é - rud a léigh mé. Ní raibh mé ag rá gur mhíbhuntáiste a bhí ann, just rud a bhí cloiste agam!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Déanann muid é seo, cé go bhfuil conaí orainn sa nGaeltacht agus go bhfuil na páistí ar scoil thrí Ghaeilge. Oibríonn sé go maith don chuid is mó ach caithfidh tú a bheith géar ó thaobh claoi le rialacha faoi cé a labhraíonn cén teanga.

    Ná bí ag 'slabáil' idir an dá theanga agus ní bheidh an páiste ach an oiread.

    Go n-eireoidh libh!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 6 mf10


    Gael wrote: »
    Is eagraíocht é 'Comhluadar' a chuireann tacaíocht agus eolas ar fáil do dhaoine ar mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge: http://www.comhluadar.ie/

    Tá treoirleabhar foilsithe acu ina bhfreagraítear na ceisteanna atá ag tuismitheoirí atá ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anseo. Tá an treoirleabhar ar fáil as Béarla chomh maith (do d'fhear céile, b'fhéidir) agus is féidir an leagan Béarla a íoslódáil anseo.

    Grma as ucht sin. Feiceann an suíomh sin úsáideach go leor!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá beirt agamsa - 3 agus 1. Labhraíonn mo bhean chéile as Béarla leo agus mise as Gaeilge. Shocraigh muid ar sin sular tháinig an chéad cheann ar an saol. Labhair mé as Gaeilge leo ón gcéad lá. Tá Gaeilge ag mo bhean chéile chomh maith agus is buntáiste é sin cinnte mar thuigeann sí céard a bhíonn á rá againn. Tá Gaeilge mhaith ag an gcéad cheann anois. Níl aon fhadhb aige ag iompú ó Ghaeilge go Béarla. Bhí tréimhse ann nuair a thosaigh sé ag labhairt liom as Béarla ach dúirt mé 'Gabh mo leithscéal' chun chur in iúl dó go raibh mé ag iarraidh Gaeilge. Anois níl aon ghá le nod mar sin. Tá mo chuid Gaeilge féin feabhsaithe go mór chomh maith mar tá mé ag déanamh mo dhícheall Gaeilge mhaith a thabhairt dóibh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Má tá tú chun leanbh a thógáil le dhá theanga, an rud is fearr le déanamh ná an rud ar smaoinigh tú féin air: duine amháin, teanga amháin. Tá an-chuid taighde déanta ar seo, agus 'séard a mhínítear ná gur buntáiste gan dabht é don pháiste má choiseann sé níos mó ná teanga amháin, ach is gá do dhaoine thart timpeall air gan ach teanga amháin an duine a úsáid. Sin le rá, is féidir leatsa Gaeilge a úsáid, agus do d'fhear chéile Béarla a úsáid. Ach níor chóir duit féin athrú chuig Béarla -- má thuigtear don pháiste nach bhfuil uaidh ach teanga amháin in ionad an dá, stopfaidh sé leis an nGaeilge go hiomlán. Beidh sé deacair leabhairt le d'fhear chéile as Béarla gan do pháiste a fheiceáil, mar sin mholfainn duit 'bheith díograsach, agus fiú má thuigeann sé go bhfuil Béarla agat tar éis tamaill tuigfidh sé go labhraíonn sé le mamaí as Gaeilge agus daidí as Béarla.


Advertisement