Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ag áireamh na marbh i nGaza

  • 07-01-2009 10:54am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Líon na gcónraí á n-áireamh ón sléacht á dhéanamh ag na hIosraelaigh ar muintir Ghaza

    http://www.moiz.ca/coffin2.htm


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cheap mé go raibh na h-uimhreacha dona go leor - 9 in aghaidh 600 faoi láthair, ach fós baineadh geit asam nuair a chonaic mé na cónraí Palaistíneacha ag teacht gan stad - dochreidte


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    680 Palaistíneach marbh


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    sílim féin go bhfuil an píosa seo thíos tábhachtach le haghaidh tuiscint ar cad go díreach atá ag tarlú i nGaza

    http://www.johnpilger.com/page.asp?partid=519

    683 Palaistíneach marbh


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    Uafásach brónach. Éagóir iontach mhór á dhéanamh ar na Pailístínigh. Ní thuigim cén fáth ar aon nós go mba chóir go mbeadh tír ag na Judaigh. Ní mar sin atá sé leis na reiligiúin eil sa domhan


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Fós ag 683, tá rudaí ciúin go leor thall agus b'fhéidir é sin an fáth go bhfuil Titley ag úsáid na hionsaithe mar ábhar grinn ina alt sa Times

    "Roimh an Nollaig bhíothas ag siopadóireacht ar nós is go gceapfá go mbeadh na siopaí ar fad dúnta ar feadh seachtaine, nó go mbeadh na hIosraelaigh ar tí ionradh a dhéanamh ar an tír."

    Greannmhar? Ar éigean.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    770 Palaistíneach marbh go dtí seo.
    Mná is páistí an chuid is mó acu.

    14 Iosraelaigh marbh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tharraing an fear sin pictiúir uafásach lena fhocail.

    Cuireann Iosrael múisc orm, ba chóir dúinn an t-ambasadóir Iosraelach a chaitheamh amach as an tír.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Tharraing an fear sin pictiúir uafásach lena fhocail.

    Cuireann Iosrael múisc orm, ba chóir dúinn an t-ambasadóir Iosraelach a chaitheamh amach as an tír.

    Ba chóir.

    800 Palaistíneach marbh go dtí seo.
    Mná is páistí an chuid is mó acu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Seo thíos an suíomh le haghaidh nuacht i nGaza, tá gach uile sheirbhís nuachta ag brath orthu chomh maith, toisc nach bhfuil cead ón IDF ag iriseoirí a dhul isteach.

    http://english.aljazeera.net/

    879 Palaistíneach marbh go dtí seo.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Leanann an dearg-sléacht ar aghaidh, 910 Palaistíneach marbh go dtí seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Má fheicann sibh aon rud sna siopaí ón Iosrael, caith iad ar an urlár.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Má fheicann sibh aon rud sna siopaí ón Iosrael, caith iad ar an urlár.

    An bhfuil liosta agat ?

    971 Palaistíneach marbh go dtí seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bíonn torthaí agus lusra ón Iosrael ar na seilfeanna ag an tráth seo den bhliain. Ná ceannaigh iad ar a laghad.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits


    Bíonn prataí i Lidl ón Iosrael, déanaim iarracht earraí Eireannach a ceannacht i gconaí. (Na mílte bia)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    féach an phobalbhreith is déanaí ar an nDruma Mór

    D'ionsaí na bithiúnaigh lofa ionad teifeach na Náisiúin Aontaithe i nGaza agus ospidéil inniu

    Conas atá a fhios agat cárbh as ar tháinig na hearraí? óir ní deireann sé "ó Iosrael" nó "déanta in Iosrael" ar na hearraí

    1033 Palaistíneach marbh go dtí seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ar léigh éinne eile an t-alt déistineach a scríobh Alex Hijmans i Foinse i leith an chogaidh i nGaza?
    Níl a fhios agam an raibh sé ag iarraidh a bheith conspóideach amháin nó an gcreideann sé an tseafóid á scríobh aige!

    Bhí sé ag rá rud éigin ar nós; ní féidir cáca a dhéanamh gan cúpla ubh a bhriseadh.
    An cáca sa gcás seo ná suíochán do mhuintir Iosrael ó Hamas agus a rún in aghaidh an stáit Iosraelaigh, an ubh! muintir Gaza.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »

    Conas atá a fhios agat cárbh as ar tháinig na hearraí? óir ní deireann sé "ó Iosrael" nó "déanta in Iosrael" ar na hearraí

    Bíonn tír thionscnamh ar na mboscaí nó ar an bpacáistiú.
    Ar léigh éinne eile an t-alt déistineach a scríobh Alex Hijmans i Foinse i leith an chogaidh i nGaza?

    Níl sé léite agam go fóill ach tar éis an méid atá ráite agat beidh mé ag déanamh dian-scrúdú ar an alt anocht.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is cosúil go bhfuil post nua ag Hijmans mar urlabhraí stát Iosrael. Níl sé ach ag aithris bolscaireachta lofa. Bhí Hijmans ag spalpadh níos mó caca inné faoina léargas nach bhfuil an choimhlint chomh dona is a dealraíonn sé. Bhuel ní gá dom féachaint ar an teilifís chun a oibriú amach go bhfuil rud éigin thar a bheith mícheart ar siúl thall nuair a fheicim ar na staitisticí báis - faoi láthair 1200 Palaistíneach marbh (nó uibheacha mar a thugtar Hijmans orthu) in aghaidh 13 Iosraelach. Ba chóir post Hijmans a thabhairt d'Fhachtna Ó Driscoll a bhí alt deas meáite aige ar an ábhar céanna inné.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    1200 ubh marbh agus Iosrael toilteanach sos cogaidh a dhéanamh lá roimh insealbhú Óbama agus imeacht Bush!
    Comhtharlú nó gníomh lofa deireanach Bush?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cathain a mbeidh an doirteadh fola ag tosú arís? Tá sé cosúil le 'Wizard of Oz' ar an teilifís, feicfimid an scéal céanna arís is arís eile ar ár scáileáin.


Advertisement