Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seirbhís Téacsála Tuarthaí i nGaeilge

  • 26-01-2009 4:09pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭

    Láinseáil Vodafone agus Foras seirbhís téacsála tuarthach Gaeilge inniu.

    'Séard atá ann ná feidhmchláir don fón póca ina chumann tú do theachtaireact seachas an gnáthslí.
    Tá an feidhmchláir féin le fáil ó Téacs.ie.

    Ní gá a bheith mar chustamaer Vodafone len é a úsáid. Oibríonn sé réasúnta maith ach tógfaidh sé tamall dul i gcleachta air seachas an gnáth-slí.

    Níos mó eolas ar Nuacht 24.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá sé seo ar fheabhas

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Déanfaidh sé seo cúis ach an rud is fearr a dhéanamh ná 'Gael Fón' a fháil ó Samsung - L700 nó Tocco F480.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Poll Dubh wrote: »
    Déanfaidh sé seo cúis ach an rud is fearr a dhéanamh ná 'Gael Fón' a fháil ó Samsung - L700 nó Tocco F480.

    Ní thaitníonn fóin Samsung liomsa ar chor ar bith, an 'touchscreen' go háirithe, agus níl 'Seosamh Gallúnach' sásta cúpla céad euro a chaitheamh ar ghuthán nua. Tá an seirbhís seo ar fáil saor in aisce agus níl aon ghá le fón nua a fháil. I bhfad níos fearr dar liomsa.

    Agus fair play do Vodafone é a chur ar fáil do chách, fiú do dhaoine nach bhfuil le Vodafone. :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Pé scéal tá sé níos fearr ná iarracht meteor ó taobh an gaeilge de - níl ach príomh leathanach an suíomh acu as gaeilge.. http://www.meteor.ie/ie/

    Idir é sin agus an focloir ó getthefocal, tá fón póca agus an Gaeilge ag reitiú go maith! :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is gnáthfhón é an L700 le heochaircheap agus cosnaíonn sé $89 ó Vodafone. Má chailleann 'Seosamh Gallúnach' a fhón reatha nó má tá sé ag tabhairt fón mar bhronntanas do dhuine a bhfuil suim acu i nGaeilge, seo an rogha is fearr. Tá sé míle uair níos fearr ná a bheith ag streachailt le feidhmchláir mí-áisiúla.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ní cathair mar a tuairisc í , bhuel, níl sé ag obair i gceart domsa ar aon nós. Níor sheol sé an téacs a scríobh mé, agus bhí tábhacht ag baint leis an téacs sin!

    Freisin ní ligeann sé dhuit ach cúpla litir a scríobh in aghaidh na teachtaireachta, mar sin le teachtaireacht ghairid, abair 100 litir, bhí sé orm 5 teachtaireacht a sheoladh.
    Agus bhain sé an t-airgead uaim le haghaidh na dteachtaireachtaí ach, mar a dúirt mé, níor sheol sé é.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »

    Óibríonn sé domsa...

    Ach ní faigheaim ach 70 Charactear an téacs, ach is féidir scríobh thar an 70 gan fadhb, is dócha go cosnaíonn sé breise áfach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy

    Poll Dubh wrote: »
    Déanfaidh sé seo cúis ach an rud is fearr a dhéanamh ná 'Gael Fón' a fháil ó Samsung - L700 nó Tocco F480.

    Dála an scéil, An mbeidh aon 'Gael Fón' eile ag theacht amach go luath? Bhí an tocco agam, ach níor thaitin sé liom. Bhí an cháilíocht glaochanna uafásach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Gingy wrote: »
    Dála an scéil, An mbeidh aon 'Gael Fón' eile ag theacht amach go luath? Bhí an tocco agam, ach níor thaitin sé liom. Bhí an cháilíocht glaochanna uafásach.

    Dar leis an alt seo
    Beidh gach fón a scaoileadh i mbliana ó Samsung 'Gael fón'

    Muna bhfuil tú sásta le fón Samsung, sin scéal eile/1 :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy

    Cliste wrote: »
    Dar leis an alt seo

    Go raibh maith agat, beidh mé ag tnuth do na gutháin nua.

  • Advertisement
Advertisement