Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Labhair a mholfaidh tú?

  • 21-05-2009 5:02pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 76 ✭✭


    Is mise dalta síos i gCorcaigh, ag ullmhú don Airdteist ag an noiméad agus bhí mé ag smaoineash liom féin inniu (ag déanamh fíor iaracht mo shliocht as Peig a leamh), an bhfuil aon labhair (úrsceal no mar sin) go bhféidfeá mol dom leabh thar an Samhraigh?
    Go hairithe, leabher oiriúnach do dhuine timpeall naoi mblian déag d'aois agus scriofa i gaelge nua aimsearach. tá suim agam bheith inann caint as gaeilge agus bo bhreath liom an suim sin a coimead tar éis an dara lebhéil.

    Pointí breise má geailge na Mumhain atá ann ; )


    P.S - Má mhaith leat, is feidir libh ceartúcháin a deanamh ar mo litríacht comh maith. Go raibh maith agat!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ó taobh litríocht de úsáidim Firefox le foclóir Gaeilge ann, foghlaím na litriú píosa le píosa ar aon nós!

    http://www.newisland.ie/taxonomy/term/6 - tá na leabhair sin deas éasca chun léamh, bain mé taitneamh astu mar gheall ar sin (Cinn John Connolly, agus Roddy Doyle ar aon nós).


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    mumhan, an ea?

    bhuel b'fheidir ''fiche bliain ag fás'' nó aon rud as an blascáod(í?)

    an t-óileánach, is leabhar iontach é (d'eirigh mé as mar níor thuig mé na briathra ag an am - ag má tá gaoluinn agat, ní beidh fadbh agat)


    tá scéalta iontach béaloideasa i leabhar le ''éamon a búrc'' agus peadar ó ceannabháin a chuir in eagar - bhain mé an sult as...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá rogha úrscéalta nua-aimseartha le feiceáil ar leabharpower. Scríobhann Manchán Magan (an chéad cheann) i nGaeilge na Mumhan ach níl an ceann sin léite agam.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    oh nua aimsire - an bhean óg (saghas nua is dóigh liom)

    níl a lán eolas agam faoi gaoluinn


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 76 ✭✭Mr. Gruff


    Míle maith aguibh gach éinne : )


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Táim ag léamh Dracula faoi láthair agus caithfidh mé a rá go bhfuilim ag baint suilt as.

    Seo nasc chun suíomh leabharlanna Bhaile Átha Cliath agus leabhair a mhol an scríbhneoir Anna Heussaff


  • Closed Accounts Posts: 2 Mac an Bhacaigh


    Léas féin Don Ciochótae leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. Is aistriuchán é ar Don Quixote nó ar chuid de ar aon nós. Leabhar breá taitneamhach, greannmhar scriofa i nGaeilge na Mumhan atá simpli go leor le tuiscint, dar liom, i bhfad niós fusa ná Peig déarfainn féin. N'fheadair an bhfuil an scéal nua-aimseartha go leor duit ach ar a laghad ni cur sios ar an seanashaol atá ann ar aon nós.

    * brón orm maidir leis an litriu ni oibrionn sineadh fada ar litreacha áirithe ar chuis éigin.


  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Pé rud atá scríofa ag Pádraic Ó Conaire, LÉIGH É!
    An Chéad Cloch, Deoraíocht srl.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 263 ✭✭Foleyart


    Má tá'n tú ag lorg leabhar atá suimiúil tairringteach le léamh ní bfhaighfidh tú leabhar níós fearr ná eachtraí Pinnochio aistrithe ag Amhlaoimh Ó Loinsigh ón Iodáilis na bliannta fada ó shoin. Gaoiluinn na Mumhan atá ann agus é cruinn beacht agus simplí.Nílim ró chinnte cá bfhuil sé le fáil ach má dheanann tú roinnt fiosrúchán tríd "an Múscraíoch", leabhrán a bhíodh foilsithe go míosúil tráth i gCúil-Aodha, ba cheart go bfhéadfá teacht air.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Maidhc Dainín Ó Sé - A Thig Ná Tit Orm.


  • Advertisement
Advertisement