mediaeval Registered User
#1

Bhí mé in Ionad Deirbhle in Each Léim i nGaeltacht Mhaigh Eo cúpla mí ó shin, agus bhí leabhar sa taispeántas a bhí acu darbh ainm 'lá na cúirte' le Cú Culainn. An bhfuil fhios ag éinne cén áit a bheadh mé in ann cóip a fháil? Foilsíodh é i 1925. Níl sé ar fáil ar abebooks.

#2

Mara bhfuil sé le fáil ar abebooks, is dócha ná faighir in aon áit é. Do bheadh sé i bhfad níos éasca dul go leabharlainn agus é ' chóipeáil ansan má leogtar duit é. Nú íomhátha a dhéanamh de ar do fón póca.

mediaeval Registered User
#3

Is féidir cóip a fháil ar eBay, ach ní fhaca mé fós é. Tá “search agent” déanta agam ann.

craoltoir Registered User
#4

Seo roinnt eolais faoi Choláiste Bhríde (a d'fhoilsigh an leabhar)

Sa bhliain1912, bhí Ó Méith ina limistéar Gaeltachta saibhir le cainteoirí dúchais Gaeilge, chomh maith lena chanúint áitiúil féin, amhráin, fhilíocht agus chustaim traidisiúnta. Bunaíodh Coláiste Bhríde mar choláiste samhraidh Gaeilge in Ó Méith sa bhliain 1912 agus lean sé ar aghaidh go dtí gur athraíodh láthair an choláiste go Rann na Feirste i dTír Chonaill, sa bhliain 1926. Chuir an coláiste go mór le hoidhreacht na Gaeilge agus athnaítear a thábhacht fós, sa lá atá inniu ann agus go bhfuil imeachtaí comórtha ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid thábhachtach chultúrtha seo.

http://www.omeath.ie/cb100/

Want to share your thoughts?

Login here to discuss!