Insect Overlord Moderator
#1

Athbhliain faoi mhaise daoibh, a chairde Gael.

Ionas nach bhfaighidh an fóram seo bás go ró-luath, cheap mé go mbeadh sé go deas cupla snáithe nua a thosnú. Beimid in ann smaointe fánacha a chur anseo gan an iomarca stró.

Insect Overlord Moderator
#2

Mar sin, ceann bog éadrom chun tosnú!

Táim leath-mharbh leis an fliú faoi láthair, ach fós ní féidir a bheith buartha nuair a thagann an cat isteach. Is í Kitty an t-ainm atá uirthi, agus tá sí go gleoite.

1 person has thanked this post
An Riabhach Registered User
#3

Chuir turas go Baile Átha Cliath agus Sléibhte Chill Mhantáin gliondar orm cúpla lá ó shin.
Bhí mo 40ú lá breithe á ceiliúradh agam an deireadh seachtaine seo caite.

Tá súil agam go bhfuil tú ag aireachtáil níos fearr anois!

1 person has thanked this post
Carawaystick Registered User
#4

Chonaiceas na fograí nua a chur Comhairle Condae Fhine Gall suas faoin spás meadar go leith is ceart go bíodh ann idir carr agus duine ag rothaíocht

1 person has thanked this post

Want to share your thoughts?

Login here to discuss!