Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bhúr n-aiseolas agus smaointí.

  • 19-08-2011 4:09pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭


    Tá an fóram seo tar éis éirí an-chiúin ar fad. Róchiúin, fiú.

    Conas gur féidir linn dul chun chinn a dhéanamh? An bhfuil aon rud ag teastáil uaibh?

    Nó an bhfuil smaointí ag éinne conas an fóram a dhéanamh níos spéisiúla?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,971 ✭✭✭fat bloke


    Hmmm, tá sé deacair a rá conas a thabharfá cic-sa-tóin d'fhóram den saghas seo. Cad a dhéanfá le fóram "béarla"? Níl aon baint againn lena chéile seachas an teanga, agus ní féidir linn caint faoin nGaeilge an lá ar fad, teastaíonn uainn ár gcuid Gaeilge a úsáid chun bheith ag caint faoi ábhair eile, ach cad iad na hábhair siúd?? :)

    Táim ar boards, bím ar an bhfóram rothaíochta go minic, mar go bhfuil suim agam i gcúrsaí rothaíochta, ní mar go bhfuil suim agam i mBéarla! Ach níl dóthain daoine anseo chun na hábhair go léir a roghnú suas mar is gnách.

    So....

    An bhfuil rothar ag éinne eile anseo?? :pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Tá sé fíor go bhfuil i bhfad níos lú daoine a bhéas ag iarraidh rudaí a phlé i ngaeilge. Éiríonn sé leadránach a bheith ag plé cúrsaí teanga an t-am ar fad. D'fhéadfá iarracht a dhéanamh tabhairt faoi ábhair eile a phlé agus má tá suim ag daoine ann, b'fhéidir go bhfaighfeadh tú roinnt freagraí.

    Tá an pobal gaeilge an-bheag i gcomparáid leis an chuid eile den phobal.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Thug mé faoi deara ar fhóram eile go spreagann altanna ó shuíomhanna nuachta daoine chun cainte.

    Más maith libh scéal a phlé ó Ghaelport, Foinse, Nuacht24, Gaelscéal, 7rl, cuir suas anseo é.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Rinne mé cópáil de trí phost ó snáithe eile chun tús cheart a chur leis an snáithe seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá sé an deacair fadhb mar seo a réitigh. Bhí sé mar seo ar feadh tréimhse fiú ag an tús.

    Tógann sé suim mór san Gaeilge chun postáil anseo. Fiú domsa le roinnt mhaith Gaeilge tá focal.ie oscailte go minic. Chuireann an iarracht breise as do daoine.
    An rud is tábhachtach ná chun cinntiú nach cailleann na daoine anseo le fuinneamh an suim, go háirithe na daoine nua a tagann anseo ar cuairt.


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Mo bharúil féin:
    • De dhéanta na fírinne ní dóigh liom gur féidir liom níos mó ná fóram Gaeilge amháin a úsáid. Tá a fhios ag roinnt mhaith daoine anseo faoin bhfóram eile atá tar éis teacht ar an bhfód.
    • De ghnáth ní dhéanaim snáitheanna a thosú, ach bím sásta póstáil iontu nuair ata siad tosaithe. Ní thosaítear mórán snáitheanna anseo, agus ní phostálam rómhinic dá bharr!
    • Tuigim go bhfuil aidhm difriúil ag an bhfóram 'Gaeilge' anseo, ach measaim go roineann sé an méid cainte nuair a bhíonn líon beag úsáideoirí ag freastal ar an dá cheann acu. Níl fóram gnóthach amháin ann. Tuigim nach n-athrófar é seo.
    • Is minic a phléitear CLG anseo - agus níl mórán suime agam ann. Mar sin, ní phóstálam. Ar ndóigh, ní haon locht é seo - just rud nach bhfuil suim agam ann.
    • Tá gá le níos mó úsáideoirí chun comhrá a choimead ag siúl. Agus caithfidh na húsáideoirí seo iarracht a dhéanamh póstáil, fiú mura bhfuil mórán spéise acu sa rud atá á phlé.
    • Ní mhealltar daoine isteach. Tá aithne agam ar roinnt daoine i bhfóraim eile anseo (Múínteoireacht agus Léachtóíreacht an príomhshampla) a bhfuil Gaeilge acu, ach ní thagann siad anseo ar chor ar bith. Seans nach bhfuil suim acu ann, ach seans freisin go bhfuil cuma mharbh ar an áit nuair a thagann siad. Fáinne fí atá ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Aontaím le go leor don mhéid atá le rá ag dambarude. Níl móran suim agamsa a bheith ag plé cursaí teangan ach go bhfuil suim agam rudaí eile a phléigh i nGaeilge ó am go ham.

