Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Dá mbeadh do staisiún teilifíse féin agat...

  • 12-05-2008 9:08pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 318 ✭✭


    Tá fadhb againn sa tír seo, tá an craolachán teilifíse cac! Tá RTE chomh leadranach agus seanfhaiseanta i gcomparáid le stáisiún teilifíse thar lear agus tá lathreoirí úafásach acu (Pat kenny, an fear sin ó nationwide a chuireann dath ina gruaig gach seachtain, an bean sin ó nationwide a bhíonn leis le aghaidh mar seo -- :D -- an am ar fad agus na laethóirí nuachta ar fad). Tá TV3 ar nós bheith ag léimh droch tablóideach agus cheapann TG4 go bhfuil Ros na Rún mar meascán de na sopranos agus CSI nó rud éigean... Níl sé. So, dá mbeadh tú i do milliúnaí agus ag seoladh do staisúin neamhspléach fhéin cé a fhostódh tú agus cad a dhéanadh tú leo?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cén stáisiún a bhfuil tú ag caint faoi? Na stáisiúin Mheiriceánacha ab ea? Tá siad uafásach, lofa le fógraíocht. Bíonn seoda acu cosúil le CSI go deimhin ach is féidir linn iad a cheannach isteach. Tá an ceart agat faoin Pat an Phlainc agus TV3 ach ní ghlacaim do cháineadh ar Ros Na Rún. Níl RNR níos measa ná na sobaldrámaí eile.


  • Closed Accounts Posts: 318 ✭✭coolcon


    Poll Dubh wrote: »
    Níl RNR níos measa ná na sobaldrámaí eile.
    :D Tá an ceart iomlán agat, chaithfidh mé a admháil, faoi Tg4. Tá Ros na Rún suas ansin le na sobaldramaí is fearr agus i mo thuairim is é TG4 an stáisiún is fearr in Éireann. Tá na láithreoirí is fearr acu, tá na chláracha is 'original' (?) acu agus tá dearadh an stáisiún féin (na fógraí...) ar fheabhas. Úsáideann TG4 a búiséad (atá i bhfad níos lú ná gnáth búiséad stáisiún teilfíse náisiúnta) sna bealaí is cruthaitheach. Agus tá sé as Ghaeilge dár ndoigh! Ach, bíonn orm gáire ag chuid de na fógraí le haghad Ros Na Rún. Ar taobh eile den scéal bhí an cheann seo go hiontach ... http://ie.youtube.com/watch?v=qao4uXm64sw .

    Ar aon nós chuir tú an cheist chén stáisiún a bhfuil mé ag caint faoi. Bhuel, níl aon cheann foirfe ach chaithfidh go bhfuil an BBC (le buiséad £4billúin :eek:) an stáisiún is fearr ar domhan nó gar de. Ach fiú tóg na cláracha réaltachta ar nós an X-factor ar ITV, is fuath liom é ach tá sé i bhfad níos fearr na You're a Star. Tá part mór ag búiséadiú sna rudaí seo, sin an fáth go bhfuil méid airgead neamhteoranta agat chun sugradh le sa chluiche seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    B'fhéidir go mbeadh na cláir níos fearr dá mbeadh gach duine ag íoc as an gceadúnas teilifíse ach mar a léiríonn an snáithe seo bíonn drogall ar dhaoine íoc as tuarastal an Phlainc. Dá mbeinn i gceannas ar TG4 chuirfinn fo-theidil Ghaeilge ar gach rud i mBéarla agus choimisiúnóinn sraith clár chun Gaeilge a mhúineadh agus dhéanfainn na trialacha ceamara ar na cailíní aimsire.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    coolcon wrote: »
    Pat kenny, an fear sin ó nationwide a chuireann dath ina gruaig gach seachtain, an bean sin ó nationwide a bhíonn leis le aghaidh mar seo -- :D -- an am ar fad agus na laethóirí nuachta ar fad).

    Sin an fadhb, tá tú ag féachaint ar Nationwide!:pac:

    Is cuma faoi na laethóirí nuacht- ach na cailíní aimsire Tg4, is féidir leo mo eh aimsir a chur i láthair...:D

    Agus beidh Samurai Jack as Gaeilge ar, cén fáth ar chur Tg4 críoch le sin?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Spongebob as Gaeilge, 24 uair in aghaidh an lae.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Cliste wrote: »
    Agus beidh Samurai Jack as Gaeilge ar, cén fáth ar chur Tg4 críoch le sin?
    Bhí sé sin iontach. An rud is fearr a bhí acu ariamh i mo chuimhne


    Agus dá mbeadh stáisiún agam fhéin, bheadh na cláracha seo a leanas agam air ó mhaidin go hoíche:
    Ros na Rún,
    Lost,
    Celebrity Apprentice (an leagan Meireacánach le Donald Trump, ní an amadán sin Alan Sugar),
    CSI,
    CSI Miami,
    CSI New York, - Ní fiú breathnú ar seo riamh, níl sé leath chomh maith leis an dá cheann eile.
    South Park (sraith 8 ar aghaidh ar ndóigh, tá na cinn is déanaí i bhfad níos fearr ná nuair a thosaigh sé),
    The Wire (iontach ar fad, muna bhfuil sé feicthe agat go fóill, lorg é),
    The West Wing (dá mbeadh dóthain airgead agam, chuirfinn sraith nó dhó eile leis),
    Father Ted,
    cúpla clár eile nár smaoinigh mé orthu go fóill.

    Agus dhéanfainn cinnte nach mbeadh Scrubs nó Family Guy ar an scáileán ar chor ar bith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    ooooh conspóideach!

    Hmmm ní thuigim an grá le Ros na Rún, tá sé níos fearr ná Fair City nó Cornation Street, ach fós níl deirinn sé sin tada!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Dhéanfainn níos mó drámaíochta as Gaeilge a bheadh bunaithe ar stair na hÉireann agus ar sheanchas na hÉireann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Dhéanfainn níos mó drámaíochta as Gaeilge a bheadh bunaithe ar stair na hÉireann agus ar sheanchas na hÉireann.

    Bheadh sé sin go hiontach


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Tá Ros na Run ar fheabhas ar fad. Thar a bheith greannmhar agus scéalta den scoth. Tá TG4 mar an stáisiun ab fhearr ar domhan. Tá an BBC lofa. Seachas Doctor Who, Robin Hood agus Torchwood is deachar clár maith a aimsiu ar an BBC faoi láthar. TG4 ftw!!!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    tá ros na rún an mhaith ar fad - an séan fear (rinne mé dearmad a ainm) agus an leaid sa theach tabhairne

    ''is there a mor-t-in oh . . . dye-ron here- máirtín ó díréan- o jeer-on , a phleidche. sin é mise''

    sin clár iontach agus ni maith liom sobaldrámaí - nó aon saghas drámaí


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    TG4 ftw!!!

    le haghaidh an bhua?
    chun an b(h)ua

    cad é ''ftw'' as gaeilge, i gceart, ar aon os?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    le haghaidh an bhua?
    chun an b(h)ua

    cad é ''ftw'' as gaeilge, i gceart, ar aon os?

    Céard is brí leis as Béarla? :confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Múinteoir wrote: »
    Céard is brí leis as Béarla? :confused:
    http://www.urbandictionary.com/define.php?term=ftw

    don bua?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    ftw - for the win


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    "db" db


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    [quote=Ronny
    don bua?[/quote]

    sea - sin é

    tg4, db!


Advertisement