Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Iarsmaí seandálaíochta suntasacha tar éis stop a chur le tógáil an M3

  • 01-05-2007 06:43PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    An scéal anseo. Bhí sé craiceáilte go ndeachaigh cúrsaí chomh fada leis seo, or rud é go raibh a fhios acu go mbeadh an oiread sin rudaí luachmhara faoin talamh ansin. :rolleyes:


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Caithfidh mé dul go dtí Teamhair go luath, fad is atá sé fós saor ó fuaim tráchta. An t-aon rud is dócha go gcuirfeadh stop leis an mbóthar ná go dtagann siad ar ola.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Níl aon fháth a bheith buartha tá Dickín de Roche ar an gcás.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Céard a tharlóidh anois, mar a dúirt tú fhéin a Mhúinteoir bhí a fhios acub go mbeadh a leithéid ann, ach an gciallaíonn sé seo go mbeadh an bealach athraithe ó Teamhair.
    Tá sé ag goill go mór orm inniu, an fhíric nach bhfuil muid in ann aon rud a dhéanamh faoi agus is féidir lena Gaimbíní siúd i bhFianna Fáil a bheith ag leanúint ar aghaidh ag scriosadh ár dtír is ár n-oidhreacht!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Níl na Glasaigh chun dada a dhéanamh faoi seo ach an oiread. Tá siad chun na conarthaí atá ann faoi láthair a chomhlíonadh má théann siad i mbun rialtas.

    http://www.greenparty.ie/en/policies/transport


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    Níl na Glasaigh chun dada a dhéanamh faoi seo ach an oiread. Tá siad chun na conarthaí atá ann faoi láthair a chomhlíonadh má théann siad i mbun rialtas.

    http://www.greenparty.ie/en/policies/transport

    Is cás eisceachtúil é an M3 i ndáiríre.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Bhuel, bhuel....bhuel

    Deirtear go bhfuil an t-ionad is nuaí seo cosúil le Stonehenge thar i Sasana, ach go raibh sé déanta as adhmad seachas cloch.

    Agus mar gheall ar an bhfíric go raibh sé déanta as adhmad, deirtear, go bhfuil sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí dá bharr.
    is iarsmaí annamh é


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »

    Cinnte, is cás eisceachtúil é ach leanann tógáil ar aghaidh ag áiteanna eile ar an mótarbhealach. An bhfuil an méid atá le rá ag Cuffe polasaí oifigiúil an pháirtí? An mbeadh siad chun deireadh a chur leis an M3 má fhaigheann siad an seans? Cé fios. Níl aon geallúint soiléir sa fhorógra toghcháin an pháirtí.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    Bhuel, bhuel....bhuel

    Deirtear go bhfuil an t-ionad is nuaí seo cosúil le Stonehenge thar i Sasana, ach go raibh sé déanta as adhmad seachas cloch.

    Agus mar gheall ar an bhfíric go raibh sé déanta as adhmad, deirtear, go bhfuil sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí dá bharr.
    is iarsmaí annamh é

    Chuala mé ar an nuacht go bhfuil drochbhail ar an suíomh tar éis na blianta d’fheirmeoireacht sa cheantair.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    cuireann Ó Gormghaile a ladar isteach sa scéal, buíochas le Dia.

    http://www.rte.ie/news/2007/0627/tara.html


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote:
    cuireann Ó Gormghaile a ladar isteach sa scéal, buíochas le Dia.

    http://www.rte.ie/news/2007/0627/tara.html

    Ta an chuma ar an sceal go bhfoilseoidh se go leor de na doicimeid seandalaiochta a chuir an Roisteach faoi chois roimhe seo, chomh maith. Ta Seainin chun raic cheart a thogail maidir leis an mbothar seo! :D Mo ghraidhn e!

    (Mo leithsceal as easpa na sinti fada. Nil siad ag obair ar an riomhaire airithe seo)


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Níl mé chomh dóchasach, faraor, tá an margadh déanta leis an diabhal agus ní fheicim aon dul as. :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Beidh sé ana suimiúil má thagann siad ar áit eile stairiúil... Beidh go leor brú ar Gormley ansin, agus gan daubt beidh an cumacht aige ansin!


Advertisement
Advertisement