Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

No Béarla 2

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá súil agam go mbeidh sé níos múinte le daoine an tráth seo. Bhí mé réidh mo chos a chur tríd an teilifís agus a aghaidh bogásach an t-am deireanach.


  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007


    chonaic me cupla fisean ar youtube faoi ''klingon vs gaeilge'' agus ''dara ó briain''


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    conor2007 wrote: »
    chonaic me cupla fisean ar youtube faoi ''klingon vs gaeilge'' agus ''dara ó briain''

    Seo iad:

    http://www.youtube.com/watch?v=mBmJuvNlZos

    http://www.youtube.com/watch?v=cXlGndA4kUg&feature=related


  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007


    sin iad , go raibh mile


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    conor2007 wrote: »
    sin iad , go raibh mile

    Seo ceann eile


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Tá súil orm go mbeidh pointe éigin faoi leith a rá aige, cosúil le Mac an Easpaig - mar ní raibh mé sasta leis an chéad chuid de No Bearla.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »

    Eh nach shampla níos fearr do popceoil Ceol 08/ 07 srl?

    Agus stop sé orm tar éis 3:03 - An ceist atá agam ná "ar the listeners adoring it?"


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cliste wrote: »
    Agus stop sé orm tar éis 3:03 - An ceist atá agam ná "ar the listeners adoring it?"

    Níl mé 'adoring' é. De réir an fhógra dá sraith "ceapann roinnt daoine gur fealsúnaí é, ceapann daoine eile gurb amadán é" (nó rud cosúil le sin). Bhuel, tá mé den thuairim gurb amadán ceart é agus go bhfuil a thriallacha tríd is tríd lochtach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Bhí mé i láthair ag taifeadadh seó a trí agus a ceathair. Tá siad greannmhar go leor. Caithfidh mé rá go bhfuil meas agam ar Mhanchán agus a bhfuil a dhéanamh aige. Ní ghlacaim leis an argóint go bhfuil sé ró-dhiúltach. Ní gá do gach duine a bheith mar cheerleader don teanga. Tá sé ag tarraingt aird ar fhadhbanna éagsúla.

    Is mise ceann de na daoine cheapann gur fealsúnaí é, sílim. Ceann de champa Diogenes, b'fhéidir.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Karlusss wrote: »
    Is mise ceann de na daoine cheapann gur fealsúnaí é, sílim. Ceann de champa Diogenes, b'fhéidir.

    Diogenes:D Is cinnte go bhfuil dearcadh uathúil ag an mbeirt acu


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Thosaigh mé ag smaoineamh go raibh croí Mhancháin san áit cheart tar éis a chlár a fheiceáil aréir (cé nach bhfuil clú dá laghad aige faoi mhodh eolaíoch). Ach tá mé tar éis féachaint ar a shuíomh agus is deacair Gaeilge a aimsiú ann. Is dea-shampla é d'fhimíneacht.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Thosaigh mé ag smaoineamh go raibh croí Mhancháin san áit cheart tar éis a chlár a fheiceáil aréir (cé nach bhfuil clú dá laghad aige faoi mhodh eolaíoch). Ach tá mé tar éis féachaint ar a shuíomh agus is deacair Gaeilge a aimsiú ann. Is dea-shampla é d'fhimíneacht.

    Is fíor é sin, ag an am céanna níl an suíomh dírithe ar daoine Éireannach (is dócha...)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Bhí an phleib seo i UCD an tseachtain seo chaite agus ba léir nach raibh meas madra ag éinne san áit air. Níl an seó feicithe agam ar chor ar bith, ach bhí sé thar a bheith diúltach i leith gach gnéith den teanga agus den cultúr agus bhí sé beagánín maslach i leith na gaeilgeoirí a bhí i láthair agus i leith daoine atá i ndiadh éacht a dhéanamh i dtaobh an teanga.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cheap mé go raibh an clár deireanach den tsraith seo ana-shuimiúil agus an-mhaith, bhur mbarúil?

    Bhí sé go hiontach Manais (Gaeilge Mhanann) a chloisteáil, bhí sé chomh cosúil leis an nGaeilge, ar fheabhas!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Poll Dubh wrote: »
    Ach tá mé tar éis féachaint ar a shuíomh agus is deacair Gaeilge a aimsiú ann. Is dea-shampla é d'fhimíneacht.

    Tá seó ar an raidio aige i mBéarla, agus leabhar scribhte aige i mBéarla chomh maith le alt ins an Irish Times. Déarfainn go bhfuil nios mó ghnó aige tri Bhéarla ná a bhfuil tri Ghaeilge, ni fimineacht é sin, fiu ag tabhairt an seó faoi dearadh.

    Rud greannmhar faoi saothar Mhancháin: scriobh sé alt don Guardian faoin teideal "Cá bhfuil na Gaeilgeoiri?" agus fhoilsiodh an alt chéanna ins an Irish Times faoin teideal "Where Are All The Irish Speakers?". Tá an domhain go léir bun ós cionn...


