Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Moltaí Saoire?

  • 16-06-2009 8:57am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Tá mo chloigeann scoilte ag mo phost faoi láthair agus caithfidh mé éalú ar saoire. An bhfuil moltaí agaibh d'áit a thaitin go mór leat - óstán in Éirinn nó ionad saoire thar lear?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Pacáil do chuid málaí, tabhair cuairt ar an ngníomhaire taistil agus abair leo go bhfuil tú ábalta dul ar saoire a luaithe agus is féidir. Bíonn margadh maith acu i gcónaí do laethanta saoire ag an nóiméad deireanach!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Comhairle mhaith MM ach tá tú ag dul sa seans leis an straitéis sin agus is féidir tuirlingt in áit lofa ach beidh mé ag déanamh sin cinnte mura mbeidh áit ar leith pioctha agam. An raibh tú féin riamh aon áit a thaitin go mór leat.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Ní chaithfidh tú cinneadh a dhéanamh agus tú istigh in oifig an ghníomhaire. D'fhéadfaidís cúpla rogha a thabhairt duit, agus d'fhéadfá an taighde a dhéanamh sula ndéanann tú an cinneadh.

    Thaitin an Iodáil liom, Firenze go háirithe. Bia blasta, fíon feartach, radhairc dheasa, iarsmalanna den scoth, aimsir aoibhinn. Má thógann tú carr ar cíos, d'fhéadfá éalú ón gcathair agus picnic a thabhairt leat, tá sé go hálainn bheith thíos faoin tír sa cheantar sin!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Bíonn Éire ina parthas ó thaobh laethanta saoire de, nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh. Mholfainn duit leas a bhaint as an samhradh annamh seo in Éirinn in áit dul thar lear. Is féidir dul ar thóir na gréine thar lear ag am ar bith, ach is deacair teacht air anseo. Chomh maith leis sin, tá cúrsaí turasóireachta ag éirí níos saoire in Éirinn agus muid sáite sa chúlú eacnamaíoch.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí mé ag breathnú ar Óstán na Sceilge i nDaingean le haghaidh cúpla lá, mar tá a lán áiseanna ann ach tá sé fós costasach - fiú na margaí! Agus bhí daoine ar tripadvisor.com ag rá nach raibh ceithre réalta tuilte ag an áit. An bhfuil moltaí agat d'áit ar bith?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »

    Mholfainn Corca Dhuibhe go mór mór, go háirithe nuair atá an ghrian ag taitneamh. Ach ní mholfainn An Daingean. Tá sé go deas dul ann le haghaidh piontaí san oíche, ach sin a méid (tá béilí ann róchostasach freisin)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    go háirithe nuair atá an ghrian ag taitneamh

    Sin an fáth go bhfuil mé ag lorg áit le háiseanna sa chás nach bhfuil aon rud le feiceáil i gCorca Dhuibhne ach báisteach. Bheinn sásta le áit gan áiseanna áfach dá mbeadh sé deas Gaelach, an bhféadfá aon lóistín mar sin a mholadh ar an leithinis?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Cad faoi Amsterdam - fuirist dul ann agus bíonn eitiltí saor go leor ar fáil uaireannta. Cathair deas sibhialta - córas iompar den scoth ar phraghas réasúnta. Daoine lách dea-mhúinte. Béarla líofa ag gach éinne. Canáil rómánsúla, ailtireacht ársa álainn. iarsmalanna, amharclanna. Bialanna de gach shórt - bain trial as ceann Indonéiseach. Ceantar na Soilse Dearga - má táir id' aonar agus uaigneach. Teacht ar dhrugaí boga sna coffee-shops - bí cúramach ní hionann 'café' agus 'coffe-shop' san Isiltír.

    Maidir le hóstáin de, mhollfainn duit foirgneamh réasúnta nua in ionad ceann bunaithe sna seana-tithe. B'fhéidir go bhfuil atmaisféir níos fearr sna sean-chinn ach bíonn na seomraí an-bheag agus na staighre cúng casta. An Ibis b'fhéidir - ach na téir go dtí an ceann ag an staisiúin. Nó an NH City Center.

