mo_dhuine Registered User
#1

Ba mhaith liom,agus ba chóir dom, buíochas a ghabháil do lucht na stáisiúin sin as an méid cúnamh a thugann siad dom,agus mé ag foghlaim an Ghaeilge,nó ag cur snas air.Is breá liom RnaG,ó thaobh chaint,ceol agus spórt,éisteann mé leis i gcónaí.Go raibh fada buan sibh!

2 people have thanked this post
CrabRevolution Registered User
#2

Is stáisiún íontach é gan amhras, tá siad i gcónaí ag cuir iontas orm leis an méid aíonna suimiúla atá acu. Níl aon suim agam sa cheol traidisiúnta agus mar sin tá cúpla cláir acu nach féídir liom éisteacht leo ar chor ar bith.

Is stáísiún breá é Radio na Life freisin, cé nach bhfuil an buiséad nó na hacmhainní céanna acu.

craoltoir Registered User
#3

Dar ndóigh is féidir éisteacht le podchraoltaí agus míreanna ó chláracha ó na stáisiúin éagsúla (RTÉRnaG, Raidió na Life agus Raidió Fálte) ar Soundcloud. Craolann siad ar fad ar-líne chomh maith. Dar ndóigh is craoltóirí deonacha den chuid is mó a bhíonn ar na stáisiúin phobail (RnaL agus RF) agus braitheann caighdeán na gcláracha ar an talann a thagann chucu.

An Riabhach Registered User
#4

Ardmholadh tuillte ag Raidió Na Gaeltachta i gcónaí.Is breá liom bheith ag éisteacht leis an stáisiún seo.Dúisíonn Gráinne agus na fuiseoga mé gach maidin!!

Want to share your thoughts?

Login here to discuss!