Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Tionscadal ar líne ag liostáil os cionn na 500 ainmeacha i nGaeilge

  • 23-08-2009 10:05pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭


    Is féidir breathnú ar mo tionscadal ar líne ag liostáil os cionn na 500 ainmeacha i nGaeilge amháin d'fhorbairtí cónaithe nua ar Slideshare.com anseo.

    Bhí agallamh ar an gclár Gaeilge ar Nearfm "Ar Muin na Muice" faoi.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Comhghairdeachas. Ana-jab déanta agat ansan, Darren.

    Foinse áisiúil do éinne a bheadh ag lorg moltái i gcomhair ainm dá thigh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Maith thú Darren, chuala mé ar an raidió thu tráthnóna inniu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Cool...!!!

    Is féidir éisteacht leis an t-agallamh anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Bullaí fir, a Dharren. Obair iontach déanta agat ansin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    GRMA.

    Tá alt i nuachtlitir Chonradh na Gaeilge na míosa seo faoi!
    R--Tionscadal Tithíochta

    Tá cuireadh á thabhairt ag Darren J. Prior
    do gach ball agus craobh de Chonradh na
    Gaeilge úsáid a bhaint as an r-tionscadal
    s'aige ag www.slideshare.net/darrenjprior
    /presentations a bhaineann le heastáit
    tithíochta ainmnithe i nGaeilge i gcontaetha
    ar fud na hÉireann. D'oibrigh Darren
    leis an Uasal Pádraig Ó Cuanacháin,
    iar-stiúrthóir margaíochta an chomhlachta
    Gael-Taca, agus le daoine eile san
    eagraíocht ar an tseirbhís atá acu teacht
    ar ainmneacha i Gaeilge d’fhorbairtí cónaithe
    nua. D’fhéach sé ar shuímh idirlín
    éagsúla gach mí ar feadh timpeall trí
    bliana a mblianta sna '00idí chun sonraí a
    fháil d’fhorbairtí cónaithe nua le hainmneacha
    i Gaeilge orthu timpeall na tíre.
    Ansin rachadh Pádraig i dteagmháil leis
    na forbróirí ag cur fáilte roimh an gcinneadh
    a rinne siad ainm(eacha) as
    Gaeilge a úsáid agus d’inis dóibh faoi
    sheirbhísí Ghael-Taca. Agus líon an-bheag
    tithe nua á thógáil in Éirinn faoi láthair,
    thug Darren faoi r-tionscadal chun pictiúir
    na bhforbairtí cónaithe le hainmneacha
    i nGaeilge a bhailiú le chéile
    anuraidh. Bhain sé úsáid as
    www.slideshare.net chuige seo agus
    d’íoslódáil sé sonraí agus pictiúir na bhforbairtí
    ó gach contae. Tháinig sé ar os
    cionn 500 forbairt ainmnithe as Gaeilge
    le roinnt blianta anuas! Obair spreagúil
    don Ghaeilge í seo agus is bealach iontach,
    tábhachtach í chun an sochaí sa
    Ghalltacht a Ghaelú, mar sin scaip an
    scéal. Ní neart go cur le chéile!
    Teagmháil:
    Darren J Prior +353 (0)86 3756275 /
    darrenjprior@hotmail.com


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP




Advertisement