Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cá bhfuil mo Nós?

  • 04-04-2009 12:46pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 25


    Nílim ró-imníoch ach táim fós ag fanacht le mo chóip de Nós* a fháil. D'ordaigh mé é ar an 11ú Márta agus shíl mé go dtabharfadh sin dóthain ama dóibh chun an eagrán Aibreáin a sheoladh amach chugam faoin am seo.

    An bhfuil síntiús glactha le Nós* ag aon duine eile anseo?

    http://www.nosmag.com/


Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    níl síntiús agam - cur glaoch nó*riomhphoist acu

    an bhfuil fhios ag éinne an bhfuil sé ar fáil in aon siopa in BÁC?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    níl síntiús agam - cur glaoch nó*riomhphoist acu

    an bhfuil fhios ag éinne an bhfuil sé ar fáil in aon siopa in BÁC?

    An siopa leabhair san Conradh - dar le seo


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    hhm

    go raibh maith agat


    siopa aontas na mac léinn ucd - ní dóigh liom go bhfuil sé ar fáil ansin - ní fhaca mé riamh sa siopa sin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    B'fhéidir go raibh tú ró-dhéanach don eagrán Márta. Is dócha go mbeidh tú ag fáil an t-eagrán Aibreáin nuair a thiocfaidh sé amach.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    b'fheidir ach tá mé isteach is amach cúpla uair sa tseachtain . . .


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tháinig an t-eagrán Aibreáin isteach mo bhosca litreacha inné ach b'fhéidir go dtógfaidh sé cúpla lá eile le Brighton a bhaint amach a Asarlaí. Tá mé ag súil lena léamh thar an deireadh seachtaine fada.


  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Den ball a chuir tús leis an snáithín seo. N'fheadar cad atá an fadhb, téigh i dteangmháíl leis an foireann agus tá súil agam go réitítear gach rud agus go gcuire Dia do leas, id aineoin.

    Ach, pé scéal é:
    Deirtear go bhfuil nós* ag fás agus ag bláth gan stad! Agus is maith an rud é, tá sé tuillte go mór acu. Is dual orm sintius a fháil, tá cúpla alt léite agam ar an suíomh idirlíonn agus tá caighdeán iontach ard buaite acu. Cuireadh in eol dom go bhfuil Manchán Magan ag scríobh leo ar na mallaibh!

    Is sár-scríobhneoir/tuairisceoir é Magan. Cé gur cnámh spáirne é an clár "Nó Béarla", agus ní mór dom a dearbhú go raibh neart seafóid ag baint leis, sílim go raibh a leabhar "Manchán ar Seachrán" fiosrach, toillteanach agus macánta!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Níl aon nós faighte agamsa go fóill ach an oiread! Táim ag éirí buartha.
    Bíonn ag smaoineamh go raibh Billy Bizup éigin san Oifig an phoist ó thuaidh ag breathnú ar mo sheoladh agus ainm Gaelach ar an litir agus ag ceapadh "Wit abiut ye, whats this fookin shiite!" Agus isteach sa mbruscar leis.
    Nó Polannach in oifig an phoist sa tuaisceart gan tuairim dá laghad "Cad is Baile Átha Cliath ann"! Agus isteach sa mbruscar leis, i measc na litreacha Gaeilge eile!


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Den ball a chuir tús leis an snáithín seo. N'fheadar cad atá an fadhb, téigh i dteangmháíl leis an foireann agus tá súil agam go réitítear gach rud agus go gcuire Dia do leas, id aineoin.

    :0) Sin ceann maith.. ní gá a bheith ag cur isteach ar na déithe ina thaobh seo. Tá chuile rud faoi smacht, sílim. Scríobh an foireann nós* chugam trí r-phost tar éis dóibh an snáth seo a fheiceáil an seachtain seo caite. Dúirt siad go mbeadh mo chóip de agam roimh i bhfad..... níl sé anseo fós.
    Stollaire wrote: »
    ..
    Bíonn ag smaoineamh go raibh Billy Bizup éigin san Oifig an phoist ó thuaidh ag breathnú ar mo sheoladh agus ainm Gaelach ar an litir agus ag ceapadh "Wit abiut ye, whats this fookin shiite!" Agus isteach sa mbruscar leis.
    Nó Polannach in oifig an phoist sa tuaisceart gan tuairim dá laghad "Cad is Baile Átha Cliath ann"! Agus isteach sa mbruscar leis, i measc na litreacha Gaeilge eile!
    :) GOA!


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Tháinig mo nós* inniu!! Tá cuma thar a bheith álainn ar gach leathanach snasta. I bhfad níos fearr i gcló ná mar a shíl mé a bheadh ann. Grmma a dhaoine nós* ..


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tháinig mo nós* inniu!! Tá cuma thar a bheith álainn ar gach leathanach snasta. I bhfad níos fearr i gcló ná mar a shíl mé a bheadh ann. Grmma a dhaoine nós* ..

    Níor tháinig mo nós, rinne Billy an Phoist stiallacha de.


Advertisement