    Go leor eolas le fáil ag http://www.tripadvisor.co.uk/

    Sin agat é.

    Ní heol dom aon óstán leis na háiseanna nua-aimsearth go léir atá sa bhfíor-Ghaeltacht má tá a leithéid d'áit ann a thuilleadh. Ní mholfainn Dingle-Danglewood d'éinne - bréag-Ghaeltacht amach is amach atá ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Míshásta wrote: »
    Cad faoi Amsterdam

    Sin áit nach bhfuil spéis dá laghad agamsa dul ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Sin an fáth go bhfuil mé ag lorg áit le háiseanna sa chás nach bhfuil aon rud le feiceáil i gCorca Dhuibhne ach báisteach. Bheinn sásta le áit gan áiseanna áfach dá mbeadh sé deas Gaelach, an bhféadfá aon lóistín mar sin a mholadh ar an leithinis?

    Mo léan ní fhéadfainn, fanaim i gcarbhán gan chumhacht nuair a bhím ann! Carbhán -5 réalt

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Mo léan ní fhéadfainn, fanaim i gcarbhán gan chumhacht nuair a bhím ann! Carbhán -5 réalt

    Duine doscúch thú, a Stollaire - b'fhearr liom níos mó sómais ná sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    In Albain, beidh cúrsaí ar siúil ar cuid de na hoileáin do dhaoine go bhfuil Gaeilge na hÉireann acu agus gur mhaith leo Gaeilge na hAlbain a fhoghlaim. Cé nach raibh mé ann aroimhe, tá mé ag smaoitiú ar ghabháil anonn an samhradh seo. Tugann siad deontas don chúrsa seachtaine agus déanann tú do bhealach fhéin anonn. Tuilleadh eolais : www.colmcille.net

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    In Albain, beidh cúrsaí ar siúil ar cuid de na hoileáin do dhaoine go bhfuil Gaeilge na hÉireann acu agus gur mhaith leo Gaeilge na hAlbain a fhoghlaim. Cé nach raibh mé ann aroimhe, tá mé ag smaoitiú ar ghabháil anonn an samhradh seo. Tugann siad deontas don chúrsa seachtaine agus déanann tú do bhealach fhéin anonn. Tuilleadh eolais : www.colmcille.net

    Go raibh maith agat as an moladh ach tá mé fós ag streachailt le Gaeilge amháin gan dul i ngleic le Gàidhlig chomh maith!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Má tá suim agat i gcultúr agus stair, mholfainn duit dul go Prág. Tá sé saor agus tá ceangal stairiúil aici le hÉirinn fiú, ó aimsir Impireacht na hOstaire.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Má tá suim agat i gcultúr agus stair, mholfainn duit dul go Prág. Tá sé saor agus tá ceangal stairiúil aici le hÉirinn fiú, ó aimsir Impireacht na hOstaire.

    Maith dom m'aineolas ach cén ceangal é sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Beidh mé ag dul go dtí an Bhriotáin ar feadh seachtaine! Tá Fraincis uafásach agam agus níl aon Briotáinais agam - Pardon mademoiselle, parlez vous irlandais?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Maith dom m'aineolas ach cén ceangal é sin?

    Bhunaigh Proinsiasaigh Éireannacha mainistir sa chathair sa 17ú haois, agus iad ag teitheadh ón ngéarleanúint a bhí á déanamh ar Chaitlicigh in Éirinn. Sa lá atá inniú ann, tugtar Hybernská Ulice (Sráid na nÉireannach) ar an tsráid ar a raibh an mhainistir suite.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Múinteoir wrote: »
    Bhunaigh Proinsiasaigh Éireannacha mainistir sa chathair sa 17ú haois, agus iad ag teitheadh ón ngéarleanúint a bhí á déanamh ar Chaitlicigh in Éirinn. Sa lá atá inniú ann, tugtar Hybernská Ulice (Sráid na nÉireannach) ar an tsráid ar a raibh an mhainistir suite.

    Tá ceangal níos ársa fiú idir Prág agus Éire. Tá séipéal sa chathair tiomnaithe do naomh Éireannach ó ré na luath-chríostaíochta. Ní chuimhin liom cén t-ainm.

Advertisement