    Bíonn mé féin ar chupla fora eile (creative writing m.sh) agus b'fhéidir go bhféadfaígh labhairt faoi chursaí scríobhneoireachta/na meáin/spóirt/an tsochaí gaelach srl. níos minicí?


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,574 Mod ✭✭✭✭dory


    An fhadhb atá ann ná nach bhfuil topaic faoi leith ag an bhfóram seo, ach go mbeidh sé as Gaeilge. Má tá fonn orm labhairt faoi chúrsaí spóirt téim go dtí an fóram cuí agus mar sin de. Ba bhreá liom rudaí a phlé as Gaeilge, ach má tá ceist agam faoi chúrsaí taistil nílim chun teacht anseo nuair a bheidh níos mó daoine in ann freagre a thabhairt dom at an Travel fóram.

    Beidh orainn teacht suas le roinnt ábhar plé. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf


    Rud eile de, mura bhfuil a fhios agat go bhfuil an fóram ann, níl sé éasca teacht air. Tá sé i bhfolach.
    Dá mbeadh sé níos feiceálaí, mar atá Arts, Biz, Edu, Games srl ag barr gach leathanaigh, seans go dtiocfadh níos mó daoine isteach ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,935 ✭✭✭Anita Blow


    níos mó Sharon Ní Bheoláin


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Anita Blow wrote: »
    níos mó Sharon Ní Bheoláin

    Snáithe dáiríre atá insan tsnáithe seo. Muna bhfuil rud éigin úsáideach le rá agat, ná scríobh anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    dory wrote: »
    An fhadhb atá ann ná nach bhfuil topaic faoi leith ag an bhfóram seo, ach go mbeidh sé as Gaeilge. Má tá fonn orm labhairt faoi chúrsaí spóirt téim go dtí an fóram cuí agus mar sin de. Ba bhreá liom rudaí a phlé as Gaeilge, ach má tá ceist agam faoi chúrsaí taistil nílim chun teacht anseo nuair a bheidh níos mó daoine in ann freagre a thabhairt dom at an Travel fóram.

    Beidh orainn teacht suas le roinnt ábhar plé. :)

    aontaím go hiomlán! cad faoi fóraim éagsúla a bhúnú as Gaeilge? (ms. leagan gaeilge den fóram taistil, srl) níl a fhios agam an féidir é sin a dhéanamh nó an bhfuil sé do-dhéanta ach sílim gurb é an bhealach is fearr chun suim a spreagadh ar dhaoine ábhair faoi leith a phléigh as Gaeilge ar boards.ie ;)

    cibé ar bith, más féidir, tá mise ar fáil chun cabhrú ;)


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    aontaím go hiomlán! cad faoi fóraim éagsúla a bhúnú as Gaeilge? (ms. leagan gaeilge den fóram taistil, srl) níl a fhios agam an féidir é sin a dhéanamh nó an bhfuil sé do-dhéanta ach sílim gurb é an bhealach is fearr chun suim a spreagadh ar dhaoine ábhair faoi leith a phléigh as Gaeilge ar boards.ie ;)

    cibé ar bith, más féidir, tá mise ar fáil chun cabhrú ;)

    Ní tharlóidh a leithéad faraoir. Is í aidhm an tsuímh ná áit a sholáthar do chomhrá ar thopaicí éagsúla, ni chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

    Is dóigh go gcaithfidh réiteach ar an bhfadhb tarlú i dTeach na nGealt féin, mar atá sé anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    Mór an trua :(
    shíl mé gurb'fhiú iarracht a dhéanamh ar a laghad. Mura n-oibríonn sé, cgl.


Advertisement