DeBrugha Registered User
#16

Níl - tá's am thú ar aon chaoi a chomrádaí )

culabula Moderator
#17

conor.hogan.2 said:
Tá an Ghaeltacht ag fáil báis, níl an Gaeilge ag fáil báis.

Má tá an Ghaeltacht ag fáil bháis, tá deireadh leis an Ghaeilg fosta.

Ní fiú bheith ag caint is ag comhrá agus ag smaointeamh i mBearla ach fríd fhocail aisteacha -cén mhaith?

culabula Moderator
#18

Gumbi said:
Is oth liom é a rá, ach tá Sceilp mhór saibhris caillte 'gainn cheana féin leis na blianta anuas.

Ach 'fad 's atá daoine leis an bpaisean acu fós á labhairt 's á scapadh, beidh seans aici fós.

Oh, yeah, fck you auto-correct ar m'iPhone! Ag milleadh na bhfocal agus iad á scríobh agam Ba dheacair an rud é é seo a phóstáil. 'Bhfuil focal ag éinne anseo a bhfuil an bhrí "tedious" leis?

Ní teangaidh oifigiúil í an Ghaeilg ar iOS; mar sin ní ar an iPhone atá an locht ar chor ar bith.

Má's mian leat scriobh i nGaeilg ar d'iphone gan stró bíodh súil ghéar agat NÓ cuir AS "autocorrect" inns na settings, nó tá sé cinnte go bhfuil roghnaithe agat "English" nó "British English" cheana féin mar theangaidh chorais.

1 person has thanked this post
Icarus Wings Registered User
#19

culabula said:
Má tá an Ghaeltacht ag fáil bháis, tá deireadh leis an Ghaeilg fosta.

Ní aontaím leat culabula! Chomh fada le m'eolas, níl aon riail ann ag rá go gcaithfidh tú a bheith sa Ghaeltacht chun an teanga a úsáid!

Níl an teanga ag brath ar an Gaeltacht agus ceapaim go bhfuil sé seo fíor le fada an lae. Cúpla bliain ó shin, dúirt fear amháin liom (a bhí ina chónaí i gceantar áirithe sa Ghaeltacht) nár bhain aon duine sa cheantar úsáid as an teanga, seachas nuair a bhí turasóirí timpeall na háite!! Is mór an trua é nach raibh sé ag pleidhcíocht...

Má bhíonn daoine buartha faoin teanga agus an todhchaí, ná bí ag féachaint ar an rialtas nó aon chumhacht eile chun lámh chúnta a thabhairt! I m'áit chónaithe (ní chónaím sa Ghaeltacht), buaileann roinnt daoine le chéile i gciorcal comhrá gach seachtain agus bíonn an grúpa ag fás i gcónaí. Tá sé de dhualgas ar gach duine againn a bhíonn ag úsáid an teanga faoi láthair í a chosaint don todhchaí!

Gumbi Registered User
#20

Ach caithfear géilleadh, ar a laghad, go gcuireann an Ghaeltacht go mór le saibhreas ná teanga. Caillfear é seo, agus níos mó arís (ó thaobh na canúinte de, mar shampla) má fhaigheann sí bás.

Aontaím go gcaithfimidne an iarracht a dhéanamh, is nach ceart dúinn a bheith brath ar dhaoine eile (an rialtas, ná fiú amháin an Ghaeltacht), ach ba cheart an pointe thuas a bheith ráite.

Icarus Wings Registered User
#21

Gan amhras, dhéanfadh sé dochar fhaigheann sí bás ach tá an Ghaeltacht ann fós! Níl a port seinnte! B'fhéidir nach bhfuil sí chomh láidir ná riamh, ach tá seans againn rudaí a athrú...

Ó thaobh saibhreas na teanga de, is rud teibí é sin atá an-deacair a mhíniú. Athraíonn teangacha i gcónaí - féach ar an Béarla ("Ye Olde" Béarla go dtí an "txt-talk" atá againn anois, mar shampla).

Is aoibhinn liom an Ghaeilge agus na rudaí a bhaineann léi! Aontaím go gcaithtear fadhb a aithint chun í a réiteach ach cén teachtaireacht a fhaigheann cainteoirí nua nuair a chloiseann siad daoine sna meáin ag rá go bhfuil an Ghaeilge marbh nó, ar a laghad, ag fáil bháis?

Ba mhaith liom suim a chothú sa teanga dhúchais, ach an bhfuil sé sin neamhréadúil? Ceapaim nach bhfuil sé...an bhfuil mé as mo mheabhair?

(Ná freagair an cheist deireanach...tá chúis ann go bhfuilim ag caint i dTeach na nGealt!! )

#22

Icarus Wings said:

Aontaím leat. Is thread leadránach é seo! Agus nach féidir linn rudaí a phlé as Gaeilge nach mbaineann go díreach léi? Sin rud a chothóidh suim sa teanga do dhaoine atá á labhairt i mo thuairim. Is teanga beo í! Cá bhfuil na threads a bhaineann le fadhbanna pearsanta, tuairimí conspóideacha, na meáin agus a leithéad?

2 people have thanked this post

Want to share your thoughts?

Login here to discuss!