Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Wendy / Winifred as Gaeilge?? Tá sé leath-oibrithe amach agam.

  • 04-03-2010 02:17PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 659 ✭✭✭


    A chairde,
    Fada an lá ó bhuail mé isteach anseo! Tá mé ag iarraidh píosa beag cuidithe, le bhur dtoil ...

    Tháinig tuismitheoir chugam inniu, bean atá ag dúil le babaí. Tá a fhios aici gur cailín a bheas ann, agus bhí sí ag fiosrú an bhfuil leagan Gaeilge don ainm "Wendy", atá ag a deirfiúr (deirfiúr na mná, ní deirfiúr an pháiste). Níl cóip agam den Sloinnteoir & Ainmneoir, ach tá a fhios agam gur ó "Winifred" a dtagann an t-ainm "Wendy", agus gur ainm Bhreatánach é. Luaigh duine "Sinéad", ach mothaím gur aicearra atá ann!

    Rinne mé cuardach google agus tháinig mé aníos le cúpla ciall:
    "Holy, blessed, reconciliation, joy and peace" - rud beag róleathan!
    agus
    "Derived from the Welsh elements gwen "white, fair, blessed" and frewi "reconciliation, peace".
    Sílim go bhfuil an dara leagan rud beag níos cruinne.

    Ok, focal amháin ag an am:
    "Reconciliation/Peace"
    Ón réimse aistriúcháin don chiall seo, tá "Sámh" agus "Séimhín" ann agus tá mé sásta go leor le "Séimhín" chun "peaceful/placid one" a léiriú.

    "Fair"
    Bhí mé ag smaoineamh faoi rud éigin cosúil le "Séimhín Fhionn" - ach bheadh sin rud beag ciotach, agus tá páiste eile sa chlann darbh ainm Caoilfhionn. An mbeadh "Séimhín Gheal" aisteach?

    "Blessed"
    Bheadh "Séimhín Naofa" chomh ciotach céanna, agus ní dóigh liom go mbeadh "Séimhín Feachtna" deas ar chor ar bith!

    "Joy"
    Is dócha go dtig léi "Aoibhinn" a úsáid, ach ansin bheadh "Séimhín Aoibhinn" ann. An mbeadh "Séimhín Aoibh" rófhada ón chiall?

    Bhfuil aon moladh eile agaibh???? :confused:;)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    Caidé fá Úna ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat


    mr chips, a chara,

    Dar leis 'An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir' is í 'Úna' a dtugtar ar Winefred (Winnie).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 659 ✭✭✭mr chips


    Gabhaigí mo leithscéal nár fhreagair mé seo roimhe agus go raibh maith agaibh a chairde. Thug mé an t-eolas don bhean ach anois níl sí cinnte an bhfuil sí ag dúil le cailín nó le buachaill!! :pac:


Advertisement