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    leaids

    nil ach cupla daoine le gaeilge
    cinnte go bhfuil rudai deannta aige tri bearla


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    D'fhéach mé ar an gclár deireanach agus rinne Maicín jab maith go leor den chuid is mó. Ach, ag deireadh an chláir áfach, léirigh sé a fhíor-dhúchais. Cén chaoi a chríochnaigh sé an tsraith? Bhuel, chuaigh sé síos ar a ghlúine ag tabhairt ómós magaidh do Hector mar phríomh laoch na nGaeil na linne seo. Ansin le hosna shrónach d'imigh sé leis le grainc ar a aghaidh. An taon rud a léirigh sé dom ná go bhfuil sé gan dabht ina bharraí postúil ceart.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    D'fhéach mé ar an gclár deireanach agus rinne Maicín jab maith go leor den chuid is mó. Ach, ag deireadh an chláir áfach, léirigh sé a fhíor-dhúchais. Cén chaoi a chríochnaigh sé an tsraith? Bhuel, chuaigh sé síos ar a ghlúine ag tabhairt ómós magaidh do Hector mar phríomh laoch na nGaeil na linne seo. Ansin le hosna shrónach d'imigh sé leis le grainc ar a aghaidh. An taon rud a léirigh sé dom ná go bhfuil sé gan dabht ina bharraí postúil ceart.

    Cheap mé go raibh sé sin greannmhar


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Bhí fear a oibríonn liom ar an chlár. Chuir sé an mileán ar na múinteoirí. Is múinteoir gaeilge í an cailín atá aige. :D Pleidhce.

    Chonaic mé iad ag déanamh an chlár i nGaillimh, shocraigh mé sráid eile a thógáil tharastu. Tá an ghráin orm ar Mancán.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá agallamh le Al Gore na Gaeilge an mhí seo i nós*

    http://www.nosmag.com/eagrain/eagrain.html


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    D'fhéach mé ar an gclár deireanach agus rinne Maicín jab maith go leor den chuid is mó. Ach, ag deireadh an chláir áfach, léirigh sé a fhíor-dhúchais. Cén chaoi a chríochnaigh sé an tsraith? Bhuel, chuaigh sé síos ar a ghlúine ag tabhairt ómós magaidh do Hector mar phríomh laoch na nGaeil na linne seo. Ansin le hosna shrónach d'imigh sé leis le grainc ar a aghaidh. An taon rud a léirigh sé dom ná go bhfuil sé gan dabht ina bharraí postúil ceart.

    Aontaím go gcuireann sé é féin i láthair mar dhuine postúil, ardnósach.


  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge


    Táim díreach tar éis breathnú ar an clár deireanach de Nó Béarla 2 agus cuir sé isteach go mór orm nuair a chríochnaigh sé an tsraith mar sin. Tá an cuid gaelgeoiri ann nach aontaíonn le Hector ach ní féidir le duine ar bith a rá nach bhfuil sé tar éis éacht a bhaint amach don stáisiúin náisiúnta gaelach agus don teanga. Tá sé tar éis an taobh gnéasach don teanga a cruthú agus fiú muna thaitníonn sé leat ní féidir le éinne bheith chomh drochbhéasach sin do.

    Chonaic mé Manchan amuigh i UCD cúpla seachtain ó shin chomh maith agus labhair me leis faoi cúpla de na fadhbanna atá agam leis an seo. Cuir ceann de mo cháirde ceist air faoin tuaraim atá aige ar saol an teanga- dúirt sé gur cuma leis má faigheann an teangá bás. Cuir sé sin isteach go mór orm- is léir i mo thuaram féin go bhfuil sé díreach ag lorg conspóid chun aird a tharraingt air.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Táim díreach tar éis breathnú ar an clár deireanach de Nó Béarla 2 agus cuir sé isteach go mór orm nuair a chríochnaigh sé an tsraith mar sin. Tá an cuid gaelgeoiri ann nach aontaíonn le Hector ach ní féidir le duine ar bith a rá nach bhfuil sé tar éis éacht a bhaint amach don stáisiúin náisiúnta gaelach agus don teanga. Tá sé tar éis an taobh gnéasach don teanga a cruthú agus fiú muna thaitníonn sé leat ní féidir le éinne bheith chomh drochbhéasach sin do.

    Déarfainn go bhfuil éad ar Mhanchán bocht! :D Bhí cláracha taistil á ndéanamh aige siúd ó thús TG4 ach níor tugadh leath den aird chéanna orthu is a tugadh ar chláracha Hector.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá sé tar éis an taobh gnéasach don teanga a cruthú

    Sharon Ni Bheoláin an t-ainm atá á lorg agat ansin, a mhic ó.


Advertisement